Ar an lá seo 3 Meitheamh, 1963, cailleadh an mórfhile Nâzım Hikmet Ran | |
Angina PectorisMá tá leath mo chroí anseo, a dhochtúir, sa tSín atá an leath eile leis an arm agus ár dtriall ar an Abhainn Bhuí. Agus gach maidin, a dhochtúir, gach aon mhaidin le héirí na gréine, lámhachtar mo chroí sa Ghréig. Agus gach aon oíche, a dhochtúir, agus na cimí ina gcodladh is an otharlann tréigthe stopann mo chroí ag bathlach tí in Iostanbúl. Is ansin i ndiaidh deich mbliana níl agam le tairiscint do mo mhuintir bhocht ach an t-úll seo im’ lámh, a dhochtúir, úll dearg amháin: mo chroí. Agus sin agat anois, a dhochtúir, an chúis atá leis an angina pectoris – Ní nicitín faoi ndear é, príosún ná scléaróis artaireach. Féachaimse ar an oíche trí na barraí agus ainneoin an mheáchain ar m’ucht buaileann mo chroí fós leis na réaltaí is faide i gcéin. |
Pages
▼