2019-05-20

Haiku le Issa ón mbliain 1809

Cad a bhí ag titim amach in Éirinn sa bhliain 1809?

Foilsíodh A General Collection of the Ancient Music of Ireland de chuid Edward Bunting.

Cailleadh Edward Lysaght a chum 'Cait ó Gharrán an Bhile':

An raibh tú riamh i nGarrán a' Bhile?
Nó an bhfaca tú i nGarrán a' Bhile
Suaircbhean óg
Na gcuacha óir -
Is í Cáit mo stór i nGarrán a' Bhile ...

Cailleadh Tomás Ó Gormáin faoina ndúradh,

'one of the two hundred Irish officers in the French army who in 1779 offered their services to the United States in the war against England.'

Agus thall sa tSeapáin, chum Issa an haiku seo:

cibé rud a tharlóidh
beidh an Búda ann duit -
a sheilide

.ともかくもあなた任せかかたつぶり

tomokaku mo anata makase ka katatsuburi