2020-02-28

PRESIDENT HIGGINS ACCEPTS BOOK OF HAIKU AND ART INSPIRED BY MAHATMA GANDHI


The spirit of Mahatma Gandhi was invoked at Áras an Uachtaráin today when Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, was presented with a signed copy of Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse, a book of haiku in Irish and English and commentary by Irish poet, Gabriel Rosenstock, with full colour images by Kashmiri artist, Masood Hussain.

The book has been published by Gandhi 150 Ireland to celebrate the 150th anniversary of the birth of Mahatma Gandhi, the 20th century master of civil disobedience, whose words and actions inspired such apostles of freedom as Nelson Mandela and Martin Luther King Jr, as well as Civil Rights marchers in Northern Ireland and other parts of our troubled world. The very name Gandhi still resonates thrillingly with everyone who thirsts for peace, justice and equality.

Gabriel Rosenstock commented that the Gandhi 150 Ireland committee were “very honoured indeed to present the book to President Higgins, a man who unashamedly and courageously expresses Gandhian core values, namely unwavering belief in peace, compassionate concern for the poor and the marginalised, alarm at the havoc caused by runaway capitalism, and urgent concern for a world in which bio-diversity and linguistic diversity are more threatened than ever”.

Since its launch at a gala concert in Liberty Hall, Dublin, by retired Judge Bryan MacMahon, last October, Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse has garnered glowing reviews internationally. It has also been presented at events in India, including the Goa Arts & Literature Festival, the University of Mumbai, and Mani Bhavan, Mumbai, a museum dedicated to M.K. Gandhi. Further events are planned this year for various venues in Ireland to showcase the poetry and imagery of the book with musical accompaniment.

Members of the Gandhi 150 Ireland delegation who visited Áras an Uachtaráin were: Gabriel Rosenstock, Eithne Ní Chléirigh, Des Geraghty, Rosheen Callender, Séamas Sheils, Sadanand Magee, Riannach Mitha Semple and Pintu Lohar.

-----------------

Ghlac Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, leis an leabhar haiku is tráchtaireachta Walk with Gandhi: Bóthar na Saoirse a shínigh an t-údar, Gabriel Rosenstock dó an tseachtain seo, leis na focail seo a leanas: 'D'Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a sheas riamh le prionsabail an Mahatma, ag cothú an chirt is an chothromais, ag baile agus i gcéin, lena intleacht ghéar agus lena chroí mór Gaelach.'
Ba é an coiste Gandhi 150 Ireland a d'fhoilsigh an leabhar i mí Dheireadh Fómhair seo caite, chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhreith Gandhi céad caoga bliain ó shin. Tá an leabhar maisithe go haoibhinn ag Masood Hussain, ealaíontóir as Caismír agus tá Walk with Gandhi molta chun na spéartha ag léirmheastóirí ag baile agus i gcéin.
Tá seó neamhghnách curtha le chéile ag an gcoiste - haiku dhátheangacha agus obair ealaíne ar scáileán. agus ceol beo ó cheoltóirí Indiacha: 
tig le hionaid ealaíne, féilte, agus grúpaí aonair fiosrúcháin a dhéanamh faoin seó le Rosheen Callender ag an uimhir thuas.






 


2020-02-18

Mantra an Ghrá agus an Ríméid



OM NAMO NARAYANAYA

Sé do bheatha, a Thiarna Visniú, Caomhnóir na Cruinne

2020-02-17

Caspar David Friedrich

  Caspar David Friedrich
    tugann an ghealach
    léargas éigin ort
    taoi i bhfad uainn  . . . gar dúinn
               i gciúnas na coille
                fréamhacha casta ag osnaíl

    the moon sheds
    some light on You
    You are distant  . . .  You are near
             in the silence of the wood
             gnarled roots are sighing

2020-02-16

Smaoineamh an Lae

Caillfear sinn go léir, gach uile dhuine againn, a leithéid de shorcas! i bhfianaise an méid sin, cheapfá go mbeadh grá againn dá chéile, ach níl. basctha sceimhlithe ag suarachas atáimid, creimthe ag neamhní.

2020-02-14

Vincent van Gogh

Vincent van Gogh
glórtha nach gcloistear níos mó
nach gcloisfear go deo arís
díoscán cairte, a ghrá
    tiomnaím duit go léir iad
    le taisceadh faoi mar b'fhíor iad

sounds we hear no more
sounds we'll never hear again
the creak of a cart, beloved
             lost sounds I dedicate to You
             treasure them as though they were real

2020-02-13

An Chamhaoir

Mar ainnir óg a lonraíonn an Chamhaoir,
Gach neach beo aici á corraí.
Chun leas an duine a adhnadh an Tine Dhiaga;
Chruthaigh an Chamhaoir an solas, ruaigeadh an smál.

