2014-07-05

Haiku más é do thoil é! Léirmheas le Liam Ó Muirthile

Níl aon amhras ná go bhfuil Gabriel Rosenstock ar dhuine de na nuálaithe is mó i stair litríocht na Nua-Ghaeilge. Baineann dhá phríomhshruth lena shaothar riamh ó thosach – bunobair chruthaitheach agus obair chruthaitheach aistriúcháin ón taobh amuigh isteach – dhá ghéag san aon chrann cnómhar amháin. Baineann siméadracht leis an gcnuasach seo is déanaí uaidh a nascann saothar Kuno Meyer agus an nochtadh a dhein sé ar liricí na Sean-Ghaeilge, agus an saothrú atá déanta ag Rosenstock féin le fada ar an haiku. Ba é Kuno Meyer féin a luaigh, den chéad uair, na cosúlachtaí idir na luath-liricí agus filíocht na Seapáinise. Tá an haiku anois mar a bheadh sé ag pórú agus ag síolrú i scáileanna Chluain Mhic Nóis. Déanfaidh na glúnta nár saolaíodh fós, iontas de dhéantús Rosenstock, chomh mór is a léimid féin le gliondar déantúis úd na manach agus na gcléireach Críostaí Gaelach. Tá an ghléine chéanna ag baint leo araon. Ach amháin gur fairsinge go mór réimse Ghabriel. Níor leor leis riamh réim na bhfaoileán ar charraig aonair, ach an réim dhomhanda, ardspéiriúil atá ag an bhfiolar. Tá sé tuigthe chomh maith aige, níos fearr agus níos túisce ná éinne againn, go bhfuil sé riachtanach an phlandlann scáinte Ghaelach a shaibhriú le fáiseanna bláfara iasachta. Más maith leat tús a chur le d’aistear isteach i dteanga na Seapáine, sé seo do lámhleabhar tosaigh. Tá focail agus nathanna Seapáinise tríd an leabhar seo a bhaineann le hábhar, iad ag teacht i láthair faoi chlóca éadrom na Gaeilge. 

Tá an cnuasach roinnte ina cheithre rannóg. Tráchtaireacht ar dhuine de mháistrí móra an haiku, Issa, agus blaiseadh dá shaothar; cúig shéasúr an haiku; Kigo, agus véarsaí na séasúr; agus bunsaothar Ghabriel féin, máistir haiku eile anois. É maisithe go haoibhinn, mar is dual, ag Brian Fitzpatrick.

Dá gcuirfí an cnuasach seo ar chlár gach scoile in Éirinn, i lámha na múinteoirí agus na ndaltaí, cá bhfios ná go mbeadh bunús meoin réabhlóide againn – Réabhlóid Riachtanach na bhFéileacán.

(Foilsíodh i dtosach in An Timire)
     

Ar an lá seo 5 Iúil

Ar an lá seo 5 Iúil, 1882, rugadh Hazrat Inayat Khan
“Níl file ar bith ar domhan nach misteach é. Is misteach é an file i bhfios nó gan fhios dó féin mar ní féidir filíocht a scríobh gan inspioráid agus nuair a theagmhaíonn an file le duibheagán an anama… tugann sé dán leis faoi mar a thugann tumadóir an péarla.”

“Cuireann an fhilíocht rithim anam an fhile in iúl. Bíonn amanna i saol gach duine nuair a bhraitheann an t-anam a rithim féin agus ag amanna mar sin tosaíonn páistí, nach mbaineann iompar gnásúil an tsaoil leo, tosaíonn siad ag rince nó ag úsáid focal a bhfuil rím iontu, nó frásaí atá cosúil lena chéile agus a théann le chéile, á n-aithris arís is arís eile. Is ag amanna mar sin a dhúisíonn an t-anam. D’fhéadfadh anam duine dúiseacht níos minice ná anam duine eile ach i saol gach duine bíonn dúiseacht mar sin ann agus an t-anam a bhfuil an bua aige smaointe agus idéanna a chur in iúl, is minic an bua sin á léiriú i bhfilíocht aige.

I measc nithe luachmhara uile an tsaoil seo níl aon ní níos luachmhaire ná an focal. Mar faightear solas san fhocal nach bhfuil ag geam ná seoid; d’fhéadfadh an oiread sin beochta a bheith i bhfocal go bhféadfadh sé goin chléibh a leigheas. Filíocht mar sin a chuireann an t-anam in iúl tá sí chomh beo leis an daonnaí féin. An bua is mó a d’fhéadfadh Dia a bhronnadh orainn ná binneas cainte agus an fhilíocht, agus ní haon áibhéil é sin; mar i gceann na haimsire déantar bua na fáidheadóireachta de bhua na filíochta . . .

