2019-09-30

Haiku le Issa ón mbliain 1818

an frog mór ar dtús...
suíonn siad go léir ansin
frog ar fhrog

.大蛙から順々に座とりけり

ô kawazu kara jun-jun ni za tori keri

2019-09-29

Féileacáin

Agus sinn ag fánaíocht trí ghairdín an ionaid tithíochta seo againne
Arsa mise le cara liom, gan fáth gan ábhar:
Ní fheictear a thuilleadh iad na laethanta seo, tá's agat,
Na féileacáin bhuí chomónta sin.
D'fhreagair sé go neafaiseach mé:
Níltear á ndéanamh níos mó.

Hemant Divate

2019-09-22

An duine nua

Tar más mian leat bualadh
leis an duine nua.
Tá a mhaoin shaolta
fágtha ina dhiaidh aige
agus mála an bhacaigh
ar a dhroim.
Ainm Chailí ar a bheola
fiú agus é á thumadh féin sa Ghainséis.

D’fhéadfadh an focal simplí
an t-aineolas agus an díchreideamh a shárú:
is ionann Cailí agus Krishna.
Ní hionann na focail –
ach is ionann a mbrí.
An té a bhfuil bac na mbriathra
briste aige
níl aon teorainn leis:
Allah nó Íosa, Maois nó Cailí
saibhir nó daibhir
saoi nó daoi
is mar a chéile iad go léir, dar leis.

É go domhain ina chuid smaointe,
is gealt é dar le cách.
Osclaíonn a ghéaga chun fáilte a chur
roimh an domhan
ag glaoch ar an uile dhuine go dtí an bád
atá feistithe le cósta na beatha.

le Bál gan ainm

Tugtar Trúbadóirí Dé ar na Báil (Baul) i mBeangál.


2019-09-21

Dán le Vijay Nambisan

Elizabeth Oomanchery


Chuaigh an banfhile mór le rá
Elizabeth Oomanchery
Go dtí siopa an chúinne
Chun builín aráin a cheannach.
Arsa fear an tsiopa, ‘Gabhaim pardún agat,
Tusa an banfhile mór le rá
Elizabeth Oomanchery
Nach tú?”
Mar sin chuaigh Elizabeth Oomanchery
Abhaile.

Shuigh Elizabeth Oomanchery
Ag an deasc aici tráthnóna amháin
Chun dán a scríobh di féin.
Arsa an dán, “Gabhaim pardún agat
Tusa an banfhile mór le rá
Elizabeth Oomanchery
Nach tú?”
Arsa
Elizabeth Oomanchery
“Is mé,”
Mar sin chuaigh an dán abhaile.

2019-09-20

Sri Ramana Maharshi

Níl sé i gceist
go mbeadh freagra ar an gceist
"Cé mise?"
Is é atá i gceist
leis an gceist
"Cé mise?"
ná an ceistitheoir
á leá.

2019-09-19

Dán leis an bhfile Gúisearáitise Dileep Jhaveri

ABHATÁR


Crainn na ndearg-bhréag,
duilleoga lasracha,
bláthanna luaithe.
Treoraigh mé, duine éigin, as an bhforaois seo.

Táim ar fán de shíor,
cúpla focal tais á iompar agam,
im’ bhacach ar chonair cheoch,
mo chosa gearrtha
ag soithí meirgeacha, tíleanna briste, béilí leath-chócaráilte,
giobal, scréachacha gan dídean, cnámha briste,
colainneacha cromtha a iompaíonn ina gclocha má leagtar lámh orthu.

Mé ar fán gach lá
im’ thaibhse dhom as am briotach éigin
nó dia dorcha anaithnid éigin
nach féidir a shásamh, stiúgtha,
nach n-aithníonn é féin
grian chaillte
nó an bás.
Treoraigh mé,
duine éigin
ó na coillte seo
de scátháin scoilte othrasacha púscacha loiscneacha
amach as an bhforaois seo.

Dileep Jhaveri

2019-09-18

Sri Ramana Maharshi

Tum an aigne ghlanta
sa Chroí.
Beidh an obair go léir thart ansin.
Croílár
gach disciplín spioradálta
is ea é sin.

2019-09-17

Nisargadatta

Fág i do dhiaidh é, é go léir léir.
Déan dearmad air.
Ar aghaidh leat
gan smaointe
mar ualach ort
ná creideamh.

2019-09-16

Haiku le Issa ón mbliain 1806:

Sa bhliain 1806, rugadh Johann Kaspar Zeuss faoina ndúradh,
'It must be rare for a nation to owe so much to one man as the Irish people owes to Johann Kaspar Zeuss...'
agus sa bhliain chéanna rugadh an scoláire Gaeilge Seán Ó Donnabháin.

