2016-10-30

Guthanna

Amarjit Chandan


Cloisim guthanna:
Deir mo mháthar rud éigin agus scairteann amach ag gáire.
Tocht i nglór m’athar nuair a labhrann sé.
Clúmh ag teacht ar m’aghaidh.
Buaileann clog. An scoil thart.
Phógas arís í.
An traein go Nakodar* ag imeacht.
Is é seo guth Baba Bhag Singh** is é ar cuairt chugainn.
Osclaíonn geata an phríosúin.
Mo mhaicín leath-thachta is é ag diúl a mháthar.
Caitheann taistealaithe bláthanna is cnónna cócó sa mhuir.
Níl ach glór amháin in easnamh
An glór a shantaím.


*Nakodar: baile dúchais an fhile sa Phuinseaib

**Baba Bhag Singh: Réabhlóidí Puinseábach

 

© 1995, Amarjit Chandan

as: Jarhan

Foilsitheoir: Aesthetic Publications, Ludhiana, 1995


Aiste iontach anseo mar gheall ar Chandan:
http://amarjitchandan.tripod.com/identity.pdf

2016-10-29

Maidin ar Bith

Any Morning


Just lying on the couch and being happy.
Only humming a little, the quiet sound in the head.
Trouble is busy elsewhere at the moment, it has
so much to do in the world.

People who might judge are mostly asleep; they can't
monitor you all the time, and sometimes they forget.
When dawn flows over the hedge you can
get up and act busy.

Little corners like this, pieces of Heaven
left lying around, can be picked up and saved.
People won't even see that you have them,
they are so light and easy to hide.

Later in the day you can act like the others.
You can shake your head. You can frown.

~ William Stafford ~

(The Way It Is)

Maidin ar Bith


I mo luí ar an tolg ar mo sháimhín suilt.
Ag portaireacht beagán, glór ciúin sa cheann.
Trioblóidí gnóthach in áit eile faoi láthair,
tá a ndóthain le déanamh acu i ndomhnach.

Is ina gcodladh is mó atá an lucht breithiúnais: ní thig leo
monatóireacht sheasta a dhéanamh ort. Dearúdann siad uaireanta.
Nuair a shnámhann an chamhaoir thar an bhfál
éirigh is cuir cruth ort féin.

Prochóga beaga mar seo, píosaí Neimhe
ina luí thart, is fuirist iad a phiocadh suas is a choigilt.
Ní thabharfaidh daoine faoi ndeara iad,
táid chomh héadrom sin is fuirist iad a cheilt.

Féadann tú a bheith ar nós cách ar ball.
do cheann a chroitheadh. Muc ar gach mala.

ONIE MORNIN


Juist liggin on the sofa quite joco.
Anely bummin a wee, the quate soond i the heid.
Fasherie's thrang ithergates the nou,
its got owermuckle tae dae i the warl.

Fowk whae micht jeedge'r maistly doverin; they cannae
chack ye aw the tyme, sumtymes they foryet.
Whan daw fleets ower the hedge ye can heave up
an act eydently.

Peerie neuks lik this, bitties o Heiven
quat tae ligg aroon, can be gaithert an hained.
Folk wullnae e'en ken ye hae thaim,
thay'r sae licht an no ill tae dern.

Later on ye can act lik the ithers.
Ye can shak yer heid, ye can glower.

Leagan Béarla na hAlban :John McDonald

2016-10-27

Haiku le Issa ón mbliain 1813

sicín bacach
ag tarraingt na gcos  . . .
lá fada

 .鶏やちんば引々日の長き


niwatori ya chinba hiki-hiki hi no nagaki


Is treise dúchas ná oiliúint, a deirtear. An bhá a léiríonn Issa leis an gcircín leonta, an raibh an bhá sin ann ó dhúchas nó ar fhoghlaim sé an tsuáilce sin ó theagasc an Bhúda? Is dóigh le daoine áirithe go bhfuil an chomhbhá (nó atrua) lárnach i gcúrsaí haiku:

http://www.charterforcompassion.org/index.php/compassion-haiku


Tá go leor de haiku an Bhéarla ar na saolta seo gan a bheith atruach i gceart; fágann san nach bhfuil iontu ach breosla don ego nuair is a mhalairt ghlan is cóir a bheith ann.

2016-10-26

Colún Nelson (1966)


Colún Nelson (1966)


Phléasc an tIRA Colún Nelson
is fágadh le stumpa sinn
shiva lingam
thána i lár na hoíche
le bláthanna, bainne, uisce íon,
rís is duilleoga
chun pianta fíochmhara na hImpireachta a mhaolú
 

Nelson’s Pillar (1966)


The IRA blew up Nelson’s Pillar
we were left with a stump
a shiva lingam
I came in the middle of the night
with flowers, milk, pure water,
rice and leaves
to ease the savage pain of Empire

2016-10-25

Méarloirg

breathnú ar ghrianghraif
de do shinsir
céad bliain ó shin


ar nós breathnú
ar do mhéarloirg
féin -

    ciorcail
    is línte
    nach bhfuil tú in ann
    a aithint

go dtí go dtagann duine eile
le súil stróinséara
féachann go grinn agus deir
sin tusa

Joseph Bruchac