2015-02-13

Graifítí an Lae

Rise like Lions after slumber
In unvanquishable number
Shake your chains to earth like dew
Which in sleep had fallen on you
Ye are many - they are few!

Mar Leoin i ndiaidh a scíthe
Éirígí, dochloíte -
Na slabhraí croithigí díbh mar dhrúcht
(Thiteadar oraibh is sibh fá shuan)
Is tearc a líon san - sibhse an slua!

Percy Shelley
The Masque of Anarchy

2015-02-12

Im wunderschönen Monat Mai/ I mí na Bealtaine do bhí

File: Heinrich Heine:
Cumadóir: Schumann
Im wunderschönen Monat Mai,
Als alle Knospen sprangen,
Da ist in meinem Herzen
Die Liebe aufgegangen.

Im wunderschönen Monat Mai,
Als alle Vögel sangen,
Da hab' ich ihr gestanden
Mein Sehnen und Verlangen.
I mí na Bealtaine do bhí
Bachlóga ’g briseadh trí gach géag;
Istigh im chroí ag léimrigh
An grá nach eol dó éag.

I mí na Bealtaine do bhí
A bhinn-phort ag gach éan;
Is nochtas di mo dhúil
An tnúthán bhí im chléibh.

Íomhá an Lae


2015-02-11

Wiegenlied/Suantraí

File: Ní fios
Cumadóir: Franz Schubert
Schlafe, schlafe, holder, süßer Knabe,
Leise wiegt dich deiner Mutter Hand;
Sanfte Ruhe, milde Labe
Bringt dir schwebend dieses Wiegenband.

Schlafe, schlafe in dem süßen Grabe,
Noch beschützt dich deiner Mutter Arm,
Alle Wünsche, alle Habe
Faßt sie lieben, alle liebewarm.

Schlafe, schlafe in der Flaumen Schoße,
Noch umtönt dich lauter Liebeston,
Eine Lilie, eine Rose,
Nach dem Schlafe werd' sie dir zum Lohn.
Codail, codail, codail a bhunóicín
Luascann duitse lámh do mháithrín;
Codladh suaimhneach, a stóirín,
’Dtí an lá geal id chliabháinín.

Codail, codail i do nead gan bhaol
Lámh do mháithrín os do chionn go deo;
Gach aon ghuí, a bhfuil sa tsaol
Faoin mbraillín, seoithín seo-ó.

Codail, codail, clúmh na n-éan dod chlúdach
Suantraí aoibhinn fós le cloisteáil:
Lile bhán, róisín úr
T’réis do shuainín, beidh siad le fáil.

Smaoineamh an Lae

"Ba i scáthán dubh an ainrialachais a d'aithin an t-osréalachas é féin an chéad uair."
André Breton, 1952.

2015-02-10

Mondnacht/Oiche Ghealaí

File: Joseph von Eichendorff (1788 -1857)
Cumadóir: Schumann
Es war, als hätt' der Himmel,
Die Erde still geküßt,
Daß sie im Blütenschimmer
Von ihm nun träumen müßt.

Die Luft ging durch die Felder,
Die Ähren wogten sacht,
Es rauschten leis die Wälder,
So sternklar war die Nacht.

Und meine Seele spannte
Weit ihre Flügel aus,
Flog durch die stillen Lande
Als flöge sie nach Haus.
Is bhí mar thug na spéartha
Don talamh póigín ciúin
Na bláthanna bhí spréite
I mbrionglóidí na rún.

Chuaigh leoithne trí na móinéir
Is bhog an dias go séimh,
Seordán sa choill i gcónaí
An oíche lonrach glé.

Faoi m’anamsa bhí fuadar
Is leath a dhá sciathán,
Ghabh trí na tailte ciúine
Ar thóir a bhaile ann.

Smaoineamh an Lae

“Ní rabhas in aghaidh an chumannachais, ach ní fhéadfainn a rá go rabhas ar a shon ach an oiread. Bhí amhras orm ina thaobh ar dtús, rud éigin a bhí caite le chéile ag an bhfear geal ab ea é, mheasas, go dtí gur léas saothar le réabhlóidithe Afracacha ... thuig réabhlóidithe na hAfraice nár bhain ceist na fuascailte san Afraic le ceist an chine amháin; fiú dá n-éireodh leo fáil réidh leis na coilínigh gheala,mura bhfaighfí réidh leis an struchtúr eacnamaíoch caipitlíoch, bheadh an t-iarchoilíneach Gorm ann in áit na gcoilíneach geal. Ní raibh gluaiseacht fuascailte ar bith san Afraic nach ag troid ar son an tsóisialachais a bhí sí. Go deimhin, ní raibh oiread is gluaiseacht fuascailte amháin ar domhan a bhí ag troid ar son an chaipitleachais. Bhí an rud ar fad an-simplí: rud ar bith a bhfuil luach ar bith ag baint leis, is iad an lucht oibre a dhéanann é, a thochlaíonn faoin talamh é, a fhásann é, a tháirgeann é, a phróiseálann agus a chuireann le chéile é. Cén fáth mar sin nach leis an lucht oibre i gcoitinne an saibhreas sin? Cén fáth nach rialaíonn an lucht oibre na hacmhainní sin ar leo iad? Is é is brí le caipitleachas ná gur leis an rachmasóir, an fear gnó an saibhreas sin agus ciallaíonn an sóisialachas gur leis an dream a chruthaíonn é an saibhreas .”

Assata Shakur, Assata: An Autobiography