2022-08-06

bláthanna

 


bláthanna
á bpógadh ag an ngrian . . .
mar a bheadh den uair dheireanach

flowers
embracing the sun . . .
as though for the last time

2022-08-05

Grianghraf le Jason Symes

 

 

laethanta ag dul ar aghaidh
is ar aghaidh  . . .
bruscar á charnadh

2022-08-04

Arizona

Ron Rosenstock
macallaí . . .
ag teacht is ag imeacht
ó chainneoin na haigne
echoes . . .
rising and falling
from canyons of the mind

2022-08-03

Richard Oelze

ní liom féin a bhíos
bhí scata eile ag feitheamh
scaip ráflaí go leor
        ba liomsa thú, do mheasas
        ach tá an domhan ag súil leat
i was not alone
many others were waiting
rumours abounded
        i had thought of You as mine
        no, the whole world is trembling

2022-08-02

Dornán Tanka

zombaithe fóin
ag teacht faoi mo dhéin
ar an gcosán
seasaim i leataobh
is ligim dóibh dul tharam

John Quinnett

búir na leon i gcéin
ó na machairí
guth suaimhneach m’athar
ag insint scéalta
cois tine

Maria Steyn

amach sa samhradh
sa ghairdín
díreach roimh chontráth
teagmháil le plandaí, duilleoga, blátha
teagmháil nach raibh riamh agam leatsa

Margaret Chula

gáire beag
ar nós na seanlaethanta
ansin na tiúbanna
fuil is fual iontu
is boladh lag na críne

Alan Spring

titim na hoíche
míle gé fhiáin
ag neadú sa ghiolcach . ..
léimse a lán dánta
éadóchasacha

Michael McClintock

ón bhfuinneog
féachaim ar eala
ag eitilt ón loch  . . .
log sa philiúr
ar do thaobhsa den leaba

Gavin Austin


2022-08-01

Anna Mgaloblishvili

arsa neach éigin, 'tá anáil Dé
sa ghaoth inniu . . .'
ní rud neamhchoitianta é sin
        naoimh ag siúl na sráideanna
        gnáthdhaoine mar dhea
someone said 'the breath of God
is in the wind today . . .'
such prophecy is not uncommon
        saints walking the streets
        in the guise of ordinary folk

Lá Lúnasa / 1st August


D'fhiafraíos de dhuine i bpríosún uair amháin conas a ráinig dó a bheith ann agus ar seisean, 'Ghoideas péire bróg.' Arsa mise leis, dá mbeadh sé tar éis iarnród a ghoid go mbeadh sé ina Sheanadóir de chuid na Stát Aontaithe. (Mary Harris Jones).

                                                                     

I asked a man in prison once how he happened to be there and he said he had stolen a pair of shoes. I told him if he had stolen a railroad he would be a United States Senator. 

- Mother Jones (Mary Harris Jones), schoolteacher, dressmaker, organizer, and activist (1 Aug. 1837-1930)