Níl amhras ná go bhfuil fíor-fhilíocht ann agus filíocht bhréige, faoi mar atá fíor-cheol ann agus ceol bréige. D’fhéadfadh duine a bhfuil scata focal agus frásaí ar eolas aige iad a chur le chéile agus eagar meicniúil a chur orthu, ach ní filíocht é sin. An fhilíocht, an ealaín nó an ceol, caithfidh siad an bheatha a chur in iúl; agus ní bheidh siad in ann an bheatha a chur in iúl mura dtagann siad ón gcuisle is doimhne san anam; mura ndéantar amhlaidh is marbh atáid. Tá véarsaí againn ó mháistrí móra a thagann anuas chugainn ó thréimhsí éagsúla agus sheasadar in aghaidh ghaoth bhorb a millte; níor tháinig aois orthu. Mhair na focail mar gheall ar an mbeatha a cuireadh iontu. Na crainn is faide a mhaireann is doimhne a gcuid fréamhacha agus is amhlaidh i gcás véarsaí beo. Léimid iad faoi mar a fhéachaimid ar na crainn, ach dá mbeadh ar ár gcumas fréamhacha na véarsaí sin a fheiceáil, d’aimseoimis san anam iad.

Cén rud a dhúisíonn an t-anam chun na rithime sin a chruthaíonn an fhilíocht? Rud éigin is ea é a théann i bhfeidhm ar an gclaonadh sin atá san fhile ar a dtugtar an grá.”

2014-07-04

Ar an lá seo 4 Iúil

Ar an lá seo 4 Iúil, 1902, cailleadh Swami Vivekananda:
“Chun go n-éireodh leat, caithfidh tú a bheith buanseasmhach agus ceanntréan. ‘Ólfaidh mé an t-aigéan,’ a deir an t-anam buanseasmhach; ‘ar ordú uaimse, sceithfidh na sléibhte’. Bíodh an saghas sin fuinnimh, an saghas sin tola agat; oibrigh go dian agus éireoidh leat.”

“Ní raibh éinne a leag cos ar thalamh Shasana a raibh gráin níos mó ina chroí aige ar chine ar bith ná an ghráin a bhí agamsa ar na Sasanaigh agus, ar an ardán seo, tá cairde liomsa ar Sasanaigh iad atá in ann é sin a dheimhniú; ach dá mhéad dá gcomhluadar a chleachtas, nuair a chonac conas a oibríonn an meaisín acu, saol náisiúnta Shasana, nuair a mheascas leo, nuair a d’aimsíos cá raibh buille croí an náisiúin ann, is ansin is ea a d’fhás an grá atá agam dóibh.”

“Aindiachaí é an té nach gcreideann ann féin. Is é a dúirt na seanchreidimh gurbh aindiachaí é an té nár chreid i nDia. Is é a deir an creideamh nua ná gurb aindiachaí é an té nach gcreideann ann féin.”

“Is é an Búda an t-aon fháidh a dúirt, ‘Is cuma liom faoi na teoiricí éagsúla atá agat mar gheall ar Dhia. Cad is fiú foirceadail chaolchúiseacha mar gheall ar an anam a phlé? Déan an rud fónta agus bí go maith.”

“Is é is oideachas ann ná léiriú ar an bhfoirfeacht atá cheana sa duine. Is é is reiligiún ann na léiriú ar an diacht atá cheana sa duine.”

“Ná bí buartha faoin teip; tá teipeanna nádúrtha, is cuid d’áilleacht an tsaoil iad, na teipeanna sin. Cad a bheadh sa saol gan iad? Níorbh fhiú saol a bheith agat gan streachailt. Cá mbeadh an fhilíocht?”

“Déan do chuid féin de smaoineamh, bí tiomanta dó, bí ag streachailt leat go foighneach, agus éireoidh an ghrian duit.”

“Ná faigh locht ar éinne: má tá tú in ann lámh chúnta a shíneadh chuige, déan sin. Mura bhfuil, fill na lámha ar a chéile, beannaigh do dheartháireacha agus lig dóibh dul a mbealach féin.”

“Is é an t-eolas an sprioc atá ag an duine … Anois, tá an t-eolas sin ag an duine de réir dúchais. Ní thagann eolas ar bith ón dtaobh amuigh: tá sé go léir istigh.”

“Cá raghfá chun teacht ar Dhia munar léir duit É i do chroí istigh agus i ngach neach beo.”

“Múineann Vedanta dúinn go bhfuil Nirbheána ar fáil anseo anois, nach gá dúinn feitheamh leis an mbás chun é a bhaint amach. Is é is Nirbheána ann ná lánléargas a fháil ar an bhFéin.”

“Ní aithníonn Vedanta peaca ar bith, ní aithníonn sé ach an earráid. Agus an earráid is mó, dar le Vedanta, ná a rá go bhfuil tú lag, gur peacach is ea thú, neach dearóil, agus nach bhfuil cumhacht ar bith agat chun aon ní a dhéanamh.”

“An Féin, nó Bráman, is ea gach aon ní. An naomh, an peacach, an t-uan, an tíogar, an dúnmharfóir féin fiú amháin, ní fhéadfadh aon ní eile a bheith iontu mar nach bhfuil aon ní eile ann.”