A gaetha aici á gcraobhscaoileadh; d’éirigh is thug aghaidh ar chách,
Faoina róbaí gléigeala maisiúla maorga;
Órga niamhrach í, aoibhinn don tsúil,
Máthair an tsoláthair, máistreás ar an domhan bán.

Is beannaithe í, an ghrian á hiompar aici, súil na ndéithe,
Each fionn ar ghreim sriain léi, ollásach,
Nochtann an Chamhaoir í féin, gile na gile,
An domhan á chlaochlú aici go fairsing slán.

A spéirbhean, cloígh an domhan led’ ghile!
Ullmhaigh dúinn féaraigh a bheidh saor ón uamhan!
Díbir an fuath, bronn orainn do chiste!
A bhanfhlaith, beannaigh ár n-amhrán.

Soilsigh sinn led’ ghlóire shíoraí,
A Chamhaoir dhiaga! Bronn saol fada orainn is só,
A Bhandia atá lán de ghrásta! Tabhair suaimhneas dúinn
Is bólacht, capaill is carbaid gan cháim!

A iníon neimhe, a Chamhaoir uasal án,
Cumann filí laoithe is iomainn i d’onóir.
Tabhair saibhreas dúinn is luachmhaire i bhfad ná ór.
A dhéithe, beannaígí sinn go léir is beannaígí an lá!

2020-02-12

Feartlaoi

Mohammad Alvi
A luaithe is a bhaineas amach an uaigh
shíneas mo ghéaga chun scíth a ligint
á shamhlú nach gcuirfeadh éinne isteach orm anois,
liomsa amháin iad an dá shlat talún seo
mar sin leanas orm ag iompú im’ chré
níor bhraitheas an t-am ag imeacht
ach níorbh fhada gur cuireadh isteach orm
tháinig neach eile isteach i m’uaigh
is tá feartlaoi duine eile
greanta os mo chionn

2020-02-11

Misneach [Dán Sanscraite]

Faoi mar nach gcliseann ar an spéir ná ar an domhan fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an lá ná ar an oíche fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an ngrian ná ar an ngealach fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar spiorad ná ar aicsean fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an bhfírinne ná ar an anord fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

Faoi mar nach gcliseann ar an am atá thart ná ar an am atá le teacht fiú
is gan aon eagla orthu,
ná bíodh aon eagla ortsa, a anáil liom na beatha.

2020-02-10

Haiku le Issa ón mbliain 1817

Pieter Bruegel
gaotha fómhair…
caithfear amach amárach thú
a sheanchailleach


‪秋風や翌捨らるる姥が顔‬

‪akikaze ya asu suteraruru uba ga kao‬



[Bhí eotanáis chruálach i bhfeidhm in an-chuid tíortha fadó. Ceadaítear eotanáis neamhchruálach, nó féinmharú cuidithe, i dtíortha áirithe inniu. Cén seasamh ina leith atá acusan atá ag lorg vótaí id' dháilcheantarsa faoi láthair?]

2020-02-09

Payag

Payag

is tusa an bandia
Bhairavi Devi id' shuí ar mharbhán
tusa an marbhán
                    táimse leis im' bhandia im' mharbhán
                    is an uile ní ionatsa, a shearc

You are the goddess
Bhairavi Devi sitting on a corpse
You are the corpse
                I too am goddess and corpse
                and all things, beloved, in You

2020-02-08

CIARÓGA DUBHA



Tar éis Chogadh Vítneam bhí an moladh seo
ag duine éigin dom Mham: Cén fáth
nach ndíolfá do bháibín, níl faic
le hithe agat!

D’fhreagair mo dheartháir ceithre bliana d’aois:
ná déan, ná díol mo dheirfiúr! Tá ciaróga dubha
go leor ann le hithe!

