2019-06-30

Pennti Sammallahti

Pennti Sammallahti
istigh san ubh...
is beag atá ar eolas
ag an storc
inside the egg...
stork knows little
or nothing

卵のなか
知るや知らぬや
コウノトリ
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura
εντός του αυγού...
λίγα ξέρει ο πελαργός
ή τίποτε

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2019-06-29

Ito Sozan

Ito Sozan
ciúnas na gealaí...
gach aon soicind
bristear croí
stillness of the moon...
every second
a heart is broken
lithe o the muin...
ilka saicont
a hert's tasht

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
月しずか
刻一刻と
胸やぶれ

Leagan seapáiníse: mariko sumikura

2019-06-28

Haiku le Issa ón mbliain 1809

an gcronaíonn tusa
do mháthair leis,
a chiocáda?

.母恋し恋しと蝉も聞ゆらん

haha koishi koishi to semi mo kikoyaran

2019-06-27

Línte dírithe ar a Láithreacht Neamhchónaitheach

Ramakanta Rath
Mheasas go raibh tú dearúdta
go hiomlán agam.

Agus ansin, lá amháin, bhíos ag bruíon
le gach éinne – mo bhean, na páistí,
an Rialtas agus Dia.

Sula raibh deireadh leis an aighneas, shiúlaíos
liom
is sheasas cois na fuinneoige.
Lasmuigh den fhuinneog bhí ceo
faoi sholas na gealaí
á leathadh féin go teorainn na cruinne.

Bhís-se ann, is tú feistithe in éadach
na gcrann is na dtor
ar bhruach na habhann.
Bhí miongháire ag lonrú
ar do chraiceann gruama.
Id’ shúile bhí gort ríse gan chríoch, tais on mbáisteach.
Do chuid gruaige neamhchíortha ag foluain le gaoth
mar dhuilleoga chána siúcra.
Do bhéal leathdhúnta, leath ar oscailt
san áit a dtagann deireadh le gach agallamh.
Do chosa as duibheagán brionglóidí ag éirí aníos.
Chrith do cholainn, is gach aon litir de d’ainm
scríofa i ndúch doghlanta an ama atá caite.

Bhí a fhios agam go n-imeofá go luath
is nach bhféadfá fanacht
go mbeadh sé ina am fanachta.
Pé áit a raghair, bheadh lámh leat a d’ardófá
os cionn do ghuaillí gar do na réaltaí.
Tagann an galtán gach maidin
chun beannú do na mná
a bhfuil aibhneacha iomlána ina súile acu.
Níl scoilt dá laghad idir an domhan agus an spás amuigh.
Tá súile na súl agus cluasa na gcluas
ag siúl thart i ngarráin fhionnuara na gcnónna cócó,
déithe agus bandéithe ina seasamh sa tairseach
ag tnúth le hoiread na fríde de bheannacht
ina slaoda uait ón machnamh agat ort féin

Cad atá fágtha, i ndiaidh duit imeacht?
Carraigeacha loma, duibhe sholas na gealaí
a chuireann an todhchaí ar ceal,
roinnt blianta fuilsmeartha, saighdiúirí marbha
is púdar gunna nár úsáideadh á chosaint acu ar ghrinneall na mara,
agus an bóthar uaigneach seo a chaithfidh mé a shiúl
go deireadh thiar.

Imigh mar sin, ní fada eile atá agam,
ní féidir a bheith ag súil
go dtiocfaidh biseach orm.
Fiabhras orm anois gach aon lá, geall leis,
na néaróga ó chom go sáil i bpian
agus má éirím im’ sheasamh gan aire a thabhairt dom féin
tá sé ar nós titim i gclais gan tóin.
Scaoilte tirim an craiceann, an fheoil
tite díom, lá éigin anois
stopfaidh an anáil áit éigin sna scamhóga.
Bheadh an méid seo go léir curtha agam chugat i dtuairisc,
ach nach bhfuaireamar amach fadó, an bheirt againn,
nach aon tairbhe é nuacht den sórt sin
duitse ná domsa.

2019-06-26

Dhá litir chuig Horáit

1.

