Rogha Gabriel
Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
Baile
Maidir le/About
Teagmháil/Contact
Faoi Gabriel Rosenstock
About Gabriel Rosenstock
Tuairisc.ie
Íoslódálacha/Downloads
Rosenstock & Rosenstock Art
Áiteanna eile /elsewhere
2023-08-07
Zen
Ní ar Zen amháin
a mhaireann
an duine
man
does not live
by Zen alone
2023-08-06
tanka
tá meirg an fhómhair
tar éis mo chroí a chreimeadh
craplaithe atáim
dá bhféadfainn geimhriú: dhúiseodh
do sholas san Earrach mé
the rust of autumn
has eaten this heart of mine
i am much weakened
if i could hibernate now
Your light would wake me in Spring
Uiscedhath: Masood Hussain
2023-08-05
haiku
dráma dhá uair
an chloig go leith ...
nó haiku deich soicind?
Zen Monk Tanuki
2023-08-04
An Scáth
Ivar Arosenius
Bhí sé ann arís tráthnóna inné
An scáth a théann ar fán,
Tháinig sé arís tráthnóna inniu
Agus shiúil sé isteach im' dhán!
Amach amach! a deirimse
Amach leat as mo dhán!
Ó, tá go maith, a deir an scáth
Imeoidh mé mar sin - slán
2023-08-03
An Fear a Phéinteáil Bláth
Ivar Arosenius
Chuaigh sé amach gach lá
Chun bláth a phéinteáil - bláth!
Níl a fhios agam cén fáth.
Bláth beag bán
Sea, aon bhláithín beag amháin.
Bhí grá aige don bhláth
Bhí go deimhin, sea bhí . . . grá!
Níl a fhios agam cén fáth.
2023-08-02
photo haiku
Haiku: Gabriel Rosenstock
Photo: Jeffrey Logesky
níl éinne ag éisteacht . . .
kirtan ciúin
na nduilleog
nobody listening . . .
the silent kirtan
of leaves
никой не слуша . . .
тихият киртан
на листата
(Bulgarian version: Iliyana Stoyanova)
κανείς ν' ακούσει . . .
τον σιωπηλό ύμνο
των φύλλων
(Greek version: Sarah Thilykou)
nitko ne sluša. . .
tihi kirtan
lišća
(Croatian version: Tomislav Maretić)
niemand lauscht ...
dem leisen kirtan
der blätter
(German version: Jürgen Schneider)
2023-08-01
Magritte
René Magritte (1926)
do bhíos ar mo shlí
go dtí Fleadh Cheoil na hÉireann
nuair a chuas amú
níl fhios agam cá bhfuilim
ach aithním ceol na mara
i was on my way
to the Fleadh in Mullingar
and took a wrong turn
i don't know where i am now
i can hear the blue-grey sea
Neuere Posts
Ältere Posts
Startseite
Abonnieren
Posts (Atom)