Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2014-01-25
Tríd an Aonach do Shiúil
(She Moved Through The Fair le Pádraic Colum)
Agus arsa mo ghrá liom Ó is cuma, a stór Le mo mháthair ’s le m’athair Nach bhfuil agat bó, Agus dhruid sí i leataobh Ar sise, “ Níl lá Ár bpósta i bhfad uainn, A chéad míle grá.”
Nuair a dhruid sí i leataoibh Tríd an aonach do shiúil Ó cheann ceann an aonaigh Is rug léi mo dhúil Is abhaile ansin léi Is réalta sa spéir Mar eala tráthnóinín Ar uiscí fuar’ glé.
Aréir sea do tháinig Mo leannán neamhbheo Is séimh mar do tháinig Is ní dhearna aon ghleo Agus leag a lámh orm Ar sise, ‘Níl lá Ár bpósta i bhfad uainn A chéad míle grá .”