2023-01-08

Scairt an Ghaineamhlaigh

 Chomh dubh le pic, gach áit,
néalta troma ag taisteal -
ar sise, 'Cé atá ann?'
'Mise!' a deirim -
'Oscail an doras trom seo
lig isteach mé' -
tost ina dhiaidh sin ar feadh i bhfad
agus búir na gaoithe gan stad.

Munir Niazi
 

2023-01-07

Cúpla Haiku le Ikuyo Yoshimura

 
leoithne fhómhair
is séimhe mé
agus ciomónó mo mháthar orm

géag bhláfar
ón gcrann plumaí . . .
ní raghaidh sé isteach sa vása



2023-01-06

Eagarfhocal Baoth


Díreoidh mé san aiste ghairid seo ar Eagarfhocal ANEAS, Uimh. 3, curtha in eagar ag Simon Ó Faoláin, seachas ar ábhar na hirise féin. Gaoth mhór atá san eagarfhocal, dar liomsa.

Sa chéad áit, is trua nár cuireadh an t-eagarfhocal féin in eagar. Breac le botúin ghramadaí atá sé: ní chosúil in áit ní cosúil agus mar sin de. Ar aon nós  . . .

Seasadh an cnuasach filíochta Gaeilge, duanairí agus díolamaí, ar a gcosa féin, a deir Simon, agus ná cuirimis leaganacha Béarla ar fáil. Dá leanfadh sé a chomhairle féin agus a bheith neamhspleách ar fad ar an mBéarla, nach i nGaeilge amháin a bheadh seoladh na hirise, mar shampla? Ach an seoladh a thugtar ná Frank O’Connor House, Douglas Street.
 
Agus cad faoi ealaín an chlúdaigh? Easter Week an teideal atá air. An mbeadh an t-ealaíontóir Rod Tuach curtha amach go mór dá dtabharfaí Seachtain na Cásca air? Agus thiar i ndeireadh na hirise, i mBéarla breá an Rí, tá Printed in Great Britain.

Ní comhartha laige ar theanga ar bith ná ar litríocht ar bith í a chur ar fáil i dteangacha eile, go háirithe an Béarla, an lingua mundi atá ann faoi láthair. Tá sé nádúrtha go leor go lorgódh file ar bith lucht léite níos leithne dó féin agus bealach éifeachtach amháin chuige sin ná aistriúchán snasta Béarla a chur ar fáil ar a shaothar.
 
Ní ag sodar i ndiaidh na n-uasal atá filí Gaeilge ar mian leo go léifí dánta leo i dteanga dhomhanda.
 
Is mór an peaca é nach dtacaíonn Litríocht Éireann / Literature Ireland le haistriúcháin ó Ghaeilge go Béarla ach tá siad sásta airgead a chaitheamh ar Iris Murdoch a aistriú go Catalóinis, cuir i gcás, bean frith-Éireannach a bhí ina tachrán nuair a d’fhág sí Bleá Cliath le cur fúithi i Sasana:

Ag caint ar an mBéarla a bheith ina dhroichead, tógaimis mar shampla an t-eagrán reatha den iris MPT (Modern Poetry in Translation, Uimhir 3, 2022): tá dánta ann i mBéarla a aistríodh ón bPortaingéilis Mhósaimbíceach, ón nGearmáinis, ón nGaeilge, ón Iodáilis, ón Asaimis, ón Neipeailis, ón Albáinis, ón bhFionlainnis etc. etc. agus ó theangacha nár chuala mórán againn trácht orthu, an Hilgeanóinis cuir i gcás.
 
Is mór an gar dúinn go léir droichead an Bhéarla a bheith eadrainn, teanga dhomhanda a chuireann ar ár gcumas blaiseadh d’éigse na cruinne. Deir an Faolánach: ‘Fágtar filí Gaeilge nach spéis leo a bheith ag plé leis an mBéarla ar an trá fholamh gach lá.’ Bhuel, a chonách san orthu!
 
