2019-11-30

Crainn

Seo ag rothaíocht mé lastall ded’ thighse,
suím ar gheata a fhéachann amach ar choinleach.
Do spád ag lonrú faoi ghrian an chósta
is tú ag gearradh trí do scáth
is trí fhód, isteach sa dúrabhán dubh méith; ársa,
scanrúil. Ciorcal néata gearrtha,
tú ag tochailt leat, deannach réaltaí á spré agat as mála.
An crann óg á choinneáil díreach agat, aislíonadh,
á dhaingniú led’ sháil. Doirteann
bogha ceatha as an gcanna spréite.
Allas á chuimilt agat de d’aghaidh, féachann tú suas.
Mé ag sméideadh, ach ní fheiceann tusa ach talamh
a thabharfaidh úlla fós
a fháiscfear ina cheirtlis, a ólfar
faoi scáth duilliúir. Fear a bhfuil crainn á gcur aige
níl sé chun a bhean a fhágaint,
is cuma cad deirir. Níl tú ag imeacht.

Sue Butler

2019-11-29

Fear Cánach


Seacht speal ina luí in aghaidh an bhalla.
Féasóg ar fhéasóg órga
An t-ualach deireanacha eorna
Á luascadh tríd an gclós.
An corc á bhaint as buidéil leanna ag béithe.
Fidil is cosa ag bogadh le chéile.
Ansin idir coinleach is fraoch
Marcach ar séirse.

George Mackay Brown


2019-11-28

Dán Grá ón India: Cead an Údair

Mahe Jabeen
díreach ansin
mar a tharlaíonn an fhilíocht
tagann sé
is tugann póg dom

ag iarraidh meadaracht a fháil
i bhfuaim na gcos aige
dúnaim mo shúile

plúchann
an óige mé

smaointe
a bhí á bhfoirmiú
ag dul amú

mo chuid íomhánna fileata
á gcreachadh gan taise gan trua

pógann grá gan mhasc mé
ar an gclár éadain lom
lonraíonn im’ shúile
go mealltach
a mhéar ar leiceann liom
ar chuar mo mhuiníl
tá amharc ar fara
is bogann mar leoithne

táim gafa ag éigse
gan bhriathra

foilsíonn beola an dán
le cead an údair


Mahe Jabeen

2019-11-27

Líonpheil

Ba chuma má mheas mo mháthair go rabhas mar rud éigin
a chuirfí ag fás i seomra dorcha nó gan mo chuid spéaclaí
go rabhas ar nós scallamáin is spotaí ar sceabha in áit na súl
a bhí tar éis titim as nead. Bhí an méid sin go léir ann ach ba chuma
sa sioc mar bhíos tar éis teacht ar líonpheil is ansin ní raibh ann ach
báine bhuile dhoiléir ceithre phéire dhéag de stocaí bána, deich bpónaí, an tsiosarnach leictreach is imirt foirne ann agus a ghealann seomra dorcha
gan díon, gan síleáil gan falla ar bith agus fonsaí ar foluain
ar nós dhá om ar crith.

Cheryl Follon

2019-11-26

Anon

Anaithnid
le chéile i gcónaí
in abhainn na súl -
Radha agus Krishna
always together
in the river of their gaze -
Radha and Krishna
aye thegither
i the watter o thair govein -
Radha'n Krishna

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
いつも一緒
川でも見つめ―
ラダーとクリシュナ(印度の神)

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-25

Ryokan

An saol seo againne -
ní thabharfainn samhail ar bith dhó
ach macalla
ina bhlosc trí na sléibhte
is amach trí fholús na spéartha


Notre vie en ce monde -
À quoi la comparer ?
Elle est comme un écho
Qui résonne à travers les montagnes
Et s'en va dans le ciel vide

Leagan Fraincise: D.Py

2019-11-24

Long

Tharla nach raibh ann
sa deireadh
ach báidín buachalla
ar loch na páirce áitiúla,
is mé ag siúl id’ theannta.

