Táim sean anois, mearbhall orm, miotais is aguisíní go leor curtha agam le mo chuimhní. Nithe is daoine ar mheascas leo nó ar sciorras tríothu, cairdeas leamh nó gáifeach, an t-uaigneas nó an tsáinn atá ar eolas agam féin amháin, ní haon mhaith dul siar orthu ach níl leigheas air. I gcás mo leithéidese, dul amú orm, is cumha, cuimhní amháin a dhaingníonn an caisleán leochaileach istigh. I láthair na huaire, abair, braithim uaim seanchara liom, braithim uaim é ar nós uisce is talamh na ríochta seo agamsa – creimeadh mall – mé ag breathnú uaim ar an rith chun srutha.
Shíleas nach raibh leannán fágtha domsa sa saol mór Ansin is ea a thréigeas mé féin. Níl stróinséir fágtha anois ar domhan Chínn an dealg i ngach aon ní ní fhaca riamh an rós Den chruinne deineadh gairdín rósanna dealg ar bith níl fágtha De ló is d’oíche bhíodh mo chroí ag éamh N’fheadar conas a tharla sé Níl uch ná ach in aon chor uaim níos mó. D’imigh an déachas, thainig an Aontacht, bhuaileas ar an gcúlráid leis an gCara D’imigh an slua, d’fhan an tAon, níor fhan ach an tAon. Reiligiún, cráifeacht, nósanna, dea-cháil, bhínn an-tógtha ar fad leo. A Niyazi – cad d’imigh ort? Rian den reiligiún níl fágtha!
An rud nach raibh riamh ann ní fhágann ina dhiaidh id’ ghlac ach puth Is an rud atá ann níl faic ann ach smál, teip Sa chás sin, ní thig linn ach an rud nach raibh riamh ann a shamhlú Agus an rud atá ann, mar dhea, cuimhnigh nach ann dó