“Amach leat agus isteach i gcruinne an tSolais. Is leatsa gach aon ní sa chruinne, sín amach do dhá lámh agus tabhair barróg ghrámhar di.”

“Líon an inchinn le hardsmaointe, leis na hidéil is airde, leag os do chomhair iad de ló is d’oíche agus as sin eascróidh sárshaothar.”

“Má tá an bheatha uait, caithfidh tú bás a fhail an t-am ar fad ar a son. Níl sa bheatha agus sa bhás ach téarmaí difriúla ar an rud céanna a bhféachtar air ó thaobh eile; is iad titim agus éirí na toinne céanna iad agus is aon iomlán iad le chéile.”

“An nádúr, an cholainn, an aigne, tá an bás i ndán dóibh, ach ní dúinne. Baineann an duine Vivekananda leis an nádúr, saolaíodh é, caillfear é; ach an Féin a aithnítear mar Vivekananda níor rugadh riamh é is ní chaillfear choíche é. Is é an Réaltacht é, síoraí, do-athraithe.”

“Croílár an Vedanta is ea nach bhfuil ach Beith amháin ann agus ní cuid den Bheith sin an t-anam ach an Bheith féin go hiomlán.”

“Níl aon domhan ann. Is é Dia féin é. Seachmall a bheadh ann an domhan a thabhairt air.”

2014-07-03

Ar an lá seo 3 Iúil

Ar an lá seo 3 Iúil, 1883, rugadh Franz Kafka:
“Verlassen sind wir doch wie verirrte Kinder im Walde. Wenn Du vor mir stehst und mich ansiehst, was weißt Du von den Schmerzen, die in mir sind und was weiß ich von den Deinen.”

“Tréigthe atáimid mar pháistí ar strae i gcoill. Nuair a sheasann tú os mo chomhair agus nuair a fhéachann tú orm, cén cur amach atá agatsa ar an mbrón a fhulaingímse agus cén cur amach atá agamsa ar do bhrónsa.”

“Ich glaube, man sollte überhaupt nur solche Bücher lesen, die einen beißen und stechen. Wenn das Buch, das wir lesen, uns nicht mit einem Faustschlag auf den Schädel weckt, wozu lesen wir dann das Buch?... wir brauchen aber die Bücher, die auf uns wirken wie ein Unglück, das uns sehr schmerzt, wie der Tod eines, den wir lieber hatten als uns, wie wenn wir in Wälder verstoßen würden, von allen Menschen weg, wie ein Selbstmord, ein Buch muß die Axt sein für das gefrorene Meer in uns.”

“Ní dóigh liom gur cheart dúinn ach na leabhair sin a léamh a ghortaíonn sinn, a shánn sinn. An leabhar atá á léamh againn, mura ndúisíonn sé sinn mar bhuille sa cheann, cén fáth é a léamh? . . . tá leabhair uainn a théann i bhfeidhm orainn mar mhatalang, a chuireann an-bhuairt orainn, ar nós bás duine a raibh níos mó grá againn dó ná mar atá againn dúinn féin, ar nós a bheith díbeartha chun na foraoise i bhfad ó chách, nó mar a bheadh féinmharú ann. Caithfidh an leabhar a bheith ina thua a bhrisfidh an mhuir reoite ionainn.”

“Als Gregor Samsa eines Morgens aus unruhigen Träumen erwachte, fand er sich in seinem Bett zu einem ungeheuren Ungeziefer verwandelt.”

“Maidin amháin nuair a dhúisigh Greagóir Samsa as a bhrionglóidí corracha, fuair sé é féin claochlaithe sa leaba ina fheithid ollmhór.”


“Is nuair nach mbeidh gá leis a thiocfaidh an Meisias.”

“Téann creidimh amú díreach faoi mar a théann daoine amú.”

2014-07-02

Is this love? le Bob Marley




Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín

An é grá, an é grá,
an é grá, an é grá a mhothaímse?
[X2]

Is gá a rá, gá a rá, is gá a rá
Caithfear a rá, caithfear a rá, caithfear é 'rá

Táimse thar a bheith sásta
 Is seo mé ag lorg do ghrásta
Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín

An é grá, an é grá,
an é grá, an é grá a mhothaímse?
[X2]

Ó, sea, is eol, sea is eol, sea is eol dom [X2]
Táimse thar a bheith sásta
 Is seo mé ag lorg do ghrásta
Is seo mo ghrá dhuit le ceart is cóir
Is seo mo ghrá dhuit, gach aon lá 's mé 'dul thar fóir
Beimid le chéile is ní bheidh an tigh gan díon
Mo leaba aonair mar thearmann íon
Sa seomra céanna, Jah, tabhair dúinn builín
Mo leaba aonair mar thearmann íon

Ar an lá seo 2 Iúil

Ar an lá seo 2 Iúil, 1925, rugadh Patrice Lumumba