2025-04-30

Cnámha Éisc

 (après Matthew Sweeney)


Cnámha éisc i mbosca bruscair bréan.

Cloigeann, cnámh droma, rubaillín - fuar.
Tiocfaidh na cait go luath.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.
 
Siar leis go dtí an t-am
a raibh sé ramhar
agus te ar phláta.
Sú líomóide, anlann,
cúpla práta.
Fear agus scian aige -
scian a sháite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
Lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis go dtí an reoiteoir
Gríscíní feola
bia reoite.

Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é gafa i líon
na n-iascairí; bhíodar séidte -
é féin agus éisc eile ina gcéadta.


Níor thaitin sé leis a bheith mar a bhí,
lán d'imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
is é ag feitheamh le brionglóidí.

Siar leis agus é ag scinneadh tríd an sáile
leis na bradáin is na smugairlí róin,
tonnta ag gáire
grian agus báisteach.

Thaitin se leis anois a bheith mar a bhí
gan aon imní.
Dhún sé na súile (nach raibh aige)
i saol na mbrionglóidí.

2025-04-28

Amhrán na gCrann

 le file den treibh Chippewa


níl eagla orm
roimh aon ní
seachas an ghaoth


2025-04-27

Toisc Mé a Bheith Bocht

 le file den treibh Kiowa


Toisc mé a bheith bocht
bím ag guí ar son gach neach beo


2025-04-26

Sri Nisargadatta Maharaj

 

Gabriel's latest essay on Academia.edu (in Irish) explores his understanding of the dynamic teachings of two of the outstanding teachers of the 20th century, Nisargadatta and Osho.

Beirt de mhórghúrúnna an 20ú haois ab ea Nisargadatta agus Osho.

Le léamh anseo:


2025-04-25

Markéta Luskačová: Brick Lane

(c) Markéta Luskačová

Brick Lane
will no one tell me
what he sings?

Brick Lane
nach n-inseoidh éinne dom
cad atá á chanadh aige?


Brick Lane
wull naebodie mou me
whit he croons?

Béarla na hAlban: John McDonald


2025-04-24

Markéta Luskačová: Learphollaigh

 

(c) Markéta Luskačová

ní linn féin atáimid
is ann
do Learphollaigh!

we are not alone
Liverpudlians
exist!


we arnae alane
Liverpudlians
exeest! 

John McDonald

2025-04-23

Lasracha Ifrinn

Ní léir dóibh lasracha leac na bpian
lasracha a chruthaigh siad
lasracha a ghríosaíonn siad
Ní fheiceann siad ach oiread páistí
mná is fir atá loiscthe ag na lasracha
 
Ní aithníonn siad bréantas na gcorpán dóite
cnámha gualaithe - á seachaint fiú ag madraí strae

Ó, féach! Éin imirce, tachta ag deatach is ag gleo
in airde leo, níos airde ná riamh san fhirmimint

 
An rud is measa ar fad, seans,
ní léir do na saighdiúirí
ní chloiseann siad
an craos tine iontu féin
 
Trí thine atá a gcroí - gan fhios dóibh
Trí thine atá a n-anam - gan fhios dóibh
ní heol dóibh go ndófaidh siad ar feadh na síoraíochta:
ní heol dóibh faic anois, faic
Ach beidh a fhios acu  . . . beidh.