Ach chuas ar mo ghlúine
chun breathnú ar a theacht isteach,
an seol bán cúthail
is solas ómra tríd,
grian dhéanach
a dhein cré-umha buailte
den tonn a d’ardaigh í,

mo longsa ag teacht isteach
gona lasta áthais.

Carol Ann Duffy


2019-11-23

Fiáin

Inniu,
ar ár n-aistear abhaile,
chonaiceamar

clamhán
i mbun maraithe
ar chiumhais an bhóthair

tháinig sé ar foluain
trasna an ghaothscátha
is chuaigh ar a ghogaide

ar rud éigin –
ní fhacamar
cad a bhí ann -  na sciatháin

á bhfilleadh timpeall
ar ‘an gcreach’
mar a thug Lucas air.

Theastaigh uaidh a fháil amach
an bhfuadódh clamhán páiste,
nó cat;

ansin,
nuair a mhoillíomar chun breathnú air
theastaigh uaidh sásamh a bhaint

as an gclúmh
agus an loinnir fhiáin
ina shúil.

John Burnside

2019-11-22

Diùra

an glór & na tostanna
an teach solais & an gallán
an bóthar & an móinteán
na deora dé & an coll
an gairdín & an trá
na crécholúir & na gabhair fhiáine
an portach & an guairneán
an t-óstán & an fothrach
an bád farantóireachta & an grean
an glór & na tostanna

Ken Cockburn

2019-11-21

Corpáin in Kashi

An bhfuil Kashi feicthe agat?
Tagann is imíonn corpáin ann
ar an mbóthar céanna

Agus cad mar gheall orthu?
Tiocfaidh corpáin
imeoidh corpáin

Fiafraigh ansin, cén corpán é seo?
An é Rohitashva é? Dhera, ní hea
ní fhéadfadh gurb é Rohitashva atá i ngach corpán

Aithneoidh tú a chorpán
i bhfad uait
agus mura n-aithneoidh

Aithneoidh tú gar dhuit é
agus mura n-aithneoidh ansin
ní hé Rohitashva atá ann

Agus más ea féinig,
cén difríocht
a dhéanfaidh sé?

A chairde, tá Kashi feicthe agaibh
áit a dtagann is a n-imíonn corpáin
ar an mbóthar céanna

Agus ní dhearna sibh ach an méid sin –
slí a dhéanamh dóibh agus a rá,
Cén corpán é seo?

Pé duine a bhí ann
nó nach raibh ann
cén difríocht a dhein sé?



Shrikant Verma

2019-11-20

Kawase Hasui

Kawase Hasui
fianna ag Scrín Kasuga
cén teachtaireacht atá acu?
fiafraigh
deer at Kasuga Shrine
what message do they have?
go and ask
deer it Kasuga Shrine -
gae an speir
whilk's thair message