Haiku le Issa ón mbliain 1806:


Lá breithe an Bhúda -
mionghealbhain ramhra
is a dtuismitheoirí


.灌仏やふくら雀も親連れて

kuwanbutsu ya fukura suzume mo oya tsurete


2019-09-08

Scamaill Mheisciúla

Ní thugann
na scamaill mheisciúla
teachtaireacht ar bith chugam
ó mo ghrá

Giob-geab
na bhfroganna
na bpéacóg
na n-éan fiabhrais
canann
an chuach

Scalann tintreach
sa dorchadas
tá sceimhle orm
tá gá agam Leis

Fionnuar ceolmhar
í an ghaoth
an spéir
ina criathar

A Thiarna
cá bhfuilir

Nimh
i m’fhéitheacha é
gan Tú bheith i láthair

Mirabai

   
   
   

2019-09-07

2019-09-06

I bhfocail Gandhi

Má tá rud éigin idir lámha agat,
dein le grá é, nó ná bac leis

Is féidir croitheadh séimh
a bhaint as an domhan

Níl bacainn dá mhéad
nach mbrisfeadh an grá í

An tséimhe, an fhéiníobairt
agus an fhlaithiúlacht,
ní bhaineann siad le haon chine
ná le haon chreideamh ar leith

Conas a bhainfidís
ár bhféinmheas dínn mura
dtabharfaimid dóibh é

Sonas is ea an méid atá ar d'aigne,
an méid atá á rá agat
agus an méid atá á dhéanamh agat - 
ag teacht le chéile

Creid sa chine daonna i gcónaí.
Aigéan atá sa chine daonna;
má tá cúpla braon salach san aigéan,
ní shalóidh sé sin an t-aigéan

Cuir ceangal na gcúig gcaol orm,
céas mé,
déan an cholainn seo a chreachadh fiú,
ach ní chuirfear m'aigne
i gcarcair choíche

Pléisiúr a thabhairt do chroí amháin
le haon ghníomh amháin,
is fearr go mór é
ná míle ceann cromtha ag guí

Ba chóir do dhuine
dearmad a dhéanamh
ar a chuid feirge
sula dtéann sé a luí

Léiriú ar shochaí ar bith
is ea an tslí a gcaitear
leis na daoine
is mó atá i bpriacal

Tá níos mó sa saol seo
ná cur lena luas

   
   

2019-09-05

Briathra an Bhúda

Sukhā matteyyatā loke,
atho petteyyatā sukhā,
sukhā sāmaññatā loke,
atho brahmaññatā sukhā.
          
Éist leis an mbun-Pháilis:
http://download.pariyatti.org/dwob/dhammapada_23_332.mp3

 

Is inmholta duit sa saol seo fónamh do do mháthair,
is inmholta duit fónamh do d'athair,
is inmholta duit fónamh do na manaigh is do na mná rialta,
agus is inmholta duit fónamh do na naoimh.

2019-09-04

Nick Drake - Gadhar Dúshúileach (Black Eyed Dog)


Gadhar Dúshúileach

Gadhar dúshúileach tháinig chugam
Gadhar dúshúileach bhí tuilleadh uaidh
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar dúshúileach d'aithin mé
Gadhar na súl dubh
Gadhar na súl dubh

Ag dul in aois is fonn orm dul siar
Ag dul in aois is gan aon teacht aniar
Ag dul in aois is fonn orm dul siar

Gadhar dúshúileach tháinig chugam
Gadhar dúshúileach bhí tuilleadh uaidh

Black Eyed Dog

A black eyed dog he called at my door
A black eyed dog he called for more
A black eyed dog knew my name
A black eyed dog knew my name
A black eyed dog
A black eyed dog.
I'm growing old and I want to go home
I'm growing old and I don't want to know
I'm growing old and I want to go home.
A black eyed dog he called at my door
A black eyed dog he called for more.

2019-09-03

Nick Drake - Spraoi na maidine (From The Morning)



Spraoi na Maidine

Do gheal an lá, is bhí sé go hálainn
Do gheal an lá ar an bhfód
An oíche do thit
Is bhí an t-aer go hálainn
Thit an oíche anallód.

Is féach ar an lá
Na dathanna go brách
Téir is foghlaim an cluiche sin -
Spraoi na maid'ne

Is éirímid
Táimid i ngach aon bhall
Táimid ag éirí ón bhfód
Í ar eití
Tá sí i ngach aon bhall
Tá sí mar pheiteal róis

Ó, na radhairc 'tá romhat
Na hoícheanta go deo
Téir is foghlaim an cluiche sin -
Spraoi na maid'ne

From The Morning

A day once dawned, and it was beautiful
A day once dawned from the ground
Then the night she fell
And the air was beautiful
The night she fell all around.

So look see the days
The endless coloured ways
And go play the game that you learnt
From the morning.

And now we rise
And we are everywhere
And now we rise from the ground
And see she flies
And she is everywhere
See she flies all around
So look see the sights
The endless summer nights
And go play the game that you learnt
From the morning.

  

2019-09-02

Den Sutejo


bhfuil aicearra ann
trí na néalta -
a ghealach an tsamhraidh?

κόβεις δρόμο
μέσ' από τα σύννεφα -
θερινό φεγγάρι;

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2019-09-01

Mantra chun Bacainní a Shárú

Shree Vakratunda Mahakaya Suryakoti Samaprabha 
Nirvighnam Kuru Me Deva Sarva-Kaaryeshu Sarvada

 

A Thiarna Gainéis an trunca chasta
lasta ataoi mar mhíle grian!
Beannaigh mé le do thoil

i dtreo is nach mbeidh bacainn ar bith romham sa tslí.