A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
an dtabharfá dán dúinn?
Tá iris bheag againn.
Fógraíocht mhaith a bheadh ann
do do chuid leabhar.
Tá líon na léitheoirí ag dul i méid
agus d’fhéadfainn do dhánsa a chur
in áit shuntasach
rud atá dlite do do shaothar.

Bhíos i láthair ag an Léamh Stáit
a thugais an tseachtain seo caite sa chathair seo.
Theastaigh uaim ceist a chur ort
le linn sheisiún na gceisteanna
ach bhíothas sa mhullach ort. Sa phub
ina dhiaidh sin, mise an té a thit
thar do mhála cáipéisí. Thaitin do shaothar
riamh liom. Óid b’fhéidir nó litir ghearr
a bheadh ina luí thart agat?

I measc ár gcuid léitheoirí
tá fir, mná is daoir.
Táimid neamhpholaitiúil.
Meabhraigh le do thoil gur spéis linn
margadh na scoileanna
mar sin seachnaímid dánta
a théann rófhada isteach i bhfochlaí,
nó rud ar bith a bheadh ag magadh
faoi do phátrún,
Ágastas. Ar eagla go stopfadh sé ár ndeontas.

Cúpla iasc ar leamhain
le linn tuilte,
nó comhairle maidir le haiku a scríobh –
rud éigin mar sin.
B’fhéidir gur mhaith leat a fhios a bheith agat
gur gheall Publius Vergilius Maro
go gcuirfeadh sé rud éigin chugainn,
ach tá sé gafa le dán fada
mar sin beidh sé tamall eile, seans.
Gura míle. Le meas,
An Rúnaí, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo.

2.
A Quintus Horatius Flaccus, a Chara,
gabhaim buíochas leat as
Óid III, XIII a chur chugainn.
Bhíos riamh ceanúil
ar an Fons Bandusiae.
Le cúnamh Dé, beidh sé i gcló
i ndiaidh an chéad eagrán eile.
Foirm shíntiúis istigh leis seo.
Gura maith agat arís. Le meas,
An tEagarthóir, New Hexameter,
Hendecasyllables roimhe seo

Sally Evans


2019-06-25

Airní

I bPáras a bhí sé ar feadh an deireadh seachtaine:
leis féin – gealtachas a bheadh ann
a mhalairt a shamhlú.

Thug sí na páistí léi ar eachtra
i dteannta cairde léi
chun airní a phiocadh – plumaí beaga géara
ó chraobhóga deilgneacha
an draighin; is fearr iad a phiocadh
tar éis don chéad sioc
na clocha a scaoileadh.

Chuirfeadh a cairde ar maos
i jin iad i gcomhair na Nollag.

Ní raibh sí in ann smaoineamh an fhaid sin chun cinn
ná smaoineamh fiú amháin
fad leis an gcéad deireadh seachtaine eile;
ná ar an stail, chomh dubh le hairne,
ar cosa in airde tamall uaithi
síos fána an ghoirt.


 Vicki Feaver    


'Sloes' from The Book of Blood by Vicki Feaver published by Jonathan Cape in 2006. 

2019-06-24

bráisléad briste

gabhadh díoltóir bráisléad
(arís) ar thraein
in Mumbai
coigistíodh na bráisléid
dearg, buí, gorm, corcra agus araile

ar a slí go dtí
stáisiún na bpóilíní
chonaic sí bogha ceatha –
bráisléad briste –
sa spéir
       gan dath

 Gabriel Rosenstock

 

broken bangle

a bangle seller
on a Mumbai train
was arrested (again)
her bangles confiscated
red, yellow, blue, purple, et cetera

on her way
to the police station
she saw a rainbow –
a broken bangle –
in the sky
       colourless
 

Gabriel Rosenstock


σπασμένο βραχιόλι

μια πωλήτρια βραχιολιών
σε ένα τραίνο της Βομβάης
συνελήφθη (ξανά)
τα βραχιόλια της κατασχέθηκαν
κόκκινα, κίτρινα, μπλε, μωβ, και άλλα
στον δρόμο
για το αστυνομικό τμήμα
είδε ένα ουράνιο τόξο -
ένα σπασμένο βραχιόλι -
στον ουρανό
                  άχρωμο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou