2019-07-27

Déanaigí Machnamh Air Seo, a Fhilí

cá bhfuil éigse na ceannairceachta uainn,

                 éigse an dúshláin ionraic

gan eagla uirthi roimh bhréaga na bpolaiteoirí proifisiúnta is lucht gnó,

gan urraim d’iriseoirí a bhreacann síos

béarlagair gan smaoineamh cóir laistiar de

gan taighde gan dul faoin dromchla

rud a éilíonn caint ar chogadh?

Cá bhfuil éigse an amhrais is an drochamhrais

neamhspleách ar an stát, ar easpaig is ar shagairt

neamhspleách ar an gcleas álainn is geallúintí amach san oíche

neamhspleách ar thionchar, ar neamhinniúlacht is ar sheafóid lucht ollscoile?

Haki Madhubuti