Dúirt Carol Rumens rud éigin spéisiúil faoi chúrsaí aistriúcháin sa Guardian (28 Meán Fómhair, 2007). An mbeadh Ode to a Grecian Urn scríofa ag Keats murach gur léigh sé Hóiméar agus é aistrithe go Béarla ag Chapman? 
   
Nárbh iad na haistriúcháin Bhéarla ar dhánta grá na Gaeilge a rinne an Craoibhín Aoibhinn an splanc a las an rud ar a dtugtar an Irish Literary Renaissance agus ar leath a cháil go fada fairsing laistigh d’achar gearr?

Dála an scéil, dóibh siúd nár chuala trácht ar an Hilgeanóinis, tá breis agus 9 milliún cainteoir Hilgeanóinise ann! Níl mórán acu chun Gaeilge a fhoghlaim ach is cinnte go bhfuil dornán díobh a d’fháilteodh roimh leaganacha Béarla de dhánta móra na Gaeilge.

2023-01-05

Georges Braque

sular gineadh mé
sular phéacas-sa i mbroinn
bhíos-sa, táimse ann
        ghabhas colainn dhaonna, a chuid
        chun tú a aithint arís
before conception
before sprouting in a womb
i was and i am
        i have taken a body
        to get to know You again
de dinaintea 
zămislirii rod prinzînd
am fost și tot sunt
        într-un trup am scoborît 
        să ajung iar să Te știu

Leagan Rómáinise le Olimpia Iacob
πριν τη σύλληψη
πριν φυτευτώ στη μήτρα 
ήμουν και είμαι
        έχω πάρει ένα σώμα
        ξανά να σε γνωρίσω

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise

2023-01-04

Scáil an Cheannaire Mhóir

 
Chuas chun breathnú ar dhealbh an cheannaire mhóir,
    ach bhí an lá róthe, mar sin sheasas
ina scáil.
Láithreach bonn, chuala mé cling
      srutháin.
Nuair a chuaigh mo shúile i dtaithí ar an dorchadas
    Ba léir dom garsún óg, agus a ghabhar.
Bhí iontas orm is gháir sé. Chaith sé amach an seamaide
    féir a bhí á chogaint aige, is ar sé,
Tógann sé tamall dul i dtaithí ar an dorchadas;
Feicfidh tú níos mó
   nuair a líonfar do shúile leis an bhfolús.
Tá scata againn ann
        agus a thuilleadh ag teacht i gcónaí.
Sa scáil a chaithimid an chuid is mó den lá,
    agus bogaimid thar an tírdhreach
      aniar.
Cá bhfuil an sruthán, arsa mise.
Glór na sruthán go léir a chuaigh i ndísc
   is ea é sin, ar seisean.
An taibhse atá ionat, arsa mise ansin,
   agus nuair ba léir óna shúile gur ghortaíos é,
Dúrtsa de mhonabhar nach raibh sé folláin
     a bheith ar easpa gréine. Mhaígh a ghean gáire air
agus d'ardaigh leathchos leis.
Bhí an ghrian ag taitneamh
             faoina shála.
 Is ann a bhí an féar ag fás.
 

Salil Chaturvedi



2023-01-03

Winslow Homer

táimid inár ndaoir
saothraímis dúinn féinig
ní do dhaoine eile
    cathain a bheidh saoirse ann
    is gach éinne ar comhchéim?
why work for others
when we could work for ourselves
humans, together
    when will our slavery end
    when will we all be equal?
de ce altora
să le muncim, cînd nouă,
oameni toți suntem,
     sclavia cînd va sfîrși,
     egali cînd vom putea fi?

Leagan Rómáinise le Olimpia Iacob.

2023-01-01

Ceardlann Fang Yulu

carria na maidine
carria an tráthnóna
carria na hoíche mé
        tar, a shearc, led' thruaill saighde
        táim rófhada ar strae
stag of morning
stag of evening
stag of night am i
        beloved, come and empty Your quiver
        i have roamed too far