2019-11-02

Mála Dubh

Is mian liom
Deireadh a chur leis,
Ach ní inniu,
Níl aon rud speisialta
Ag baint leis an lá inniu.

Ar aon chuma,
Tá dhá bhuidéal ghloine le ní,
Bearradh gruaige a fháil,
Obráid ar na catarachtaí,
Plandaí le huisciú
(Faoi bhláth faoi láthair),
Aire a thabhairt do mo dheirfiúr óg.
Is bím ag taibhreamh i gcónaí faoin strainséir sin
A fhágfaidh na milliúin agam.

Cuirfidh mé an chaint seo ar an mbás
I mála dubh gioblach siopadóireachta
Go fóill, atá lán de phoill,
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.

Le fírinne,
Ba mhaith liom bheith liom bheith im’ shádú.
Ach tógfaidh sé blianta orm
Ord ar bith a chur ar an bpraiseach
Atá thart orm.


Agus ar ndóigh bheadh sé amscaí
Bheith ag bogadh thart is brísteán orm
Ag lorg deirce.

Sin rud amháin.
Ansin, tá na máithreacha ann
Ar mian leo na rudaí beaga a scanrú
Agus méar á díriú orainn:
Chugat an sádú.
Béarfaidh sé ort.
Ba dheacair dul i dtaithí ar a leithéid sin.
.
B’fhearr an méid sin, leis,
A chur sa mhála dubh gioblach siopadóireachta
Atá lán de phoill
Is é a chrochadh de thairne
Ar an bhfalla.
   
 

Pavankumar Jain