2023-05-28

Eitarō Shimoyama

Eitarō Shimoyama
(1879-1935)
    oíche cheomhar
    gan dóthain pinginí
    le haghaidh caife fiú amháin

コーヒー代もなくなつた霧の夜である
kōhī dai mo nakunatsuta kiri no yo de aru

    foggy night
    not even enough money
    for a coffee

2023-05-14

Scéal Geimhridh

                  Scéal geimhridh é
 Clapsholas, dallta ag sneachta, á iompar thar lochanna,
Goirt ar snámh ón bhfeirm i gcorn na ngleannta,
Ag éalú gan phuth trí chalóga lámhfhillte,
Anáil liath na mbó sa seol go fáilí,

                         Is fuarthitim na réaltaí,
Is boladh an fhéir sa sneachta, ulchabhán i gcéin
Mar rabhadh i measc na gcaorach, is an bolg reoite
Lán de dheatach uangheal an chochaill fheirme
I ngleanntán na sreabh, foinse an scéil . . .
  

An chéad dá rann, trascruthaithe go Gaeilge ag Gabriel Rosenstock de dhán le Dylan Thomas, do Lá Dylan  (cothrom an lae ar a raibh céad léamh Under Milk Wood) - féach freisin ANSEO

2023-05-05

Cuireadh




Ba mhór ag Futa Fata thú a bheith i láthair ag Leabharlann na bPáistí, Leibhéal 4, dlr Lexicon, Dún Laoghaire, Dé Céadaoin, 17 Bealtaine ag 6.30pm le ceiliúradh a dhéanamh ar AMUIGH FAOIN SPÉIR pictiúrleabhar le Sadhbh Devlin, maisithe ag Brian Fitzgerald, agus  PÚCAÍ SCHMÚCAÍ
cnuasach dánta le Gabriel Rosenstock; maisithe ag Tarsila Krüse agus Úna Woods; ceol le John Ryan; dánta curtha i láthair ar an taifeadadh ag Sinéad Ní Uallacháin agus ag páistí Scoil Naomh Gobnait, Dún Chaoin, Co. Chiarraí.

FÁILTE ROIMH CHÁCH