2021-01-30

Caoineadh

A ghaoth gharbh a chaoineann go géar
Dobrón róthrom dom’ laoithe
A ghaoth fhiáin, tá do dhú-néal
Le clos ar feadh na hoíche.
Stoirm dhuairc, cad is fiú do dheora
Coillte loma na ngéag briste
Pluaiseanna dorcha, liathuiscí
Caoinigí an éagóir choíche!

Percy Bysshe Shelley

2021-01-29

Ruknabad

Tugtar i leith a bhfuil fágtha den fhíon!
Nuair a bheimid ar shlí na fírinne
agus ar fán i bParthas
ní thiocfaimid go deo ar áit níos áille
ná an sruthán seo ar a dtugtar Ruknabad
cois ghairdíní na rós
i mbaile Shiraz.

Hafiz (1315 -1390)

Ruknabad

Bring what remains of the wine!
When we are among the departed,
swanning around in Paradise,
no sight more lovely will greet us
than this stream called Ruknabad
where rose gardens are in bloom
in the town of Shiraz.

2021-01-28

Mionléirmheas: An Víreas i bPáras

VIRUS

Grianghraif le Antoine d'Agata

Foilsitheoir: Studio Vortex, 2020 
832 leathanach
Toisí:  6¾ x 8½"
Luach: €97


Tá an leabhar seo trí thine. Focal eile ar inspioráid is ea 'tinfidh' agus 'tine' 

mar fhréamh aige. Níl ionainn ach cuimhne den Ghrian, a dúirt Cézanne, nath a luann Antoine d'Agata sa leabhar seo.
Nuair a thosaigh an phaindéim i bPáras, ghabh Antoine thart sa chathair le ceamara teirmeach agus toradh a chuid fánaíochta is ea an leabhar neamhghnách Virus.
Ghabh sé isteach in ionaid dianchúraim chomh maith agus daoine ag saothrú an bháis iontu. Is iomaí taifead a bheidh againn ar an bpaindéim amach anseo, leabhair ealaíne agus ghrianghrafadóireachta ina measc; braithim go bhfuil a áit féin tuillte cheana féin ag an bhfoilseachán suaithinseach seo.
image.

Gnáthshaoránaigh a fheictear sa leabhar seo agus daoine gan dídean. Má tá
aidhmeanna ag an ealaín - má tá feidhm léi - aidhm de na haidhmeanna agus feidhm na na feidhmeanna sin is ea oscailt súl.

Is féidir an leagan Fraincise nó an leagan Béarla a ordú anseo:...


2021-01-27

Dhá leabhar - saor in aisce! PREASRÁITEAS

 Tá dhá leabhar dhátheangacha nuafhoilsithe agam atá saor in aisce.
Is ríomhleabhair iad a d'fhoilsigh foilsitheoir filíochta i Nua-Eabhrac, Cross-Cultural Communications.
B'fhéidir go mbeadh spéis agaibh iontu:




Cén fáth a n-eiseofá leabhar saor in aisce?

Ceist mhaith! D'fhéadfá a rá go bhfuil an tomhaltachas imithe thar fóir ar fad le tamall maith de bhlianta anuas agus go bhfuil cuid againn ag iarraidh a fháil amach an bhfuil aon éalú uaidh! 

Ní staraí mé agus n'fheadar cathain a cuireadh tús leis an tomhaltachas. Déarfadh daoine áirithe go raibh sé riamh ann! Ach is ar scála tionsclaíoch atá sé anois. Tá praghas ar gach aon ní agus gach aon ní ar díol. Margaíocht is ea gach aon rud.

Aisteach go leor, nuair a thugas-sa faoi shraith leabhar a fhoilsiú ar mo chostas féin agus iad a thabhairt amach saor in aisce, bhí go leor deacrachtaí agam. Thacaigh Stanley Barkan liom i Nua-Eabhrac, sa mhéid go ndúirt sé go raibh lánchead agam iad a fhoilsiú faoi ainm a chomhlachta féin, Cross-Cultural Communications, foilsitheoirí leabhar filíochta dátheangach, ach cad a dhéanfainn ansin leis na leabhair? Iad a dhíol?


Níor theastaigh uaim iad a dhíol. Níor íocas as an inspioráid a bhí laistiar de na leabhair. Tháinig an inspioráid chugam saor in aisce. Cén fáth a lorgóinn brabús ar rud éigin a tháinig chugam mar ghrásta? Más grásta ó Dhia é an inspioráid, an bhfaighimid é ar an gcoinníoll go ndéanfaí brabús air? An bhfuil Dia gann ar airgead?

Níl an domhan in ann déileáil le tabhartas saor in aisce. Caithfear gach rud a phacáistiú agus a dhíol. Cad deirtear san amhrán Siobhán Ní Dhuibhir:

D'éirigh mé ar maidin a tharraint
Chun aonaigh mhóir
A dhíol is a cheannacht
Mar a dhéanadh mo dhaoine romham . . .

Sea, níl aon éalú uaidh is cosúil!


2021-01-26

Leigheas

Leigheas

Ní thuigeann tú gur tú féin an leigheas
Tú féin is cúis leis an tinneas - níl a fhios agat é!
Neach suarach atá ionat (dar leat féin)
Le fírinne, is mó ná an chruinne féin thú.
Is tusa an Leabhar gan cháim
Ina mínítear an Mhistéir go hiomlán.
Is tú an Eisint, croí na hEisinte . . . an Lár
Is tú an ní nach féidir a bheith ann!

Hazrat Ali (601-661)

Remedy

You are unaware: in you is the remedy
You cause this illness - you don't get it!
What a puny creature you are (or so you think)
If the truth be told, you are more immense than the universe.
You are the Book that is free of error
All the letters in it spell out the Mystery.
You are Being, the very heart of Being  . . . the Essence
You are That which cannot be!

2021-01-25

Van Gogh

The Good Samaritan, after Delacroix
Vincent van Gogh








an capall féin
bhí sé lán de chineáltas. . .
an Samárach Maith