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
春日の鹿
何の託宣
寄りて問う

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-19

Haiku

mcdaids  . . .
neach ó ré eile
is tart an diabhail air


mcdaids . . .
someone from another century
with a terrible thirst

Grianghraif : Jason Symes 

2019-11-18

Dornán haiku ón tSeapáin

火を恋ふや独逸腸詰薄く切り  宮下恵美子

hi o kou ya doitsu chôzume usuku kiri

ag tnúth le tine -
salámaí Gearmánach
á mhionghearradh agam

Emiko Miyashita

ガレのランプとそつくりな毒茸    西脇はまこ

gare no ranpu to sokkurina dokukinoko

díreach ar nós
lampa de chuid Gallé
beacán nimhe

Hamako Nishiwaki

行く秋や琥珀に虫の深眠り                        小田切順子

yuku aki ya kohaku ni mushi no fukanemuri

deireadh an fhómhair—
codladh sámh na feithide
istigh san ómra

Junko Odagiri

マルボロを置く晩秋の父の墓  角川春樹

maruboro o oku banshû no chichi no haka

fágaim paicéad Marlboro ann -
uaigh m'athar
amach san fhómhar           

Haruki Kadokawa

月光のおもさ加はる稲穂かな  奥名春江

gekkô no omosa kuwawaru inaho kana

meáchan sholas na gealaí
curtha leo…
diasa ríse

Harue Okuna

佇めば色の一つになる花野  さとうみゆき

tatazumeba iro no hitotsu ni naru hanano

má sheasaim go socair
déanfar dath dhíom…
gort bláthanna fómhair           

Miyuki Sato

さみしさを八つに割りし梨ひとつ   岡田史乃

samishisa o yattsu ni warishi nashi hitotsu

uaigneas á ghearradh
in ocht bpíosa…
piorra           

Shino Okada

雨の名もいろいろありし暮の秋   星野高士

ame no na mo iroiro arishi kure no aki

a liacht sin ainm
ar an mbáisteach…
deireadh an fhómhair

Takashi Hoshino

2019-11-17

Haiku le Santoka

Marc Chagall
grianmhar, meigeallach
is scamallach, meigeallach
gabhar

sunny, she bleats
and cloudy, she bleats
a goat

Santoka

2019-11-16

Takahashi Shôtei (1871 - 1945)

Takahashi Shôtei (1871 - 1945)
gach uile fhuaim nach mór
á múchadh aici…
báisteach istoíche
drowning out
all other sounds, almost…
night rain
droonin oot
aw ither soonds, awmaist…
nicht weet

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
ほかの音
みなかき消して
夜半の雨

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-14

Bus

D’fhágas an tigh, ní dúirt foc ná faic léi, amach liom, arsa Joe.
Ag brostú faoi dhéin an bhus a bhíos agus focin strus an domhain orm.
Ag bogshodar síos an focin cnoc agus m’othras dom dhó
Agus is ar éigean má bhíos in ann análú is mé ag iarraidh an bus sin a fháil.
Deich soicind nó mar sin idir mé is an cunús sin de bhus, an focar.
Focin matalang. Táim ag féachaint ar an bhfocar is é ag tiomáint leis,
Múch dhubh á séideadh aige im phus…

Mar sin  bhí orm crochadh thart ar Bhóthar Ghort na Naomh. Crochadh thart.
Ag fanacht leis an gcéad bhus eile. Ag fanacht ansin, díomhaoin, spalladh orm.
Ag tabhairt aire do mo ghnó féin, tá’s agat.

Seo chugam ansin duine de na protastúnaigh mheánaicmeacha sin
Ó bhun na sráide is é ag siúl faoim dhéin
Is claonaim mo chloigeann, heileo, ag iarraidh a bheith béasach, cad é mar?
Mar tá súilaithne agam air agus cónaí orainn ar an mbóthar protastúnach céanna.
Agus tá an cogadh thart agus an cac sin go léir.
Is siúd ag smaoineamh mé go mb’fhéidir go gceapann sé gur prod mise, leis,
Mar ní osclaímse mo focin bhéal, ní ligim faic orm.
Cad eile a dhéanfá? Ní hé go dteastaíonn uaim bheith mór le mo chomharsana
Protastúnacha go léir.
D’fhéadfaidís buama loiscneach a chur im threo ach gur den mheánaicme iad
Agus ní dheintear a leithéid thuas ansin.
Ach d’fhéadfaidís tú a ghearán leis an dól nó rud éigin mar Fíníneach is ea thú.

Ar aon chuma, seo chugam é agus tá sé chun forrán a chur orm.
Arsa mise liom féin, cad sa foc…
Agus stopann sé agus is deargadh atá uaidh.
Siúd ag fústráil mé go n-aimsím an lastóir dó.
Tá sé ábhairín gaofar mar sin lasaim an lastóir
Agus ardaím an lasair ach múchtar í.
Gabh mo leithscéal, lasaim arís é.
Tá sé fós gaofar mar sin clúdaíonn sé mo lámha lena lámha siúd,
Mar ghaothscáth bídeach don lasair

Agus lasann sé a thoitín
Is gabhann buíochas liom
Agus siúlann leis síos an bóthar


Agus tagann an chéad bhus eile.
Agus léimim ar bord.

Agus táim im shuí ansin istigh sa bhus
Is mé á rá liom féin go raibh sé seo go léir an-ait ar fad.
Is ritheann sé liom gur leag sé lámh orm
Leag lámh orm.
Leag sé a lámha ar mo dhá lámh tá’s agat
Nuair a thugas deargadh dó.

