2019-05-14

Haiku le Issa ón mbliain 1808

Hugh Hamilton
Cad a bhí ag titim amach i measc na nGael sa bhliain 1808?

Cailleadh Charles Henry Wilson, scríbhneoir agus aistritheoir faoina ndúradh

 '... a youth of promising genius who afterwards repaired to the great theatre of Irish talent and Irish disappointment, London; where in essaying “To climb the steep where Fame’s proud temple shines afar” he sunk, like most of his countrymen, unnoticed and unknown.’ 
Rugadh Roibeard Mac Ádhaimh a ndúirt Breandán Ó Buachalla faoi:
"Is é is túisce a chuimhnimh ar bhéaloideas na ndaoine a bhailiú, bíodh nár bronnadh an onóir sin air; is é is túisce a chuimhnimh ar “athbheoughadh na teanga” bíodh nach bhfuil an chreidiúint sin tabhartha dó – eisean dáiríribh, “The First Gaelic Leaguer”. Laoch agus fathach fir ab ea an fear seo – laoch agus fathach a ligeadh i ndearmad is i ndíchuimhne ámh."
 
Cailleadh Hugh Hamilton, ealaíontóir:

Agus thall sa tSeapáin, chum Issa an haiku seo:

tá an lá istigh  . . .
dos na daoine
agus dos na fir bhréige

.人に人かがしにかがし日の暮るる

hito ni hito kagashi ni kagashi hi no kuru[ru]