Tar éis dom filleadh ar an tír
ocht mbliana déag ina dhiaidh sin, chonac iad –
tancanna móra dubha lonracha ar an mballa

Fianaise ar an ngrá a bhí ag mo dheartháir dom


Teresa Mei Chuc

2020-02-07

Amhrán Beannaithe Bulleh Shah chun fáil réidh leis an ego



Makkay gayaan, gal mukdee naheenyon
Pawain sow sow jummay parrh aaeey

Ní réiteach ar ár gcuid fadhbanna é dul go Meice
agus ní aimseofar an fhírinne fiú má ofrálfar paidreacha ann ina gcéadta

Ganga gayaan, gal mukdee naheen
Pawain sow sow gotay khaeeay

Ní haon réiteach ach oiread é triall ar Abhainn na Gainséise
fiú má thumtar inti céad uair

Gaya gayaan gal mukdee naheen
Pawain sow sow pand parrhaeeay

Ná ní haon mhaith é triall ar Gaya má tá an fhírinne bhunaidh uainn
fiú má dhéantar adhradh ann céad uair

Bulleh Shah gal taeeyon mukdee
Jadon Main nu dillon gawaeeay

Bulleh Shah, ní bheidh deireadh leis an gcuardach seo
go nglanfar an mise den chroí is sinn féin a bhá sa chruinne

2020-02-06

Chataka

longing for Krishna…
the longing of the chataka bird
for rain
tnúth le Krishna…
tnúth an chataka
leis an mbáisteach
greenin fir Krishna…
the greenin o the chataka burd
fir weet

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
クリシュナに焦がれて
チャタカ鳥の
雨に焦がれて

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2020-02-05

Mantra chun Sult a Bhaint as gach Soicind - Anois!




ਆਦਿ ਪੂਰਨ ਮਧਿ ਪੂਰਨ ਅੰਤਿ ਪੂਰਨ ਪਰਮੇਸੁਰੇਹ ||
Aad Pooran Madh Pooran Ant Pooran Parmesaray

Iomlán ina thús
Iomlán ina lár
Iomlán ina chríoch
Tiarna na Cruinne

2020-02-04

Anon ( An India)


gach áit dá dtéann sé
feiceann Jayadeva
na leannáin dhiaga
             líonann a n-anáil a pholláirí
             inniu, a shearc, suíonn filí ag deasc

everywhere he goes
Jayadeva beholds
the divine lovers
             their breath fills his nostrils
             today, beloved, poets sit at desks

2020-02-03

Siúlóid um Thráthnóna

Peng Jie
Tháinig an geimhreadh. Scuabamar na duilleoga tite isteach sa tinteán,
d'iompraíomar an grán buailte isteach sa siléar,
is chrochamar laindéir mhóra dhearga den pheargóla.
Trí bliana ó shin, nuair a cailleadh máthair Ma Deming;
bhíos-sa i lár úrscéal a scríobh ag an am.
Tar éis dinnéir, munar tháinig cuairteoirí go dtí an doras
nó munar glaodh Ma Deming chun na muilte iarainn le haghaidh ragoibre, théimis ag siúl lasmuigh den sráidbhaile.
Síos bóthar caol,
thar loch dorcha lonrach, faic idir sinn
is na crainn. Gan laindéar le feiscint, duine ná deoraí
gan ach an ghealach ár dtreorú
chuig talamh ard, is sinn ag seinm
ar an bhfliúit, na foinn ag léim
idir chraobhacha loma
sa chlapsholas go bánú an lae.

Peng Jie

Ó Bhéarla na Duck Yard Lyricists: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers

夜晚的散步

冬天到了。我们把落叶扫进炉膛
粮食打好后运进地窖,把大红的灯笼
挂在高高的木架上。那是在三年前
马德明的母亲刚去世不久
我正在写一部长篇小说。
吃过晚饭后,如果没有人串门
马德明没有去镇上的铁厂加班
我们就去村外散步。沿着小路走下去
经过水光晦暗的湖泊,
一直到有树的地方。那里没有什么人
也没有什么灯,我们沿着月光
顺势攀往高处,成为那些
呜呜作响的手风琴,
在光秃秃的树枝上常常响到天亮。

彭杰






2020-02-02

Marc Chagall

Marc Chagall
gnóthach leis an aigne
gnóthach leis an gcolainn
gnóthach ar mhaithe le bheith gnóthach
                  gnóthach le bheith beo
                  a ansacht, cén gnó é seo

busy with the mind
with the body busy
busy with being busy
           busy with staying alive
           beloved, what is this business

2020-02-01

Anon (An tSín)

Seated luohan with a servant
late 18th–19th century
Iad siúd a ghabh romham
is iad ag guí de shíor
go dtiocfainn ort
            moladh is buíochas leo
            a shearc, suigh tamall faoi scáth crainn

those who have gone before me
who pray ceaselessly
that I might find You
            praise  to them and gratitude
            beloved, sit a while beneath a tree