2019-07-20

PÓG NA BEATHA: SÚIL SIAR







ANOIS 21-22 Deireadh Fómhair 1995 lch 10

Bíonn ar a laghad smaoineamh buile amháin agam sa lá. Sílim nach bhfuil Éire ullamh fós chun 'díleá' a dhéanamh ar leath acu. Ach tá goile níos mó ag na Gearmánaigh. Mar sin nuair a iarradh orm teacht go Köln agus páirt a ghlacadh i rud ar a dtugtar 'Dialogfeld' – gort cumarsáide? – agus a athbhaisteadh ina 'Intertalk' bhí fhios agam ón dteideal nach léamh ná léacht a bhí ag teastáil ach 'tarlú' de shaghas éigin agus sin é díreach an rud a cuireadh ar fáil.

Beagán faoin gcúlra i dtosach. Tarlú leanúnach thar thréimhse a bhí i gceist agus amach san earrach a chuirfí an pacáiste fístéipe le chéile mar aonad. Páirteach sa tarlú leanúnach fadtréimhseach seo tá Cap Grundheber, ealaíontóir a bhfuil cónaí uirthi in Köln, agus Abdoulaye Soumaré, ealaíontóir, scríbhneoir agus fealsamh as Seineagáil.

fit
fa ro diakarlo ak boromam,
di fa diubali bat ti turam,
diam fa ak beti maf,
diurom niara yon,
ngir diamono yoki tankam
Sa léaráid thuas feictear dán de chuid Soumaré ina theanga dhúchais, Wolof. B'éigean domsa scata de na dánta sin a aistriú go Gaeilge, via an Ghearmáinis ar ndóigh, agus is mar a leanas an dán áirithe sin, 'Saighead', sa Ghaeilge
Saighead
Nuair a fhaigheann an t-anam
spléachadh ar an tsíoraíocht
agus nuair a chrochtar suas
iomainn chun glóire Dé
ba chóir duit súile an fhiolair a aimsiú
seacht n-uaire
chun go mbeadh do chéim ar eite.
Páirteach san tarlú freisin tá Philip Corner ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, ceoltóir, agus cumadóir. Seinneann sé go leor uirlisí neamhghnácha, ina measc an t-alpchorn. 

Is é a bhí mar pháirtí agam féin ná Jürgen Schneider ar leis an Galerie Caoc i mBeirlín. Nach ceart séimhiú a bheith ar an bhfocal sin 'Caoc,' a deirim leis? Ach nílim dall go hiomlán, a deir sé, leathshúil liom atá fabhtach.

'Póg na Beatha' a thugamar ar an tarlú seo againne sa Schauraum, Vondelstraβe, Köln. Rinneadh físeán dem bhéalsa agus sé fhocal déag á bhfuaimniú agam. Focail is ea iad a bhfuil bríonna deasa tugtha ag an Duinníneach dóibh agus bhí a fhios agam go dtaitneoidh a an sainmhíniú leis na Gearmánaigh.: iomas gréine; donn; gealach; buarach bháis; meann; aingeal; péicín; drúichtín; bearadóir; athlaoch; amainiris; seicimínín; seala; sleith; gabhairín; ullastráth.

Bhí na focal sin priontáilte ar bhallaí bána an ghailearaí – agus iad le cloisteáil ar an monatóir. 

I lár an tseomra bhí teachíní beaga ceann tuí greamaithe de chuaillí miotail. Sin í an íomhá d'Éirinn atá ag na Gearmánaigh, a dúirt Herr Schneider. Níl a fhios agam cár deineadh na teachíní Éireannacha sin, Singeapór nó Hong Cong b'fhéidir. Teachíní lámhdhaite a bhí iontu, más fíor.


Kölsch

Bhí sé ag druidim le ham oscailte. Buidéil Kölsch á dtógáil amach as an gcuisneoir. Kölsch is ea an bheoir áitiúil – agus an gcanúint áitiúil chomh maith!
Tháinig spéirbhean isteach – an saghas a moladh Eoghan an Bhéil Bhinn ina chuid aislingí. Shuigh sí ar a gogaide. 'Ich hab' einen ganz schwere Tag gehabt,' ar sise. 'Ich auch,' a deirimse, 'mo dhála féin.'

Bhí a fhios agam nach ag tarraingt feamainne a bhí sí. Thóg sí píosa dóp as a mála, chuir jadhnt le chéile go gasta ealaíonta agus thosaigh á chaitheamh.
Faoin am seo bhí Schutzanzug – forbhríste indiúscartha de pháipéir bán – orm féin agus ar Schneider agus Póg na Beatha priontáilte ar an gcúl.

'Jetzt fängt es an,' – arsa cara Schneider, Klaudia – cuirtear tús leis an seó. 'Bist du nervös,' arsa Eva, spéirbhean an dóip liom, 'bhfuil tú neirbhíseach?'.

'Táim buartha faoin ndréimire,' arsa mise léi as Kölsch.

In airde liom féin ar an dréimire. Cuireann Schneider béaldath ar mo bheola. Tá carn leabhar Gaeilge sa chúinne – 100 leabhar, siombal den líon leabhar a fhoilsítear sa Ghaeilge in aghaidh na bliana. Pógaim na leabhair go léir, go sollúnta, sliocht fánach á léamh agam, béaldath úr á chur ar mo bheola ag Schneider gach ré seal. Ionadaí ó Ambasáid na hÉireann i láthair, a dhá súil ar bior, a béal ar leathadh.

Agus sin agaibh cuntas cruinn ar anm tarlú Póg na Beatha in Köln. D'imigh Eva, an spéirbhean go luath. Níl a fhios agam cad a shíl sí den tarlú. Seans nach raibh an dóp sách láidir...


Príomhstáisiún traenach Köln
ARDÁN sciomartha
sss- sleamhnaíonn na colúir

Seala: a ration of four eggfuls of honey.
Gabhairín: potatoes sold secretly by children for pocket money.
Seicimínín: the belly-skin that falls down, in well-fed geese, between the legs.
Sleith: carnal intercourse with a woman without her consent or knowledge.
Ullastráth: the day before the day before yesterday.
Bearadóir: a prober – one who probes for bogwood by means of an iron bar or spike, with a wooden handle; the prober having stuck the bar into the bod applies his teeth to the timber handle to detect the bog-wood.
Donn: a prince, a chief, a judge; the name of a fairy inhabiting the sandbanks off the Clare coast. Dar Donn, by Jove.
Iomas gréine: sun-inspiration, a sun-bubble caused on herbs which if eaten gives the gift of poetry.
Gealach: light, brightness, moonlight, the moon; the white circle in a slice of half-bolied potato, turnip; frenzy; madness
Meann: stuttering; surname Minn (Kuno Meyer found a large percentage of stutterers amongst people of this name in Liverpool).
Péicín: Ullage; old man; the froth of porter collected in some public houses and mixed with fresh liquor.
Aingeal: an angel; a burnt out cinder taken from the fire, sometimes given in their hands as protection to children going out at night.
Drúichtín: a light dew; a dewdrop; a species of small whitish snail, a slug; on May mornings girls discovered the colour of the hair of their future husbands from the shade of colouring of the first drúichtín they found.
Athlaoch: one who becomes a monk in very old age.
Amainiris: the day after tomorrow
Buarach bháis: an unbroken hoop of skin cut with incantation from a corpse across the entire body from shoulder to footsole and wrapped in silk of the colours of the rainbow and used as a spancel to tie the legs of a person to produce certain effects by witchcraft.