2016-01-30

Chuala go luath sa lá faoi rún



Chuala go luath sa lá faoi rún
Go mbeimisne beirt i mbád, ár ndís amháin,
Is gan fhios ag éinne ar domhan
Go rabhamar ar oilithreacht
Gan tír ar bith againn mar chríoch

Ar aigéan sin gan bhruach
Tú ag éisteacht led’ mheangadh ciúin
D’imeodh mo chuid laoithe ina srúill
Saor mar thonn, gan briathra á gcur in iúl

Nár tháinig fós an t-am?
Bhfuil dán nó dhó le scríobh?
Féach, an iarnóin tagtha síos go dtí an trá,
An solas lag ag éag
Éin ag filleadh abhaile ar a nead

Cathain a bheidh na slabhraí di
Is an bád ar nós lasairín na gréine
Slogtha ag an oích’?

File: Rabindranath Tagore
Cumadóir: David Leisner

2016-01-29

Smaoineamh an Lae



Is é is brí le 'radacach' ná 'breith ar fhréamh ruda'.

Angela Davis

2016-01-28

Dóibh Siúd A Dúnmharaíodh 1845 -1850


Dóibh Siúd A Dúnmharaíodh 1845 -1850

(do Chris agus Mary Fogarty)


Féachann na réaltaí anuas
ach ní léir daoibhse a ndeora
folamh bhur meallta súl
réab an gorta bhur dtéada gutha
níl sibh in ann labhairt
bhur mbéal pulctha leis an gcré
atá torthúil arís
féachann na réaltaí anuas
ar an ngrán órga
nach meilfear go deo ina phlúr geal
ná ina arán ar bord

An chaor ar an gcuileann
ar crith –
clé deas clé deas clé deas clé
na gCótaí Dearga
trup na mbeithíoch ag imeacht go Sasana

A réaltaí, féachaíg’ anuas
go dtí nach mbeidh sa ghrian
ach abhac dubh

 

To The Murdered of 1845-1850

(for Chris and Mary Fogarty)


Stars look down
but you cannot see their tears
your eye sockets empty
hunger has torn your vocal chords
you cannot speak
your mouths stuffed with earth
that once again is fruitful
stars look down
on golden corn
that never will be bright flour
or bread on your table

The berry on the holly
is trembling –
Redcoats hollering
left right left right left right left
thunder of livestock on its way to England


Stars, look down
until the sun is nothing
but a black dwarf

2016-01-27

Trí Haiku ón mBrasaíl

ecoturismo
o macaquinho
escolhe doce de banana
éiceathurasóireacht
roghnaíonn an moncaí beag
cáca banana
árvore sem folhas
periquitos se espalham
pelos galhos
crainn loma
scaipeadh na bpearaicítí
i measc na ngéag
tempo de pesca
as gaivotas chegam
e o silêncio vai
am iascaireachta
tagann na faoileáin
imíonn an ciúnas

Rosa Clement

Agallamh léi anseo

2016-01-26

A mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim?/ O mistress mine, where are you roaming?

Twelfth Night, Gníomh II,
Radharc III

O mistress mine, where are you roaming?

William Shakespeare, 1564 - 1616
 

An tAbhlóir ag canadh
O Mistress mine, where are you roaming?
O stay and hear! your true-love’s coming
That can sing both high and low;
Trip no further, pretty sweeting,
Journeys end in lovers’ meeting—
Every wise man’s son doth know.

What is love? ’tis not hereafter;
Present mirth hath present laughter;
What’s to come is still unsure:
In delay there lies no plenty,—
Then come kiss me, Sweet-and-twenty,
Youth’s a stuff will not endure.
A Mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim,
Ó fan is éist! Mar tá mé chugatsa.
Canaim íseal, canaim ard;
Stop den fhánaíocht, fan a ghrá dhil
Deireadh an aistir tú i ndáil linn –
Rud é sin is léir do chách.

Níl aon ghrá ann ‘s tú sa chré
Gáir inniu, ní hann do inné;
Cá bhfios dúinn cad tá i ndán:
Níl aon mhaith sa mhoill, a thaisce
Póg mé ar mo bheola taise
Níl san óige ach lá amháin.

2016-01-25

An Chúis a nDeachaigh Bodhidharma Chuig Óstán Howard Johnson



 
"Cén áit is baile duit?" a d'fhiafraigh an t-agallóir de.

Anseo.

"Ní hea," arsa an t-agallóir, á mheas gur fadhb aistriúcháin a bhí ann,
"an áit is baile duit de ghnáth."

Thosaigh Bodhidharma ag smaoineamh ansin, fadhb aistriúcháin?

 

~ Jane Hirshfield ~

 (The Wisdom Anthology of North American Buddhist Poetry)

2016-01-24

Haiku le Issa on mbliain 1824

An domhan beo agus an domhan neamhbheo (an kanzashi, ornáid gruaige) ag
teacht le chéile sa haiku aoibhinn seo.
pionna gruaige
i bhfoirm féileacáin  . . .
meallann sé an féileacán beag

.かんざしの蝶を誘ふやとぶ小蝶
kanzashi no chô wo sasou ya tobu ko chô