2023-02-18

Luch

Constable

Is aoibhinn liomsa cáis
Nuair a bhíonn ocras mór orm
Cáis bhán, cáis bhuí
Agus ar ndóigh, cáis ghorm
 
Is aoibhinn liomsa cáis
Cáis Camembert
Í a ithe istigh
Nó amuigh faoin spéir
 
An cháis is fearr liom
Ná cáis Emmenthal
Nó cáis chrua chéadair
Mura mbíonn mo rogha ar fáil!
 
Ní maith liom cáis Shasana –
Stilton? Áiféiseach!
Cáis na hÉireann domsa
Nó cáis na hEilvéise!
 
Bíonn lóinín deas de ghnáth agam
Idir a dó is a trí:
Agus siesta beag ansin dom féin
Is mé lán, lán de Bhrie!
 

2023-02-17

Taibhreamh

 

Winslow Homer

Cad a taibhríodh duit, a stór?
Láir bhán
Láir bhán

Cad a tharla ansin, a stór?
Chuamar ar fán.
Tú féin is an láir?
Sea, mé féin is an láir  . . .
Mé féin is an láir bhán

Cá ndeachaigh sibh ar fán, a stór
Tú féin is an láir
Tú féin is an láir bhán?

Chuamar ar fán
Chuamar ar fán
Chomh fada leis an Spáinn
Agus as sin go dtí an Afganastáin
 

Tomás agus an Muleta


Toreador a bhí ionat, a Thomáis
agus dath dearg, ar ndóigh,
a bhí ar an muleta sin agat:
Tarbh mór muscalach an chaipitleachais
á ghriogadh agat
gan faitíos, gan náire
go lá do bháis.

Foilsithe i gComhar anuraidh. Cothrom an lae, bliain ó shin fuair Tomás Mac Síomóin bás. 

2023-02-16

Cérbh í Lakshmibai (nó Lachmi Bai)?

 

 Ealaín: Margaret White

 
 
 
Faigh amach duit féin cérbh í!
Cérbh í?
Tráth san India bhí sí ina banríon
 
Thug Sasanaigh faoi Lakshmibai a chloí
Agus throid sí ina n-aghaidh sna 1850í.
 
Bean chróga ar muin capaill, í aclaí le claíomh
Ba dheacair a heachtraí go léir a ríomh.
 
Faigh amach duit féin cérbh í!
Cérbh í?
Do throdaithe ar son na saoirse, réitigh sí an tslí.

2023-02-15

An Fear a Raibh Gúta Air

Roman Kramsztyk

 

 

 

Bhí fear a d’ith gliomach –
Gliomach, uair sa lá
Bhuail gúta an fear bocht
Sa chos is sa lámh
Thosaigh ordóg a choise
Ag at is ag at –
“Ligh mó chos! Ligh í!”
Ar seisean leis an gcat
Ó! Dá gcloisfeá ag béicíl é:
Fut fat! Fut fat!

2023-02-14

An Luch a Chuaigh i bhFolach

 

Carl Reichert,Mäuse

“Cá ndeachaigh Lucky?”
“Ní fhaca é ó am bricfeasta!”
“Lucky bocht, tá súil agam
Nach bhfuil sé gafa i ngaiste!”
 
“B’fhéidir gur i bhfolach atá sé
Is maith leis folach bíog!”
“Nó ina chodladh go sámh
Gan gíog as ná míog!
 
“Lucky! Lucky! Lucky!”
“Fuist, a amadáin!
Nó scuabfar as an tigh sinn
D’aon bhuille amháin!”

2023-02-13

Jerry Katz

Jerry Katz
gabhann sí
trí chroí na cruinne . . .
loinnir uainn féin
piercing the heart
of the universe . . .
our own light
τρυπώντας την καρδιά
του σύμπαντος . . .
το δικό μας φως

Sarah Thilykou a dhein an leagan Gréigise