Is táim ag rabhláil síos Bóthar Ormeau ar an mbus
Agus ritheann sé liom gurbh in an chéad uair
Ar leag Protastúnach lámh orm.
Is braithim ait faoin eachtra ar fad.
Leag sé a dhá lámh orm, tá’s agat.
Bhí a lámha orm…

 

Gabriel Rosenstock

(ó Bhéarla Ghearóid Mhic Lochlainn)

2019-11-13

Eanáir 2003

Tar éis trí scór bliain níl mo chuid gumaí rómhaith.
Glanaim le flas fiacla iad sa leithreas fear agus ban.
Ar ais liom, mé ag dreapadh thar mo bhean is m’iníon
Is féachaim síos cúig mhíle ar an Hindu Kush.
Is léir an India á sá féin isteach san Eoráise:
Plátaí leibhéalta agus rufaí sléibhte á n-ardú féin is ag titim as a chéile
Fad mo radhairc uaim tríd an aigéan solasmhar seo
Trína bhfuil ár n-eitleán ag gluaiseacht, gan chorraí nach mór,
Gan chrith ach ar éigean, na ciliméadair theibí
Á n-ithe aici. Ina shuí sa suíochán romham,
Aindeolaí ríomhaireachta agus spéaclaí air nár ardaigh
An dallóg ó d’fhágamar Kuala Lumpur. Ar an scáileán
Tá an tsaighead a dhíríonn ar Mheice tar éis casadh
Feadh an sciatháin, nach mór. Dhá thír uainn
Trasna an domhain seo ar dhath an leoin tá cogadh á bhagairt. Samhlaím buamaí
Á ligean anuas ag an mboilgeog aeroiriúnaithe seo
Ar an mion-chearnóg de shráidbhaile i bhfad thíos uainn,
Níos lú ná lorg coise camaill. Tagann meadhrán orm,
Ag stánadh síos go díreach. Ní ligtear buamaí anuas.
Agus ní ligfí dá mbeinnse im’ chaptaen anseo
Ar an bpláinéad leochaileach comhtháite seo,
A chasann gan script. Iompraíonn ár mboilgeog sinn, go domhain i solitaire ríomhaireachta nó inár gcodladh dúinn,
Slán, ní féidir sin a rá go dearfa, ach go fóillín
Teolaí san aer tanaí agus an fuacht marfach 



D.M. Black

2019-11-12

Smaoineamh an Lae

Ní lena mílseacht ná lena dílseacht,
ní lena háilleacht ná lena cáilíocht
a labhraímid í,
fiú is go bhfuil gach cáilíocht aici.
Ní hé go bhfuil sí chomh milis leis an mil,
chomh nádúrtha leis an uisce ag rith
nó leis an bhféar ag fás.
Ach cad ina thaobh?
Mar gur linn féin í.


Tomás Ó Cinnéide, An Ghráig

2019-11-11

An Sceithire

Aistriúchán ar The Whistleblower 
le Emer Davis 

I mo thost
ag breathnú
ar an taoide aife
mé leathbháite ag cáitheadh
mé ag breathnú
ar chnagarnach na dtonn
is an ghrian ag dul faoi

I mo thost
seasaim liom féin
thug an tsochaí
cúl liom
mar gur labhair mé amach
chuir nimh an phobail i mo thost mé
seasaim liom féin
is breathnaím ar na cuilithíní bána
ina mearchaise an bhóchna anonn
-------
Rugadh Emer Davis i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1966 agus tógadh ar Oileán Acla í. Chuaigh sí ar imirce go Londain sa bhliain 1990 agus chaith sé bliana ann ag obair do na poitigéirí Boots. Sa bhliain 2016, chaith sí mí ag obair le himircigh ar Oileán Lesvos. Sa bhliain 2018, bhog sí go Deilí Nua

Ju Lian

Ju Lian
laom na mbláthanna
i gcantain éan -
críoch le cogadh tús le cogadh
blossoms redden in birdsong
a war ends -
another war begins
flourishins reidden in burdsang
a weir ens -
anither sterts

