2020-04-06

Ar an aonach dom is sa chlabhstra

Ar an aonach dom is sa chlabhstra, ní fhacasa ach Dia.
Sa ghleann dom is ar an sliabh, ní fhaca ach Dia.

Is minic a chonaic lem’ thaobh É is mé dobrónach.
Rith an áidh bheith liom nó gan a bheith – ní fhacasa ach Dia.

Mé ag guí nó mé ar céalacan, sa mholadh is fós sa mhachnamh,
I gcreideamh geal an Fháidh – ní fhaca ach Dia.

Anam ná corp ní fhaca, substaint ná aicíd,
Cáilíocht ná cúis – ní fhacasa ach Dia.

D’osclaíos mo shúile is faoi loinnir a ghnúise im’ thimpeall –
I ngach aon ní faoi raon mo radhairc – ní fhaca ach Dia.

Leás ina laom mar choinneal:
Sna lasracha a ling abhus is thall – ní fhacasa ach Dia.

Chonaic mé mé féin go glé lem’ dhá shúil féinig
Ach nuair a d’fhéachas trí shúile Dé – ní fhaca ach Dia.

B’eo liom im’ neamhní dom, chuas as,
Is féach, ba mé an tUile-Bheo – ní fhacasa ach Dia.
                               

Baba Kuhi de Shiraz