2020-01-24

MIONLÉIRMHEAS: Trí shúile na mban

Trí Shúile na mBan

Mionléirmheas le Gabriel Rosenstock




Hannah Starkey: 1997-2017.
Grianghraif le Hannah Starkey. Aiste le Charlotte Cotton. An grianghrafadóir i gcomhrá le Liz Jobey.
Foilsithe ag Mack, Londain, 2018. 184 lch., léaráidí daite, 10x10¾".



Ag plé le híomhá na mban atá Hanney Starkey, arb  as Tuaisceart Éireann di, ó lár na 90í ar aghaidh. Suite i dtimpeallacht uirbeach is mo atá a cuid grianghraf, bean ag breathnú ar fhrithchaitheamh mná, abair, nó máthair agus í ag breathnú i ndiaidh a linbh, mná de gach glúin atá mar ábhar aici.