2019-06-22

Réamhsceitse mar gheall ar theanga

Id’ theangasa is ar an taobh eile a chuirtear tús le gach líne. Athraíonn fuaimniú na bhfocal ó lá go hoíche agus athraíonn an litriú de réir na séasúr. Tagann focal nua isteach ar lá speisialta éigin agus ar laethanta eile téann gnáthfhocal as feidhm. Athraíonn cruthanna litreacha de réir mar a athraíonn tú do chuid éadaigh. Ní dhéanann tú iarracht dá laghad ar fhocail atá brúite, mar gur shatail tú orthu gan smaoineamh, a chur le chéile arís, mar níl teanga níos saibhre ar domhan ná do theangasa. Tá focal ar leith id’ theangasa ar an gcéad phóg, an dara póg agus líon póg ar bith. Dá gcuirfeadh aon ní ag gol thú, bháfaí gach leabhar ar domhan a scríobhadh riamh i do theangasa.

Afzal Ahmed Syed