2019-09-19

Dán leis an bhfile Gúisearáitise Dileep Jhaveri

ABHATÁR


Crainn na ndearg-bhréag,
duilleoga lasracha,
bláthanna luaithe.
Treoraigh mé, duine éigin, as an bhforaois seo.

Táim ar fán de shíor,
cúpla focal tais á iompar agam,
im’ bhacach ar chonair cheoch,
mo chosa gearrtha
ag soithí meirgeacha, tíleanna briste, béilí leath-chócaráilte,
giobal, scréachacha gan dídean, cnámha briste,
colainneacha cromtha a iompaíonn ina gclocha má leagtar lámh orthu.

Mé ar fán gach lá
im’ thaibhse dhom as am briotach éigin
nó dia dorcha anaithnid éigin
nach féidir a shásamh, stiúgtha,
nach n-aithníonn é féin
grian chaillte
nó an bás.
Treoraigh mé,
duine éigin
ó na coillte seo
de scátháin scoilte othrasacha púscacha loiscneacha
amach as an bhforaois seo.

Dileep Jhaveri