dheineas cur síos ort do sheanmhairnéalach lá lean ort, ar seisean bhí gach aon rud feicthe aige níor theastaigh uaidh go stopfainn |
i once described You to a wistful old seadog he had seen it all go on, he said, continue he didn't want me to stop |
Pages
▼
2022-04-30
Henry Scott Tuke
2022-04-29
Charles Sprague Pearce
<
tine a mhúnlaigh agus a d'athchum an tseoid an tine atá beo tine thús an domhain, a stór is tine éag na cruinne |
fire that shaped the jewel fire of its refashioning fire that is alive fire of the earth's beginning fire that will consume the world |
2022-04-28
2022-04-27
Guy Rose
2022-04-26
Nicolae Tonitza
caointeoirí, faraor gan deoir fágtha ina gceann cad atá rompu níl fhios acu cá'il a dtriall gealach lae dóibh í an ghrian |
the mourners, alas when all their tears have dried up what is left for them they hardly know east from west the sun shines like a day moon |
φευ, όσοι θρηνούν στεγνώνοντας τα δάκρυα γι' αυτούς τι μένει ανατολή ούτε δύση ήλιος μέρας φεγγάρι Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise |
2022-04-25
Blas Iarainn
The Taste of Iron
Look how words
are styled into a poem
Look at this
Read this man fallen amid letters.
You hear that?
Is it the clanging of iron or
the blood spilled on the soil?
Ask not the blacksmith
the taste of iron,
Ask the horse with a leash on his mouth
Dhumil (Sudama Pandey, 1936-1975)Translation Kamalakar Bhat
Blas Iarainn
Féach mar atá briathra
stílithe i ndán
Féach air seo
Léigh an fear seo a thit i measc litreacha
Ar chuala tú?
Cleatráil iarainn ab ea, nó
fuil a doirteadh sa chré?
Ná fiafraigh den ghabha
cad is blas iarainn ann,
fiafraigh den chapall é is srian ar a bhéal.
Dhumil
2022-04-24
Ní hea, ní chaillfinn codladh na hoíche
Ní hea
ní chaillfinn codladh na hoíche
faoin mbuille -
conas nó cathain -
a chuirfidh deireadh liom
dáiríre, is cuma liom sa sioc
mar gheall air
mar
níl foighne
an fhairtheora agam
le bheith ar garda de shíor
chun scagadh a dhéanamh
ar nóiméid gan áireamh
ag feitheamh
leis an am sa sceideal
atá ag do ghiollaí gualainne dom.
Ní hea,
ní chuirfinn am amú ag smaoineamh ar rudaí suaracha
mar sin agus ní duine maoithneach mé
maidir le cuimhní ar an seanfhód
is an dream a d'fhágas im' dhiaidh
ní hea, ní smaoinímse a thuilleadh
ar a leithéid
ná ar na stríoca fíneáilte dearga
os cionn an tsráidbhaile am luí na gréine
agus is cuma liom
conas a mhothaíonn sise.
Pash
2022-04-23
Málaí gainimh in Kharkiv / Sandbags in Kharkiv
táid ag rith as am bailíonn siad málaí gainimh dá mbard náisiúnta chosain seisean a dteanga in aghaidh scrios is díchuimhne |
sands of time run out and yet they gather sandbags to protect their poet: he once shored up their language against winds of destruction |
2022-04-22
Fjord/ Fiord
| |||
spraoi na scamall leis an oighear - leo féin le chéile i bhfiord |
clouds playing with ice - alone together in a fiord |
2022-04-21
Charles Bartlett
2022-04-20
Lus gorm ~ Hokusai
2022-04-19
Grey Heron on Branch ~ Ohara Koson
2022-04-18
Busy Schedule
go dtí seo lá an-ghnóthach a bhí ann - glasóg |
so far it's been a very busy day - wagtail |
そこまでは 多忙な日なり セキレイ氏 Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura |
oop tae nou it's been a thrang day - willie-wagtail Leagan Béarla na hAlban: John McDonald |
2022-04-17
Winslow Homer
2022-04-16
Hugo Simberg
2022-04-15
Walter Gramatté
2022-04-13
Benjamin West
2022-04-12
Jan Mankes
2022-04-11
2022-04-10
Louis Wain
cineál machnaimh é cat a shárú sa stánadh isteach san fholús bhfuil tusa á lorg aige bhfuil tú aimsithe aige |
outstaring a cat a form of meditation entering the void is the cat looking for You has it found You already |
2022-04-09
Pierre Roy
2022-04-08
Mainie Jellett
2022-04-07
Ingeborg Bernhard
ní gá aon ní eile a rá d'ainm a dhriogadh go ciúin feitheamh leis an gcuach an dabhach a oscailt faoi rún agus ól asat go mall |
time to say no more to distil Your name, quietly wait for the cuckoo open the vat silently and drink of You in long draughts |
2022-04-06
Nina Hamnett
2022-04-05
2022-04-04
2022-04-03
Tobias Verhaecht
duitse a tógadh chun go molfaí thú thar chách i ngach aon teanga féach air, Túr Bháibil, a chroí an gá é a atógáil? |
it was built for You so men could sing Your praises in all languages behold the Tower of Babel . . . is it time to build again? |
κτίστηκε για Σε να ψάλλουν τη δόξα Σου σ' όλες τις γλώσσες ιδού ο πύργος της Βαβέλ ώρα να κτιστεί ξανά; Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise |
Féach freisin The Search for the Perfect Language
2022-04-02
József Rippl-Rónai
nach fada a ndíbirt! anamacha 'tá faoi scáil ar feadh mílaoise éalaíonn an t-anam ansin - éan nó bláth magnóilia |
long is their exile! souls imprisoned in darkness for countless aeons then one escapes like a bird or a magnolia blossom |
μακρά εξορία! ψυχές δέσμιες του σκότους για αιώνες και σαν πουλί το σκάει μια η σαν άνθος μανώλιας Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise |
2022-04-01
Cnoic Shíofra
| |||
nithe nach bhfeictear ag breathnú uathu . . . ag éisteacht . . . Cnoic Shíofra | |||
the unseen watching . . . listening . . . Sheeffrey Hills |