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
鳥の歌 花染めて
戦が終わり―
他の戦始まる

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-11-10

Alfredo Rostgaard

Alfredo Rostgaard
féachann sé isteach
i gcroí gach caipitlí -
Críost treallchogaí
he sees into the heart
of every capitalist -
guerrilla Christ
he seis intae the hert
o ilka capitalist -
guerrilla Christ

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
資本家の
心を見入る
ゲリラの(救世)主

Leagan Seapáiníse: Mariko Sumikura

2019-11-09

Ryokan

Tá an bháisteach stoptha,
néalta scuabtha chun siúil,
an aimsir glan arís.
Má tá an croí glan
Is glan a bheidh an domhan go léir
is ansin treoróidh an ghealach
is na bláthanna thú ar an tSlí

Ryokan

2019-11-08

Nick Drake : Place To Be / Áit Chun Dul A Luí

Áit Chun Dul A Luí

Nuair bhíos níos óige, nuair bhíos-sa an-óg
Ní fhaca mé an fhírinne os mo chomhair
Táim níos sine anois, tá sí an-soiléir
Táim níos sine anois, ní mór an áit a dhéanamh glé.

Is glas a bhíos, mar chnocáinín glas
Áit a bhfásann féar faoi ghrian ard go fras
Táim dorcha mar na farraigí
Níl uaim anois ach áit chun dul a luí

Is láidir bhíos, nuair bhíos faoin ngréin
ag súil le léas ag deireadh an lae
Is laige anois mé ná gorm bán
Ó, lag ar fad mé le tnúthán.

Dhéanfá an rud céanna domsa gan agó
Bí dílis duit féin
Fiú mura bhfuil ann ach fústráil sa cheo

Place To Be

When I was young, younger than before
I never saw the truth hanging from the door
And now I'm older, see it face to face
And now I'm older, gotta get up, clean the place


And I was green, greener than the hill
Where flowers grew and the sun shone still
Now I'm darker than the deepest sea
Just hand me down, give me a place to be


And I was strong, strong in the sun
I thought I'd see when day was done
Now I'm weaker than the palest blue
Oh so weak in this need for you

2019-11-07

Nick Drake: Jane Sa Cheo | Hazey Jane

 Jane Sa Cheo

An fuath leat d'áit dhúchais
Mionnaí móra á dtabhairt
An cuma sa riach leat
Faoin sonas faoin mbuairt
Is an maith leat do shaolsa
Is an ndéanfá é 'rís
Nó an stopfaidh tú chun fiafraí cár imigh an fhís
Is ó Jane, bhfuil ciall
Ó ó, Jane, le do thriall

An bhfuil tusa i d'iarlais
Id' shlat seachas gad
Is bhfuil cúrsaí ag bogadh
Ró-róghasta ar fad
Is bhfuil bealaí ar fáil duit
A mhúchfadh do thart
An bhfuil bealaí nua duitse gan bheith chomh marbh le hart
Hé, ó Jane, tuigeann tú
Ó, Ó, Jane, táimid sa siúl

Is duitse é

Hazey Jane I

Do you curse where you come from
Do you swear in the night
Will it mean much to you
If I treat you right
Do you like what you're doing
Would you do it some more
Or will you stop once and wonder what you're doing it for
Hey slow, Jane, make sense
Slow, slow, Jane, cross the fence

Do you feel like a remnant
Of something that's past
Do you find things are moving
Just a little too fast
Do you hope to find new ways
Of quenching your thirst
Do you hope to find new ways of doing better than your worst
Hey slow Jane, let me prove
Slow, slow Jane, we're on the move

Do it for you
Sure that you would do the same for me one day
So try to be true
Even if it's only in your hazey way

Can you tell if you're moving
With no mirror to see
If you're just riding a new man
Looks a little like me
Is it all so confusing
Is it hard to believe
When the winter is coming can you sign up and leave
Hey slow, Jane, clear your eye
Slow, slow, Jane, fly on by

2019-11-06

Nick Drake: Pink Moon / Ré Phinc

Ré Phinc

Bhí sé scríofa agus bhí á rá
Ré phinc chugainn atá
Níl éinne agaibh chomh hard
Ré phinc í i ngleic le cách

