2015-02-16

Lang hae we parted been /'Stóirín, Luigh Taobh Liom

File: Burns
Lang hae we parted been,
Lassie my dearie;
Now we are met again,
Lassie lie near me.

Chorus:

Near me, near me,
Lassie lie near me;
Lang hast thou lien thy lane,
Lassie lie near me.

A' that I hae endur'd,
Lassie, my dearie,
Here in thy arms is cur'd,
Lassie lie near me.
Near me, near me...

Scartha le fada uaim

Scartha le fada uaim
’Stóirín mo chléibhe
Seo sinn le chéil’, a rún,
’Stóirín luigh taobh liom.

Taobh liom, taobh liom,
’Stóirín luigh taobh liom;
Fada id’ luí leat féin
’Stóirín luigh taobh liom.

Gach ní a bhuair mo chroí!
’Stóirín mo chléibhe,
Leigheas thú ar gach imní
’Stóirín luigh taobh liom

Taobh liom, taobh liom,
’Stóirín luigh taobh liom;
Fada id’ luí leat féin
’Stóirín luigh taobh liom.

2015-02-15

Peggy Gordon

Amhrán an phobail as Ceanada
O Peggy Gordon, you are my darling
Come sit you down upon my knee
Come tell to me the very reason
Why I am slighted so by thee.

I’m so in love I can't deny it
My heart lies smothered in my breast
It's not for you to let the world know it
A troubled mind can know no rest.

Chorus:

O Peggy Gordon, you are my darling
Come sit you down upon my knee
Come tell to me the very reason
Why I am slighted so by thee.

I leaned myself on a cask of brandy
It was my fancy, I do declare
For when I'm drinking, I am thinking
And wishing Peggy Gordon was here.

Chorus

I wish I was away in Ingo
Far across the briny sea
Sailing o’er the deepest ocean
Where love nor care never trouble me.

I wished I was in some lonesome valley
Where womankind cannot be found
Where the pretty small birds do change their voices
And every moment a different sound

Chorus


Peigí Gordon

A Pheigí Gordon, is tú mo stóirín
Seo gabh i leith, suigh ar mo ghlúin
Is inis domhsa fáth do bhuartha
Nó cad a dheineas ort, a rún?

Táim doirte i ngrá, ní call é ’shéanadh
Mo chroí tá múchta istigh i m’ucht
Ní gá é ’fhógairt ar fud Éireann
Ní chodlóidh mise aon néal anocht.

Curfá:


A Pheigí Gordon, is tú mo stóirín
Seo gabh i leith, suigh ar mo ghlúin
Is inis domhsa fáth do bhuartha
Nó cad a dheineas ort, a rún?

Ligeas mo cheannsa ar chasca branda
Do bhí fonn óil orm, faraor
Nuair ’bhím ag diúgadh bímse buartha
Ag samhlú Peigí Gordon im’ ghaor.

Curfá

Ba bhreá liom bheith thar sáile in Ingo
Is mé ag treabhadh na dtonn dom féin
Is dubh atá an croí im chliabhsa
Is dubh, mo chrá, atá na haigéin.

Curfá:

Nárbh aoibhinn bheith i ngleanntán aerach
Gan teacht ar mhná in aon bhall
Agus éiníní beaga ag malartú nótaí
Glór abhus agus glór eile thall.

Curfá:

Eitleáin Haiku: Baile Átha Cliath faoi Ionsaí [ Físeán Gearr]


2015-02-14

Nachtzauber/Draíocht Oíche

File: Josef von Eichendorff
Cumadóir: Hugo Wolf
Hörst du nicht die Quellen gehen
zwischen Stein und Blumen weit
nach den stillen Waldesseen,
wo die Marmorbilder stehen
in der schönen Einsamkeit?
Von den Bergen sacht hernieder,
weckend die uralten Lieder,
steigt die wunderbare Nacht,
und die Gründe glänzen wieder,
wie du's oft im Traum gedacht.

Kennst die Blume du, entsprossen
in dem mondbeglänzten Grund
Aus der Knospe, halb erschlossen,
junge Glieder blühendsprossen,
weiße Arme, roter Mund,
und die Nachtigallen schlagen
und rings hebt es an zu klagen,
ach, vor Liebe todeswund,
von versunk'nen schönen Tagen -
komm, o komm zum stillen Grund!
Komm! Komm!
Nach gcloiseann tú an fuarán réidh
Idir chloch is bláth i gcéin
’dtreo na locha coille glé
Ball na ndealbh úd faoin ré
Iad leo féin san uaigneas séimh?
Dúisítear i measc na sléibhte
Amhráin as na seanlaetha.
Chugainn an oíche faoina clóc’
Tá an domhan le solas spréite
Mar a fheictear i mbrionglóid.

Is an eol duit bláth a bhláthaíonn
Ins an áit a mbíonn an ré,
As an mbachlóg, í leathbháite,
Péacann géaga, géaga áille
Lámha cailce, dearg-bhéal?
Éist le glór an fhiliméala
Ins gach áit níl ann ach caoineadh,
Uch, an grá a fhágann créacht
Is na laethanta ’tá tréigthe –
Tar ó tar ’dtín garrán séin!
Tar! Tar!

An cine gorm (agus na Gormacha!)

Is minic a chloisim an cheist, 'Cén fáth fear GORM, bean GHORM'? Cén fáth nach 'dubh' a deirtear?
Tá níos mó ná freagra amháin ar an gceist sin. An bhféadfadh gur freagra bailí atá againn sa nasc seo thíos agus go raibh rud éigin ar eolas ag na Gaeil nár thuig aon fhear ach Aesóp (is tá sé siúd sa chré anois):

2015-02-13

Du bist wie eine Blume/ Cosúil le bláth atá tú

File: Heinrich Heine:
Cumadóir: Schumann
Du bist wie eine Blume,
So hold und schön und rein;
Ich schau' dich an und Wehmut
Schleicht mir ins Herz hinein.

Mir ist, als ob ich die Hände
Aufs Haupt dir liegen sollt',
Betend, daß Gott dich erhalte
So rein und schön und hold.
Cosúil le bláth atá tú,
Chomh hálainn, án is úr;
Is nuair a fhéachaim ortsa
Bíonn uaigneas orm, monuar.

Samhlaím gur chóir dom lámha
Do cheannsa a bheannú
Ag guí chun Dé go bhfanfaidh tú
Chomh hálainn, án is úr.