2019-12-09

Slán á rá istoíche le m’iníon

An fhuaim íslithe, gorm dochreidte
an Chiúb Uisce i mBéising ag líonadh an scáileáin.
Seasann tumadóir óg ar an gclár,
méara na gcos leata, sála ar imeall na haibhéise.
Creat na n-easnacha ag bolgadh amach is isteach
a lámha á n-ardú aige ina cheann saighde.

Beirim ar m’iníon agus tugaim croí isteach di,
í á muirniú agam go dtí nach n-aithním
ár dhá gcolainn óna chéile – mar a bhuaileann sruth
le habhainn, abhainn le muir – go dtí gurb é
ár dtús arís é; an cliabhán uiscí
nach bhfuil ceachtar againn in ann a fhágaint.

Teilgeann ceannsoilse a ngathanna ar an tsíleáil.

Ar ais i mBéising, an garsún ina stua san aer
ag casadh mar spóilín i seol.
An t-uisce á ghearradh aige gan splais nach mór.

Patricia Ace