Maighdean is Leanbh ar smaoinigh an maisitheoir ar a mháthair féin nó ar bheo di ag an am saothar na n-aingeal 'bhí ann |
Madonna and Child did the illuminator think of his mother was his own mother alive the work of angels it was |
Pages
▼
2021-07-31
Book of Kells
2021-07-30
Srónbheannach
| ||
is mian leis éalú an srónbheannach Indiach is dul le báiní braithimse leis é, a chuid ceansaigh an chreathadach seo | ||
he wants to break out the Indian rhinoceros go on a rampage beloved, I feel it too come and keep me from trembling |
2021-07-29
Jagdish Swaminathan
más ann don éinín is leor sin domsa, a stór glórach nó 'na thost ó, a ansacht, más ann duit - ná bíodh má asam ná dá . . . |
if the bird is there that is all i need to know let it sing or not beloved, if You are there no ifs! - let me not say if . . . |
2021-07-28
Corona - Paul Celan
Corona
Itheann an fómhar duilleog as mo dhearna: is cairde sinn.
Bainimid an t-am as blaosc na gcnónna, is múinimid dó conas siúl:
filleann an t-am ar an mblaosc.
Domhnach atá ann sa scáthán,
beidh suan sa bhrionglóid,
insíonn an béal an fhírinne.
Íslíonn mo shúile chuig baill ghiniúna
mo leannáin:
féachaimid ar a chéile,
caint dhorcha,
grá againn dá chéile ar nós an phoipín
is na cuimhne,
codlaímid mar fhíon i ndiúilicín,
an mhuir faoi sholas fuilteach na gealaí.
Barróg againn ar a chéile san fhuinneog, feiceann daoine sinn ón tsráid:
Tá sé in am fhios a bheith acu!
Tá sé in am ag an gcloch a bheith sásta bláthú
ag an gcroí bualadh go corrabhuaiseach
Tá sé in am ag an am a bheith ann.
Tá sé in am.
Paul Celan
Corona
Aus der Hand frißt der Herbst mir sein Blatt: wir sind Freunde.
Wir schälen die Zeit aus den Nüssen und lehren sie gehn:
die Zeit kehrt zurück in die Schale.
Im Spiegel ist Sonntag,
im Traum wird geschlafen,
der Mund redet wahr.
Mein Aug steigt hinab zum Geschlecht der Geliebten:
wir sehen uns an,
wir sagen uns Dunkles,
wir lieben einander wie Mohn und Gedächtnis,
wir schlafen wie Wein in den Muscheln,
wie das Meer im Blutstrahl des Mondes.
Wir stehen umschlungen im Fenster, sie sehen uns zu von der Straße:
es ist Zeit, daß man weiß!
Es ist Zeit, daß der Stein sich zu blühen bequemt,
daß der Unrast ein Herz schlägt.
Es ist Zeit, daß es Zeit wird.
Es ist Zeit.
2021-07-27
2021-07-26
Vinalhaven
| ||
lile ag éag . . . solas ag dul as sa solas | ||
dying lily . . . light fading into light |
2021-07-25
Fr. Francis Browne
ní bheidh poll fágtha i mbuicéad! ridirí an bhóthair tagtha |
there won't be a hole left in a bucket! the travellers are here |
バケツに 穴は残さねえ! 旅人がいる ~ Mariko Sumikura |
nae mair leaky buckets! the tinks'r here ~ John McDonald |
2021-07-24
2021-07-23
Jason Symes
ag éirí sa chroígo dtí líontar é...grian na maidine
rising up in the heartuntil the heart is full...morning sun
2021-07-22
Mstislav Dobuzhinsky
2021-07-21
Neruda
Café Dissensus (New Delhi) carried an astounding article by Anidrita Saikia in a recent edition, an article to which I have responded with a bilingual poem, below.
The author quotes Neruda’s own Memoirs in which he confesses to the rape of a domestic servant, a woman of the lowly Dalit caste, in Sri Lanka:
“I got a strong grip on her wrist and stared into her eyes. There was no language I could talk with her. Unsmiling, she let herself be led away and was soon naked in my bed. Her waist, so very slim, her full hips, the brimming cups of her breasts made her like one of the thousand-year-old sculptures from the south of India. It was the coming together of a man and a statue. She kept her eyes wide open all the while, completely unresponsive. She was right to despise me. . . .”
