2019-10-21

ÍOMHAR


Is ciúin mar ghabhann an abhainn anseo in Íomhar,
Is cam atá an luachair ghlas faoi uisce,
Mar ghruaig bháite, scaoilte ina slaoda
lastall den chaise is lastall d'arraing.
Ó, dá rithfeadh ionamsa an abhainn go séimh,
An chora shuaite fágtha aici ina déidh
Is mo ghlúine a chamadh 'nós na luachra ciúine
Go nglacfainn tamall scíthe, tamall suain.


Dán le Molly Drake, máthair an amhránaí Nick Drake.