2018-03-31

Haiku le Issa on mbliain 1814

Cad a tharla sa bhliain 1814?

  • Tosnaíonn misinéirí ar an Maoris a bhreacadh síos den chéad uair
  • Rugadh Richard D’Alton : 
 ‘The three past years, during leisure moments, have been devoted by me to know the Irish language, with which I was previously utterly unacquainted. The labour was severe and often abandoned, almost with despair, because I could not find correct books to study from. The rules for pronunciation were a jumble of contradictions, owing to the misspellings of words, the confounding of radical and adventitious letters, and the want and misplacing of marks. All these errors caused a false reading, which made a babel of the language, brought the laugh of the Irish-speaking listener on the reader, and thus forced him to resign all further attempts towards attaining his Mother tongue.’ (ainm.ie)
  • Rugadh an file Úcránach Taras  Shevchenko
  • Rugadh an scríbhneoir Éireannach Sheridan Le Fanu
  • Rugadh an scríbhneoir Rúiseach Mikhail Lermontov
  • Rugadh Seán Pléimeann, scoláire Gaeilge
  • Cailleadh an tírghráthóir Thomas Davis
  • Cailleadh Johann Gottlieb Fichte, fealsamh Gearmánach
  • Cailleadh Theophilius O’Flanagan, scoláire Gaeilge

Agus sa bhliain 1814 chum Issa an haiku seo:
 

éanlaith uisce
leath ina gcodladh –
an domhan ar snámh

.水鳥よ今のうき世に寝ぼけるな

mizudori yo ima no ukiyo ni nebokeru na


Cad is brí le ukiyo, ‘domhan ar snámh’?

2018-03-28

Crann

Jason Symes
faoi mar a fhanann crann
le grian na maidine
d'fhanamarna
    lena chéile . . .
    oíche fhada na síoraíochta
as a tree waits
for the morning sun
we have waited
    for one another . . .
    long night of eternity
όπως το δέντρο
τον ήλιο του πρωιού
περιμέναμε
    ο ένας για τον άλλον. . .
    μακρά αιώνια νύχτα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

Filí Haiku Nach nDéanfar Dearmad Orthu

2018-03-27

Féar le linn Gorta

Triomach uafásach
is tá na héin tar éis na crainn
a fhágaint agus na seangáin
a gcuid cnoc seangán
N'fheadair éinne cá bhfuilid
d'imigh na doirse
sea bhailíodar leo
bailithe leo go deo

Triomach uafásach
agus seasann beithígh go ciúin
ag stánadh ar a chéile

Féachann Daid ina thimpeall
agus ar seisean -
Triomach mar é
ní raibh riamh cheana
féar an basti féin
feoite fiú amháin
Níor chuala caint riamh
ar bhás an fhéir . . .
ar sé agus titeann dá thost.
Amach liom
sa tóir ar fhéar
Féachaim thart
ar an bhféarach seasc
mé ag breathnú i dtoibreacha
suas síos na sráideanna
na crosbhóithre
ach ní thagaim
ar an nglaise is lú
Tagaim ar chrúiscíní folmha
buicéid, liacha, trinsiúir
féachaim isteach sna crúiscíní
i súile na ndaoine
ach ní fheicim puinn féir
Sa deireadh i ndiaidh cuardaigh fhada
ar fud na lonnaíochta
abhaile liom is díomá orm
agus sa draein thirim in aice leis an tobar
i measc píosaí de ghloine bhriste
faighim spléachadh ar phonc glas
an féar é?
Sea, féar atá ann
deinim amach -

Nuair a théim abhaile
tugaim an dea-scéala do m'athair
agus tagann luisne ina ghrua
fiú sa dorchadas -
'Tá dóchas ann i gcónaí
má tá féar ann  . . .'
Ar sé faoina anáil
is báitear ansin ina chuid smaointe é

Kedarnath Singh

2018-03-26

Bob Dylan: Athrú na nGardaí/ Changing of the Guards


Sé bliana déag
Sé bhratach déag is iad aontaithe sa pháirc
An t-aoire maith faoi bhrón
Baothdhána, mná agus fir gan treoir
Sciatháin á leathadh faoi dhuilleoga.

Glaonn fortún
Do shiúil mé amach as scáth, ‘dtí an margadh
Ceannaithe ann, gadaithe ann, is cumhacht ag teastáil,
Nach cumhra í, nós na móinéar ’nar rugadh í,
Roimh Lá Fhéile Eoin, gar don túr

An ghealach gan chroí
An captaen ann os cionn an mhór-cheiliúrtha
Smaointe á gcur go dtí an ainnir mhín
A cuntanós dubh nach n-insíonn rud ar bith fúithi
Tá an captaen thíos ach creideann sé i gcónaí go mbeidh an grá binn

Do lomadh í
Í stróicthe idir Iúpatar is Apalló
Do tháinig teachtaire le filiméala dubh
Bhí sí ar an staighre is b’éigean dom í a leanacht
I ’leanacht síos thar an scairdeán, a caille á hardú

Do sheas mé ansin go lag
Is chuas thar an léirscrios i ngach claí
Na greamanna á gcneasú faoin tatú i gcruth croí
Sagairt gan mhaith agus feall gach óg-chaillí
Na blátha á dtabhairt amach ’thugas duit mar fhéirín.

Pálás na scáthán
Is frithchaitheamh na saighdiúirí
An ród gan chríoch is clingíní na ndeor
Gach seomra lom agus cosaint ar a cuimhní
Agus glór na n-aingeal, éisteann le gach sprid ón am fadó.

Dúisíonn sí é
Dhá lá ina dhiaidh sin, an ghrian ag briseadh
Na seanslabhraí, labhras sléibhe, is carraig mhór
Is iarrann sí air a rá léi gach céim atá roimhe
Í tarraingthe síos, is greim aici ar a chuid gruaige mar ór.


A chairde, ar sé.
Níl aon ghá agam le bhur n-eagraíocht, shnasas bhur mbróg’
Bhogas bhur sléibhte, oraibh mo shúil
Tá Parthas á dhó,
Beidh oraibh réiteach le haghaidh bhur ndeireadh nó -
An misneach a fháil ionaibh le haghaidh an garda á athrú.

Tiocfaidh síth
Le suaimhneas séimh is niamhracht ar na rothaí teo
Ach ní tairbhe dhúinn é le titim na n-íol fann
Is géilleann an bás fuar is a thaibhse ag cúlú
Idir an Rí is Banríon na Lann.