Bring Her Ripe Tomatoes Now
Bring her ripe tomatoes now, Neruda
The Dalit woman you raped
Bring them to her
On a silver tray
Kneel before her
And beg her forgiveness
She is flesh and bone
Not carved stone
She does not know your language
Or your ways
But she will understand you
Little by little
If you beg sincerely to be forgiven
She is flesh and bone
Not carved stone
Do not speak to her in Spanish
Do not speak to her in poetry
Speak only in silence
Your head bent low in shame
Seek forgiveness
Seek salvation
She is flesh and bone
Not carved stone
Tabhair Trátaí Aibí Di Anois
Tabhair trátaí aibí di anois, a Neruda,
An bhean Dhalatach a d’éignigh thú
Tabhair chuici iad
Ar thráidire airgid
Téigh ar do ghlúine os a comhair
Agus iarr maithiúnas uirthi
Feoil is cnámha í
Ní cloch ghreanta í
Ní thuigeann sise do theangasa
Ná do shlite
Ach tuigfidh sí
De réir a chéile
Má impíonn tú uirthi maithiúnas a thabhairt duit
Feoil is cnámha í
Ní cloch ghreanta í
Ná labhair Spáinnis léi
Ná labhair léi i bhfoirm véarsaíochta
Labhair i dtost agus i dtost amháin
Do cheann cromtha agus náire ort
Iarr maithiúnas uirthi
Agus do shlánú
Feoil is cnámha í
Ní cloch ghreanta í
2021-07-20
George Luks
2021-07-19
Cosa na Lobhar á bPógadh ag Meher Baba
Cosa na Lobhar á bPógadh ag Meher Baba
Dusta na mbóithre ar a gcosa míchumtha
agus Meher Baba á bpógadh arís is arís eile
barróg á tabhairt aige dá n-anamacha áille
cumhracht Dé á leathadh ar fud na bhfud
níos milse ná seasmain
An tAon Réaltacht: crann É -
sú, fréamhacha, géaga
dírithe gach áit
grian, gaoth ag damhsa i measc na nduilleog
lobhar lonrach ag glacadh scíthe faoina scáth.
Meher Baba Kisses the Feet of Lepers
Dust of the roads on their misshapen feet
kissed over and over again by Meher Baba
embracing their beautiful souls
God’s fragrance spreading far and near
sweeter than jasmine
The One Reality that is the tree, He
the sap, roots, branches
pointing everywhere
sun and wind dancing among the leaves
shimmering leper resting in its shade.
Stour o the causeys on thayr misshauchelt feet
preed ower'n ower agane bi Meher Baba
oxterin thayr bonnie sowls
The Almichtie's fume spreidin aw airts
doucer nor jasmine
The yin reality thit's the tree, He
the sap, ruits, brainches
pyntin awgates
sin an wund dauncin amang the leaves
skimmerin leper ristin in'ts shed
Leagan Béarla na hAlban le John McDonald:
2021-07-18
Avond; De rode boom Piet Mondriaan
2021-07-17
2021-07-16
2021-07-15
Max Liebermann
2021-07-14
Otto Müller
| ||
deir an crann gabhlach gabh an tslí seo, an tslí sin fanfad faoina scáth ní thuigeann sé thú, a chuid ní thuigeann d'uileláithreacht | ||
the forked tree tells me go this way and go that way i'll stay in its shade it does not understand You Your very omnipresence |
2021-07-13
Harriet Backer, Landskap fra Bærum. 1890.
| ||
táid ag teacht ar ais ina gceann is ina gceann blátha ár n-óige mheasas go raibh deireadh leo a thaisce – rúin an domhain seo! | ||
they are coming back one by one they're returning wild flowers of our youth i thought they'd gone forever beloved – the earth's secrets! |
2021-07-12
An Coirnéal Sanders
| ||
An Coirnéal SandersThug a mháthair, Dúitseach-Éireannach, rabhadh dógan feadaíl a dhéanamh ar an Domhnach (ní mian leat dul go hIfreann, an mian?) Ní dúirt sí faic mar gheall ar chearcdhíothú. Maraíonn KFC thart ar 1.54 milliún sicín in aghaidh na bliana. Fásann siad go tapa réidh le marú laistigh de 30 lá. Seachain loit chraicinn: is é is cúis leis ná amóinia i gcac na n-éan eile i ngéibheann | ||
Colonel SandersHis Dutch-Irish mother warned himnever to whistle on Sundays (you don't want to go to Hell, do you?) She never warned him about henocide. KFC kills c. 1.54 million chickens a year. They are a fast-growing breed ready to slaughter after 30 days! Watch out for skin lesions caused by ammonia in the waste of caged companions. |
2021-07-11
Eugène Burnand
gan tú a fheiscint delirium tremens, sea gan do ghuth a chlos gan aithne a chur ort gan grá a thabhairt duit - ifreann |
not to see You now is delirium tremens not to hear Your voice not to know You - hell itself not to love You - damnation |
2021-07-10
Bíonn bláth sona i gcónaí
Bíonn bláth sona i gcónaí mar is álainn é.
