Ar an lá seo, 4 Aibreán, 1846, rugadh Comte de Lautréamont: | |
“Lorgaíos anam a bheadh cosúil le m’anam féin, agus gan teacht agam air.” “Táim bréan. Táim foirgthe le míola. Na muca nuair a fhéachann siad orm, caitheann siad amach.” “Ba cheart duit ligean do do chuid ingne fás ar feadh coicíse. Ó nach aoibhinn é leanbh a tharraingt go garbh as a leaba is gan aon chlúmh ar a liopa uachtair agus na súile ar leathadh aige, iarracht a dhéanamh le do lámh teagmháil go bog lena chlár éadain agus an folt álainn aige a chuimilt le do mhéara. Ansin, gan choinne, do chuid ingne fada a shá ina ucht caoin ach deimhin a dhéanamh de nach marófaí é; mar dá gcaillfí é ní bheifeá in ann machnamh ar ball ar mhéid a fhulaingthe. Ansin a chuid fola a ól is a chréachtaí a lí; agus i gcaitheamh an ama sin, a mhaireann an tsíoraíocht ar fad, an leanbh ag caoineadh.” “-Cad air a bhfuil tú ag smaoineamh, a leanbh? - Bhíos ag smaoineamh mar gheall ar Neamh. - Ní gá duit a bheith ag smaoineamh mar gheall ar Neamh: tá dóthain anseo againn le bheith ag smaoineamh air. An bhfuil tú bréan de bheith beo, tusa atá saolaithe ar éigean? - Nílim, ach is fearr le gach éinne Neamh ná an áit seo. - Ní fearr, óm thaobhsa de. Mar ós rud é gurb é Dia a chruthaigh Neamh agus talamh, féadann tú a bheith cinnte go mbeidh an urchóid chéanna thuas ansin is atá anseo thíos. Tar éis do bháis, ní> bheidh luach do shaothair agat mar má dheintear éagóir ort ar domhan (mar a gheobhaidh tú amach ar ball) níl aon chúis nach ndéanfaí tuilleadh éagóra ort sa saol atá ag teacht.” |
Pages
▼