2019-12-07

Smaointe

Imíonn ár gcuid smaointe i ngach aon treo
Is is iomaí slí a bhíonn ag daoine:
An saor cairte ag súil le timpistí
Is an lia le mairtíreach,
An sagart le pátrún a bhfuil a phócaí lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tá fear tirim agus fean cleití
Is an uile uirlis cloiche ag an ngabha,
Lá i ndiaidh lae bíonn custaiméirí uaidh
Daoine a bhfuil airgead acu sa sparán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Amhránaí mise, m’athair ina dhochtúir,
Meileann mo mháthair plúr le cloch bhró,
Smaoiníonn gach duine ar domhan ar bhrabús
Treabhaimid ar aghaidh ar nós bó sa láib.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

Tarraingíonn capall carráiste mear,
Cad atá ón siamsóir ach gáire,
Sliotán clúmhach atá ón mbod
Agus ón bhfrog an lochán lán.
       Ar mhaithe le d’Anam, a Aigne
       Scaoil le do chuid smaointe fáin!

2019-12-06

Nádúr an duine

Faoi ghort seo
na réaltaí lasmuigh
sa sioc …… a chuireann moill
ar an bhfuil

is dorchadas sinn.

Nádúr an duine
á iompar againn
i gcliabh aeir

is barr na méar
á síneadh amach againn
go dtí guairneán …… na réaltbhuíonta

chun an rud nach bhfuil ann a bhrath

Jean Atkin

2019-12-05

An Teach Cois Farraige, Èirisgeigh

Is anseo a dhreapann an dream báite i dtír.
Ar feadh aon oíche amháin nuair a théann bád faoi

coiscéimeanna fliucha feadh an chosáin scoilte
agus istigh seasaid cois tine a mbéal ar leathadh,

a gcuid scamhóg ar crochadh ina n-ucht mar shac dúfhíona á dtriomú. Cuid acu nocht

go craiceann nite, is iad ag fiafraí díobh féin
an mó den ghealach ná den domhan anois iad –

a mhílí is atáid. Cuid acu buartha faoin bpasáiste,
cuid eile ag smaoineamh fós ar an duibheagán. Tart

millteach orthu go léir, a lámha á bhfáscadh acu
is doirtear an sáile ar fud an urláir.

Niall Campbell


2019-12-04

Cúis agus Éifeacht

Smaoinigh sé roimh an gcogadh
Ar choimhlintí, laochas, naimhde
Ba ghá a chloí;
Cúiseanna ba chóir troid ar a son.

Roimh an gcogadh níor chás leis
Spéartha geala, páirceanna, an ghrian
Theolaí, a bhean –díreach
Cúiseanna ba chóir troid ar a son.

Feicim anois tar éis an chogaidh é
Le mo linn féin. Tugaim faoi ndeara an grá
Atá aige don ghrian, spéartha geala, páirceanna, a bhean:
Cúiseanna is cóir troid ar a son.

Alan Bold


2019-12-03

Elizabeth Keith

Elizabeth Keith,
Little Mother, Japan, (1936, 5.5 x 10 in)
dún do shúile -
(an bhábóg bheag fós ina dúiseacht…)
dún anois iad!
close your eyes -
(the little doll is still awake…)
close them now!
steek yer een -
(the dallie's aye wauken…)
steek yer een nou

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
見てごらん
お人形まだ起きている
さあ見てごらん!

Leagan Seapáinise: mariko sumikura

2019-12-02

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Filiméala agus cuach ag canadh i dteannta a chéile!



can, a chuach!
an tinneas cinn atá orm
nach mór leigheasta agat

.時鳥なけや頭痛の抜る程

hototogisu nake ya zutsû no nukeru hodo