2020-05-06

Emile Bernard



trí cheo haisíse
d'ainm á scairteadh agam
m'ainmse á scairteadh agatsa
             i mboth mhacalla an chroí
             b'aon ainm amháin é

through a haze of hashish
i called Your name
and You called mine
              in the echo chamber of the heart
              they sounded as One

2020-05-05

Shiko








mé in éad leis an mailp . . .
nach álainn an duilliúr
sula dtiteann

2020-05-04

Valentine Hugo




filí a dhein machnamh ort
d'fhéach rompu chun teacht ort
is iontu féin, a ghrá geal
            rompu is iontu féin in éineacht
            an idir eatarthu áit éigin ataoi 

poets who pondered You
looked outward to find You
and inward, beloved
    looked outward and inward at once 
    are You somewhere unknown in between

2020-05-03

Dán

Cruthaíonn an grá mionbhraonta allais i d'fholt
Ar nós mháirseáil na réaltaí in uair mharbh na hoíche

Líonann an grá mo shúile, ag cuimhneamh ar d'fholt, lán deor,
Na deora seo ag lonrú ina slaoda;
Fite i mo chuid smaointe tá oíche dhorcha bháite
Ina slaoda ritheann amhráin lonracha ghrá.


Mir Taqui Mir


2020-05-01

Mangan

Rugadh inniu é, 1803
Born today, 1803


            a Róisín, cad d'imigh ort?
            is tú id' ghósta
            ag siúl tharam
           

           Róisín, what happened?
           you are as a ghost
           passing by

William Orpen



a shearc, conradh síochána á shíniú acu
cogadh fós ina gcroí
féach ionad an tsínithe
          Halla na Scáthán, Versailles
          a liacht sin scáthán, a liacht sin bréag

beloved, they sign a peace treaty
their hearts still at war
see where they sign it 
            the Hall of Mirrors, Versailles
            so many mirrors, so many lies