2019-11-14

Bus

D’fhágas an tigh, ní dúirt foc ná faic léi, amach liom, arsa Joe.
Ag brostú faoi dhéin an bhus a bhíos agus focin strus an domhain orm.
Ag bogshodar síos an focin cnoc agus m’othras dom dhó
Agus is ar éigean má bhíos in ann análú is mé ag iarraidh an bus sin a fháil.
Deich soicind nó mar sin idir mé is an cunús sin de bhus, an focar.
Focin matalang. Táim ag féachaint ar an bhfocar is é ag tiomáint leis,
Múch dhubh á séideadh aige im phus…

Mar sin  bhí orm crochadh thart ar Bhóthar Ghort na Naomh. Crochadh thart.
Ag fanacht leis an gcéad bhus eile. Ag fanacht ansin, díomhaoin, spalladh orm.
Ag tabhairt aire do mo ghnó féin, tá’s agat.

Seo chugam ansin duine de na protastúnaigh mheánaicmeacha sin
Ó bhun na sráide is é ag siúl faoim dhéin
Is claonaim mo chloigeann, heileo, ag iarraidh a bheith béasach, cad é mar?
Mar tá súilaithne agam air agus cónaí orainn ar an mbóthar protastúnach céanna.
Agus tá an cogadh thart agus an cac sin go léir.
Is siúd ag smaoineamh mé go mb’fhéidir go gceapann sé gur prod mise, leis,
Mar ní osclaímse mo focin bhéal, ní ligim faic orm.
Cad eile a dhéanfá? Ní hé go dteastaíonn uaim bheith mór le mo chomharsana
Protastúnacha go léir.
D’fhéadfaidís buama loiscneach a chur im threo ach gur den mheánaicme iad
Agus ní dheintear a leithéid thuas ansin.
Ach d’fhéadfaidís tú a ghearán leis an dól nó rud éigin mar Fíníneach is ea thú.

Ar aon chuma, seo chugam é agus tá sé chun forrán a chur orm.
Arsa mise liom féin, cad sa foc…
Agus stopann sé agus is deargadh atá uaidh.
Siúd ag fústráil mé go n-aimsím an lastóir dó.
Tá sé ábhairín gaofar mar sin lasaim an lastóir
Agus ardaím an lasair ach múchtar í.
Gabh mo leithscéal, lasaim arís é.
Tá sé fós gaofar mar sin clúdaíonn sé mo lámha lena lámha siúd,
Mar ghaothscáth bídeach don lasair

Agus lasann sé a thoitín
Is gabhann buíochas liom
Agus siúlann leis síos an bóthar


Agus tagann an chéad bhus eile.
Agus léimim ar bord.

Agus táim im shuí ansin istigh sa bhus
Is mé á rá liom féin go raibh sé seo go léir an-ait ar fad.
Is ritheann sé liom gur leag sé lámh orm
Leag lámh orm.
Leag sé a lámha ar mo dhá lámh tá’s agat
Nuair a thugas deargadh dó.

Is táim ag rabhláil síos Bóthar Ormeau ar an mbus
Agus ritheann sé liom gurbh in an chéad uair
Ar leag Protastúnach lámh orm.
Is braithim ait faoin eachtra ar fad.
Leag sé a dhá lámh orm, tá’s agat.
Bhí a lámha orm…

 

Gabriel Rosenstock

(ó Bhéarla Ghearóid Mhic Lochlainn)