Is is pinc atá
Hé is pinc atá
pinc, pinc, pinc, pinc, mar ré
pinc, pinc, pinc, pinc, mar ré

Bhí sé scríofa agus bhí á rá
Ré phinc chugainn atá
Níl éinne agaibh chomh hard
Ré phinc í i ngleic le cách

Is pinc atá
Yé, is pinc atá

Pink Moon

I saw it written and I saw it say
Pink moon is on its way
And none of you stand so tall
Pink moon gonna get you all
It's a pink moon
It's a pink, pink, pink, pink, pink moon.

2019-11-05

Miosgán Médhbh



a scáthanna
fanaigí amach…
Miosgán Médhbh



shadows
stay away…
tomb of Queen Maeve

2019-11-04

Smaoineamh an lae


An dteastaíonn uait a fháil amach cén cleas atá agamsa?
Is cuma liom cad a thiteann amach


 J. Krishnamurti

2019-11-03

An Prionsa

Nocht an Prionsa san iarnóin, ag bun an chnoic.
Sméid sé orm, i bhfad uaim,
shiúil i mo threo, agus chroith lámh liom.

Bhí sé díreach tar éis peata colúir a scaoileadh saor,
mar sin ba bhoige ná riamh í a lámh
agus ba gheall le spéir an fhómhair í a ghné.

Níl aithne ag mórán ar an bPrionsa seo.
Na cailíní a thug an leasainm sin air.
Ghlaodar orm uair amháin, á rá
"Bei Ye, gabh i leith, tá an Prionsa tagtha!"

Agus go deimhin, ina shuí ar stóilín adhmaid a bhí an Prionsa
tamall uaim. Aoibh an gháire air.
Thart air bhí cúpla cat ina luí go suairc.


Bei Ye           

[Na Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers]

2019-11-02

Mála Dubh

Is mian liom
Deireadh a chur leis,
Ach ní inniu,
Níl aon rud speisialta
Ag baint leis an lá inniu.

Ar aon chuma,
Tá dhá bhuidéal ghloine le ní,
Bearradh gruaige a fháil,
Obráid ar na catarachtaí,
Plandaí le huisciú
(Faoi bhláth faoi láthair),
Aire a thabhairt do mo dheirfiúr óg.
Is bím ag taibhreamh i gcónaí faoin strainséir sin
A fhágfaidh na milliúin agam.

Cuirfidh mé an chaint seo ar an mbás
I mála dubh gioblach siopadóireachta
Go fóill, atá lán de phoill,
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.

Le fírinne,
Ba mhaith liom bheith liom bheith im’ shádú.
Ach tógfaidh sé blianta orm
Ord ar bith a chur ar an bpraiseach
Atá thart orm.


Agus ar ndóigh bheadh sé amscaí
Bheith ag bogadh thart is brísteán orm
Ag lorg deirce.

Sin rud amháin.
Ansin, tá na máithreacha ann
Ar mian leo na rudaí beaga a scanrú
Agus méar á díriú orainn:
Chugat an sádú.
Béarfaidh sé ort.
Ba dheacair dul i dtaithí ar a leithéid sin.
.
B’fhearr an méid sin, leis,
A chur sa mhála dubh gioblach siopadóireachta
Atá lán de phoill
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.
   
 

Pavankumar Jain

2019-11-01

Cothaithe ag an Oíche

Arsa na réaltaí leis an ngealach:
“Táimid cortha de bheith ag lonrú

An é ár ndán a bheith de shíor ag taisteal?
Cathain a bheidh scíth againn?”

D’fhreagair an ghealach: “A chairde,
Sibhse atá cothaithe ag an oíche,

Tá an ghluaiseacht sna dúile go léir
Each ar cosa in airde is ea an t-am.

Níl ionad scíthe ar an gconair seo
An bás atá laistiar den scíth.

Iad siúd ar sodar amháin atá saor,
Scriosfar lucht scíthe.

Tús na conaire an paisean,
An dearbh-phaisean an chríoch.”

Iqbal