Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2014-02-06
Ar an lá seo, 6 Feabhra,
Ar an lá seo, 6 Feabhra, 1945, rugadh Bob Marley.
Ná Goil, a Bhean Ó
No Woman No Cry
Ná goil, a bhean, ó Ná goil, a bhean, ó Ná goil, a bhean, ó Ná goil, a bhean, ó! Mar-mar-mar is cuimhin liom nuair a shuímis beirt Sa chlós rialtais úd in Trenchtown Na fimínigh á dtabhairt faoi ndeara againn – yé – Ag meascadh leis na dea-dhaoine ann – yé – Cairde maithe, ó, cuid acu faoin bhfód Ó shin, a stór, yé Sa todhchaí seo ná dearmad an t-am fadó, Triomaigh deoir’ ó inné. Yé. Ná goil, a bhean, ó Ná goil, a bhean, ó. Éé , yé! A stór mo chléibh, ná sil aon deoir Ná goil, a bhean, ó. Éé. Sea sea sea is cuimhin liom nuair a shuímis beirt Sa chlós rialtais úd in Trenchtown, yé Is lasadh Georgie tine theolaí Ó sea, connadh a’ dó feadh na hoíche, yé! Is bhíodh leite bhuí le hithe yé, Roinninn leat go fial í, yé! Níl ach cosa agam a ritheann Agus mar sin ’threabhfaidh mé tríd. Is mé amuigh – Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart Beidh gach aon ní í gcóir is i gceart, yé Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart! Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart –á Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart! Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart, yé! Beidh gach aon ní i gcóir is i gceart. Sea, ná, goil a bhean, ó Ná goil, a bhean, ó A stór mo chléibh, a stór mo chléibh, ná sil aon deoir, Ná goil, a bhean, ó. Éé. Ná goil a – ná goil a – ná goil, a bhean, ó, Ná goil a bhean, ó, Seo an curfá duit, a ghrá – A stór mo – a stóirín ó, led thoil ná sil deoir – Ná goil a bhean, ó.