Canann beacha amhrán an uaignis, amhrán na ndeor.
Eas uisce ag ionsaí na mara.
File séidte thall is abhus ag an ngaoth.
Cara gan taobh amuigh ná taobh istigh
Agus carraig nach bhfuil sona ná brónach
Is iad ag faire ar chorrán gealaí sa gheimhreadh
Ag fulaingt sa ghaoth fheannaideach.
Canann beacha amhrán an uaignis, amhrán na ndeor.
Eas uisce ag ionsaí na mara.
File séidte thall is abhus ag an ngaoth.
Cara gan taobh amuigh ná taobh istigh
Agus carraig nach bhfuil sona ná brónach
Is iad ag faire ar chorrán gealaí sa gheimhreadh
Ag fulaingt sa ghaoth fheannaideach.
Chögyam Trungpa
2021-07-09
An Ghealt
Luigh sí le scamall: ansin, ar ndóigh, ghabh gin;
Lean an chuid eile go réidh. Dhein smidiríní den chrúiscín cré sa bhaile le pléisiúr
Is thosaigh ar oilithreacht a chuirfeadh deireadh lena colainn.
Casadh asal uirthi sa tslí agus d’adhair go hómósach é.
Rug sí greim santach ar a raibh fágtha den phota túise is ar sí,
‘Dá mbeadh sé seo leis tiontaithe ina luaithreach cad déarfainn leis an domhan?
Ach tá an Chinniúint éachtach is siúlann romham mar ghadhar.”
Rug greim ansin ar dhuilleoga bainiain
is chroch ar chrann peepal iad
Is ar sí, ‘Ní gá dom faic a íoc le héinne anois
oiread is gealach lán.”
Lean an chuid eile go réidh (mar a luaigh mé cheana)
Saolaíodh tintreach don Ghealt;
thug cíoch don tintreach,
Ar aghaidh ansin leis an nGealt; casadh an tAbhlóir Cúirte uirthi sa tslí;
Ansin an Rí; an Bhanríon ansin; ansin A; ansin B.
Ach bhí a ciall go maith ag an nGealt: níor aithin sí duine ar bith.
Lean an chuid eile go réidh. Dhein smidiríní den chrúiscín cré sa bhaile le pléisiúr
Is thosaigh ar oilithreacht a chuirfeadh deireadh lena colainn.
Casadh asal uirthi sa tslí agus d’adhair go hómósach é.
Rug sí greim santach ar a raibh fágtha den phota túise is ar sí,
‘Dá mbeadh sé seo leis tiontaithe ina luaithreach cad déarfainn leis an domhan?
Ach tá an Chinniúint éachtach is siúlann romham mar ghadhar.”
Rug greim ansin ar dhuilleoga bainiain
is chroch ar chrann peepal iad
Is ar sí, ‘Ní gá dom faic a íoc le héinne anois
oiread is gealach lán.”
Lean an chuid eile go réidh (mar a luaigh mé cheana)
Saolaíodh tintreach don Ghealt;
thug cíoch don tintreach,
Ar aghaidh ansin leis an nGealt; casadh an tAbhlóir Cúirte uirthi sa tslí;
Ansin an Rí; an Bhanríon ansin; ansin A; ansin B.
Ach bhí a ciall go maith ag an nGealt: níor aithin sí duine ar bith.
Vinda Karandikar
2021-07-08
2021-07-07
Tanka
2021-07-06
2021-07-01
Caravaggio
each and every day is the road to Damascus every day i fall every moment reveals You help me to fall, Beloved |
sé seo an bóthar chun na Damaisce, a stór titimse gach lá léirítear thú gach soicind a chuid, cabhraigh lem' thitim |