2021-02-14

Naoi

Dulce María Loynaz (1902-1997)

 

Ón Áirc seo, mé ag útamáil liom,
scaoilim focal faoi dhéin an domhain:
eitlíonn an focal leis  . . .
is ní thagann ar ais
Dulce María Loynaz 

as Absolute Solitude

2021-02-13

Dead Flag Blues

tá an carr trí thine is níl tiománaí ar bith ag an roth
agus tá na séaraigh modartha ag neacha féinmharaithe
agus séideann gaoth dhorcha
tá an rialtas lofa
agus táimid pulctha le drugaí
an raidió ar siúl is na cuirtíní tarraingthe
gafa i mbolg an mheaisín uafásaigh seo
agus tá an meaisín ag éag is ag cur fola go tréan
thit an ghrian ina pleist
agus tá na cláir fógraí ag amharc orainn go mioscaiseach
agus na bratacha go léir marbh ar bharr na gcuaillí
is mar seo a tharla sé:
sceith na foirgnimh
bhí máithreacha is greim acu ar a gcuid naíonán sa smionagar
ag tarraingt ar a gcuid gruaige
bhí an spéirlíne go haoibhinn, trí thine,
miotal lúbtha ag síneadh in airde
ceo tanaí oráiste os cionn an uile ní
arsa mise, ‘póg mé, tá tú go hálainn –‘
is é deireadh an domhain é gan aon agó.’
rug tú greim láimhe om agus thiteamar síos
mar a bheadh brionglóid lae nó fiabhras ann
dhúisíomar maidin amháin is chuamar síos níos faide –
mar is é gleann an bháis é cinnte dearfa
osclaím mo vallait
agus is ag púscadh fola atá sí

Efrim Menuck 

2021-02-12

Tamaillín Suaimhnis

Tá cónaí ormsa in áiléar, síleáil ghiúise,
páipéar balla agus móitíf aisteach Pheirseach air,
patrún cabhartha ó na saoithe ar an mbord cois leapa,
tocht Simmons, agus gaothrán síleála ollmhór,
ag casadh de shíor - raghfá as do cholainn!
Tá scoilt mhór sa chófra,
n'fheadar, ceapaim uaireanta go bhfuil teifeach i bhfolach ann.
Cúpla printíseach sa bheár fíona iad na comharsana béal dorais,
a gcanúint féin acu, agus iad róbhéasach ar fad dá n-aois.
Níl ach balla lasmuigh den taobhfhuinneog, ach i gcaitheamh an lae
doirteann an t-uafás solais tríd an bhfuinneog dín.
Ní chodlaím sa dara leath den oíche, bíonn fonn orm
féachaint tríd an bhfuinneog dín, agus spotaí geala ceocha
a aimsiú sa spéir.

Tá sé faoi mar dá mbeinn ar ais i ndúthaigh allta Shandong.
Ghabh déagóir go fáilí suas go dtí an díon,
cuaille ina ghlac, a bhun greamaitheach chun breith ar chiocádaí
ach is ag iarraidh breith ar réaltaí a bhí sé sa spéir íseal
agus ar feadh tamaillín mheas sé nach raibh aon neach beo 
chomh gar sin do neamh.

Chen Liang
Duck Yard Lyricists a chuir Béarla air: Meifu Wang, Michael Soper, Peter Micic & Johan Ramaekers



我的住处是间阁楼,顶子是松木的
壁纸的花纹波斯般诡异
床头柜浮雕着古代的人物
床是席梦思,吊扇硕大
它的旋转会让灵魂渐渐出窍
衣柜裂了很大的缝
让我经常怀疑有人在此藏匿
隔壁住着酒号的学徒
有多种口音,一律少年老成的面孔
边窗外是遮蔽的,白天会有光
从天窗强烈地投下来
后半夜睡不沉,依稀中
我会透过天窗,努力去寻找
天上那些模糊的亮点
这时候,我似乎又回到了山东乡间
一个少年偷偷爬上屋顶
用一根粘知了的杆子
去粘那些矮的星星,那一刻
他感觉自己是离星星最近的人

2021-02-11

Sano Kosui

ar feadh uair an chloig
móid tosta . . .
préacháin
for a whole hour
a vow of silence . . .
crows
一時間
沈黙の誓い
カラスたち
fir a hale oor
a vou o seelence . . .
craws

2021-02-10

Carnival Evening, Henri Rousseau

cé nach liomsa í
bronnaim ort an ghealach lán
beir leat í de shíor
        folcadh mo chuid laoithe léi
        thaistil siad ón alltar chugat
though not mine to give
take it, please, the moon above
it's Yours forever
        these songs are washed in moonlight
        and have traveled from afar

2021-02-09

Táim tagtha chun go n-imeoinn /I've come in order to go

Ní chun socrú síos a tháinig mé anseo
I haven't come here to settle down
Táim tagtha chun go n-imeoinn
I've come in order to go
Ceannaí mé agus a lán earraí agam
I'm a merchant with many wares
Dhíolfainn le héinne a cheannódh uaim.
I'll sell to anyone wishing to buy.

Ní chun fadhbanna a chruthú a tháinig mé
I haven't come to cause trouble
An Grá a thug anseo mé
Love has brought me here
Baile maith don Chara é an Croí
There is no better home for the Friend than the Heart
Chun croíthe a thógáil a tháinig mé
I have come to build hearts
Chuir an Cairdeas seo ar meisce mé
This Friendship has made me tipsy
D'aithneodh Leannán ar bith an riocht ina bhfuilim
What Lover would not know my symptoms
Táim tagtha chun an déachas a chaitheamh uaim
I have come to exchange twoness
Agus dul as san Aon
And disappear in the One
Eisean m'Oide, mise an searbhónta
He is my Teacher, I His servant
Filiméala mé ina ghairdín.
I'm a nightingale in His garden
Tháinig mé chuig gairdín an Oide
I have come to the Teacher's garden
Le bheith sona agus bás a fháil is mé ag canadh
To be happy and to die singing
Deirtear, 'Anamacha a chuireann aithne ar a chéile abhus
It is said, 'Souls who know one another here
Aithneoidh siad a chéile thall.'
Will know one another there.'
Tháinig mé chun aithne a chur ar Oide
I have come to get to know  a Teacher
Agus chun mé féin a léiriú faoi mar atáim.
And to say exactly who I am.

Yunus Emre (1238 -1328)

2021-02-08

Smaoineamh an lae


 Ól as tobar an Fhéin agus tosaigh as an nua . . .                           

Charles Bukowski