2022-09-30

Smaoineamh an Lae









Cé go raibh m'athair bocht - ní raibh faic aige - bhí an Tórá, filíocht na bhfáithe, mar arán laethúil aige.

Anzia Yezierska

2022-09-29

Smaoineamh an Lae

SBI, CC BY-SA 4.0,
via Wikimedia Commons
Deireadh mo dhaideo i gcónaí gurb é atá sa saol mil a lí de dhealg.

Louis Adamič 

2022-09-28

Smaoineamh an Lae

 



Íosa Críost
: nath coitianta a chuireann iontas in iúl, nó déistin, fearg nó mearbhall.
          

Chaz Bufe

2022-09-27

A bilingual limerick by Limerick bilingualist, Gabriel Rosenstock


The fascist Georgia Meloni
is a-speaking a lot of baloney
                 she a-shoots from the hip
                 when she a-opens her lip
me a-thinks that Meloni's a phoney

                         ~

an ceannaire nua Meloni
ag scaothaireacht a bhíonn sí i gcónaí
         ach tá Dia lena taobh
         (cén fáth? canathaobh?)
Is a cara mór, Silvia Berlusconi
 

Smaoineamh an Lae

Lawrence Jarach Anarchist Bookfair 2006
Cast, CC BY 3.0 , via Wikimedia Commons
Eascraíonn ainrialachas as an mbuntuiscint fhealsúnach gur modh diúltach chun
comhtháthú sóisialta a chruthú  agus a bhuanú is ea cumhacht institiúidithe agus a cur i bhfeidhm. Sainghné an ainrialachais is ea diúltú dearfa do phrionsabal agus do chleachtas an rialtais. Anuas air sin, cuimsíonn an t-ainrialachas critíc radacach ar chur i bhfeidhm an  údaráis agus na cumhachta. De bhrí go gcreideann ainrialaithe gur fearr agus gur féaráilte an bealach chun suaimhneas agus síocháin shóisialta a bhaint amach é an comhoibriu ná an iomaíocht, cuireann ainrialaithe comhoibriú deonach chun cinn, caidreamh cothromaíoch, agus comhar na gcomharsan.

Lawrence Jarach

2022-09-26

Graifítí an Lae

Má insímid bréag don rialtas, tugtar coir air sin; má insíonn an rialtas bréag dúinne, tugtar polaitíocht air sin.

Bill Murray

2022-09-25

Déan do ghreamáin féin, a deir Edith Vonnegut, agus greamaigh leat

Iníon leis an scríbhneoir Kurt Vonnegut, Jnr í Edith Vonnegut agus tá cead tugtha aici dúinn a cuid greamán ealaíonta [thíos] a chóipeáil agus iad a ghreamú de bhuidéil phlaisteacha in ollmhargaí. Cuireann buidéil phlaisteacha le bánaí í! Tá na haigéin á dtachtadh acu.

Bottle Battle

I like to make these big stickers and go into super markets and slap them on plastic water bottles made by Coca Cola, Pepsi, Nestles and other nefarious institutions that are making a fortune selling us our own water. This is what I do in my spare time. I am furious about plastic and litter clogging our land and oceans. Please feel free to join me in this fight. You may copy these stickers, print it on sticky paper, cut them out and start your own little uprising. Be stealthy and let me know how you do.