Frank agus na Muca
Na muca a mhúin an ceol duit
Nótaí ísle
Nótaí arda
Nótaí nach gcloiseann na muca féin
Tá breis is 200 ainm ar Éirinn
Muc Inis ceann acu
Is beannaithe í an dair
Is beannaithe dá réir sin
An mhuc a itheann toradh na darach
An dearcán
Tá tú 70
Tá tú ag iompú i do dhearcán
Mo sheacht mbeannacht ort
|