Ar an lá seo 31 Iúil, 1831, rugadh Helena Blavatsky. | |
“Níl aon chreideamh níos airde ná an fhírinne ann.”
“Deir na Kabalaigh nach marbh atá an té a adhlactar. Ní bhíonn an bás riamh obann; mar, de réir Heirméas, ní tharlaíonn aon athrú borb sa nádúr. De réir a chéile is ea a tharlaíonn gach aon ní agus faoi mar atá forbairt fhada de réir a chéile ag teastáil ón duine beo, bíonn gá le ham chomh maith chun go n-imeodh an bheocht as an gconablach. ‘Ní fhéadfadh an bás a bheith ina fhíor-chríoch faoi mar nach bhféadfadh an bhreith a bheith ina fíor-thús. Cruthaíonn an bhreith go raibh neach ann roimhe sin agus cruthaíonn an bás an neamhbhásmhaireacht’, mar a deir an Kabalach Francach.” [Eliphas Levi]. “Ní marbh atá an duine agus é fuar, righin, gan chuisle, gan anáil, agus fiú amháin comharthaí lobhaidh le léamh air; ní marbh atá sé agus é adhlactha, ná ina dhiaidh sin, go dtí go sroichtear pointe áirithe. Is é an pointe sin ná nuair a bheidh na baill bheatha chomh lofa sin dá séidfí anáil arís iontu nach mbeidís in ann a gcuid gnáthfheidhmeanna a chur í gcrích . . .” “I Leabhar Heirméas, Pimander, faightear go soiléir aonchiallach an teagasc go léir faoin Tríonóid a nglacann Críostaithe leis. ‘Mise an solas,’ arsa Pimander, an Smaoineamh Diaga. ‘Is mé an nous nó an mheabhair, agus is mise do dhia agus is sine i bhfad mé ná an prionsabal daonna a éalaíonn ón scáth. Síol an smaoinimh atá ionam, an Briathar soilseach, Mac Dé. Smaoinigh gurb é Verbum an Mháistir an tsúil agus an chluas ionat, agus Dia ár nAthair é sin… Aigéan neimhe, an tÉitear a ghluaiseann aniar, Anáil an Athar é, Prionsabal na beatha, an Naomhspiorad.’ Mar nílid scartha óna chéile agus is é an bheatha é a n-aontas.” |
Pages
▼