Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2014-01-03
As: Günter Kunert - Agallamh an tSeanóra lena Anam
DER ALTE MANN erinnert sich: Auf einer Bank gesessen. An einem See. Sonnenuntergang. Leichte Brise zur Nacht. Mein Prinz glitt einst über das Wasser, der fürchterliche König, der Kriegsherr, unselig und einsam. Was wurde aus meinen Windspielen? Aus meinen Schnupftabaksdosen und anderen Preziosen? Aus Preußen? Aus Schlesien? Aus Potsdam? Die Wellen verebben, die Historie steht ebenso still, ein Schweigen rundum, wie du weißt. Nur die Blicke aus lebenden Leibern wissen mehr von einer unabsehbaren Geschichte fernerhin.
AN SEANÓIR is cuimhin leis suí ar bhinse. Cois locha. Fuineadh gréine. Leoithne bhog istoíche. Shleamhnaigh mo phrionsa tráth na huiscí seo anonn, an rí scanrúil, taoiseach cogaidh, mallaithe, uaigneach. Cad d’imigh ar mo chúnna? Mo bhoiscíní snaoise is an mhaoin gheal eile? Cad d’imigh ar an bPrúis? Ar an tSiléis? Ar Photsdam? Tránn na tonnta, an stair leis ina staic, an ciúnas máguaird, mar is eol duit. Stracfhéachaintí ó anamacha beo, iad sin amháin a thuigeann i gceart scéal doléite an lae amárach.