2019-08-07

Na Briogáidí Idirnáisiúnta

Nach eol duit cérbh iad?
Nár éist tú, a mhacaoimh an iontais,
Nár éist tú leis na “scéalta”?
Nó an é nár chuala tú
I dtaobh na “mionchathanna” . . .?
Níorbh aon mhionchathanna iad ach éachtaí!
Ó, cén t-eolas atá agatsa ar na hógánaigh úd
A thug aghaidh ar an Spáinn ar an 7ú Samhain?
Calma lúfar a bhíodar.
Tá an Spáinn i mbaol, caithfear í a tharrtháil!
D’imíodar faoi na bratacha seo againne
Is throideadar linn
Gualainn le gualainn
Mar rósanna i ngaotha an áir do thit
Ar ár ndomhan leonta
Ina síolta torthúla ar thalamh a treabhadh go dian.
Nuair a chuala tú:

Jaen, Andujar, Teruel is Belchite.
Guadalajara, Siguenza,
Maidrid, Universitaria,
Casa de Campo agus Brunete…
Nár bhraithis lasracha id’ chuisle?
Is ann a bhí acu an bua, nó is ann
A d’fhágadar i gcró-locháin chuilitheacha
Ar chlaiseanna na gcnoc
Agus ar mhánna sléibhe
Fuil is colainn
Thaelmann is Rakosi,
Lincoln, Garibaldi agus Andre Marty, is Nanetti,
Beimler, is Lukacz, is Togliatti,
Agus Gallo is Hans is Walter
Agus Longo, is Carlos, an Ceannasaí.

Cinnte tá a fhios agat cé hiad!
Nach minic a chanais a ngaisce,
Gan smaoineamh mórán ina thaobh,
An t-amhráinín a deir:
“…An Cúigiú, an Cúigiú, an Cúigiú
An Cúigiú Reisimint,
Faoin gCeannasaí Carlos, is na milicianos ann
Gan eagla!”

An dtuigeann tú anois é?
Is í do mháthair atá á rá leat.
Iad siúd is a thuilleadh nach iad
B’in iad na hIdirnáisiúnaigh.
“Níl síth i ndán dúinn agus a fhios againn
Go bhfuil saoránaigh á ndúnmharú.”
“Ár n-onóir í saoirse na Spáinne
Idirnáisiúnta atá ár gcroí.”


Flor Cernuda - (Transcreated in Irish by Gabriel Rosenstock)