spéir gan néal
páistí ag deircínteacht
na lámha sínte amach acu
i gcás gloine
na mblaoscanna, m'aghaidh féin
frithchaite
páistí sráide
tugann mo cheamara abhaile
iad
spéir gan néal
páistí ag deircínteacht
na lámha sínte amach acu
i gcás gloine
na mblaoscanna, m'aghaidh féin
frithchaite
páistí sráide
tugann mo cheamara abhaile
iad
Ar an lá seo 31 Lúnasa, 1945, rugadh Van Morrison | |
Sa GhairdínBíonn na sráideanna fliuch de shíor: Tar éis chith shamhraidh nuair a chonac id sheasamh thú Sa ghairdín sea, sa ghairdín sea, fliuch de shíor Chuimil tú deora ded shúil is tú gruama Is d’fhéachamar ar pheitil ina luí Agus i mo shuí in aice leat bhí Buairt go trom an lá sin sa ghairdín Agus ansin tháinig tú chugainn Is ba dhuine thú lán de ríméad Is bhí d’anam a’d mar rún Agus d’oscail tú ansin is tú ar ais sa ghairdín Bhí seanleoithne ar do chuntanós Bhí solas Dé le feiceáil ar do ghrua gheal go glé Is ba gheall le sailchuach a bhí ionat I do shuí le d’athair is do mháthair, sea sa ghairdín. Is bhí leoithne an tsamhraidh ar d’aghaidh Istigh sa tsailchuach taisctear na briathra gréine Is bhíos ar ballchrith ó mo mhuineál síos go droim Do m’adhaint i lár an lae ghil is an dúlra sa ghairdín Agus bhí tú sna flaithis An aisling leanbaí ’bhí chomh mín Is chualamar na cloig sa teampall Ó, a ansacht Is bhí an óige inár láthair Samhradh síoraí a bhí sa ghairdín. Agus chuimil sé led ghrua Is luisnigh tú san athbhreith agus chuimil mé do ghrua Is bhraitheamar ’inár láthair an Críost Agus d’iompaíos chugat is ar mé: “Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide, Tusa, mise, an dúlra Agus an t-athair sa ghairdín.” Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide Tusa, mise, an dúlra Is an tAthair is an Mac agus an Naomhspiorad Sa ghairdín sea, fliuch de shíor Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide Tusa, mise, an dúlra agus an Naomhspiorad Sea sa ghairdín, sea sa ghairdín, fliuch de shíor Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide Tusa, mise, an dúlra Agus an tAthair sa ghairdín. |
Tá bratach Mheiriceá
ar an ngealach
iompaithe bán,
tuartha ag an ngrian.
Ní faic anois iad
na réaltaí, na stríoca,
brionglóid.
Lá breá gréine
is beidh gach brat tréigthe
The American flag
on the moon
has turned white,
bleached by the sun.
The stars and stripes
are nothing now,
a dream.
Some sunny day
all flags will go that way
月の上の
米国旗が
白くなった
太陽に晒されて
星や縞が
もうない
夢だ
ある快晴日
すべての旗がこうなる
La bandera americana
en la luna
se ha vuelto blanca,
desteñida por el sol.
Las estrellas y barras
son nada ahora,
un sueño.
Un día asoleado
todas las banderas se harán igual así.
Die amerikanische Flagge
auf dem Mond
ist weiß geworden,
von der Sonne ausgebleicht.
Die Stars und Stripes
sind nun nichts mehr,
ein Traum.
An einem sonnigen Tag dereinst
wird es alle Flaggen so ereilen
Η αμερικανική σημαία
στη σελήνη
έγινε λευκή,
ξασπρισμένη από τον ήλιο.
Τα αστέρια και οι ρίγες της
τίποτε δεν είναι τώρα,
ένα όνειρο.
Κάποια μέρα με λιακάδα
όλες οι σημαίες έτσι θα γίνουν
|
Ar an lá seo 30 Lúnasa, 2013, cailleadh Seamus Heaney. | ||
Agallamh leis anseo:
|
‘Is sa leabhar fós a dhéantar an ráiteas buan. Is san iris chlóite, nó sa nuachtán seachtainiúil a mhúsclaítear díospóireacht. Imíonn tuairimí an mhogallra shealadaigh mar cháithníní le gaoith. Is iad béaloideas na 19ú haoise iad, agus cé aige a raibh cuimhne orthu siúd go dtí gur scríobhadh síos iad?’ (Alan Titley)
“Tá focal scríofa agus clóite na Gaeilge chomh mór i mbaol anois agus a bhí sna blianta roimh Athbheochan thús an 20ú Aois. Táimidne a bhfuil ár n-ainm leis seo, den tuairim mheáite, gur tráth na práinne é seo. Is léir dúinn é seo gach lá dár saol, agus sinn gafa le saothrú an fhocail scríofa. Creidimid go bhfuil an litríocht scríofa a bhláthaigh de thoradh an tsaothraithe sa 20ú hAois, ar an acmhainn chultúrtha is luachmhaire dá bhfuil againn agus is lú ar baineadh leas aisti ar ardán Eorpach agus domhanda, de réir a saincháilíochtaí féin. Creidimid sa litríocht mar eiseamláir chultúir a chuireann cos i bhfeac i dteanga bheag, in aghaidh thaoidí craosacha an impiriúlachais agus an choilínithe. Creidimid go soláthraíonn an litríocht sin múnlaí agus guthanna, peirspictíochtaí agus tuiscintí, a d'fhéadfadh a bheith ina gcúnamh ag pobail eile ar fud an domhain atá ag comhrac ina dteangacha féin in aghaidh na dtaoidí ollchumhachtacha céanna. Níor mhór, dá réir sin, a bhfuil againn a chur á aistriú go Béarla i dtosach báire, agus go teangacha eile ina dhiaidh sin. Tionscadal mór, neascáfar, misniúil is gá chun freagairt do thráth seo na héigeandála. Ach tacaíocht i bprionsabal a bheith ag a leithéid seo, chuirfí plean le chéile le cur faoi bhráid an Stáit, chun maoiniú a lorg. Gheallfaimísne ár ndícheall agus ár ndúthracht, ár sainscileanna agus ár mbá. Ba ghá tacaíocht agus comhghuaillíocht an Fhorais chuige sin.”
Gabriel Rosenstock.Tomás Mac Síomóin.Doireann Ní Ghríofa.Antain Mac Lochlainn.Pádraig Ó Cíobháin.Dairene Ní Chinnéide.Ciarán Mac Aonghusa.Pádraig Ó Fiannachta.Liam Ó Muirthile.Liam Prút.Mícheál Ó hAodha.Cathal Ó Searcaigh.Ray Mac Mánais.Pádraig Mac Fhearghusa.Proinsias Mac a’ Bhaird.Áine Ní Ghlinn.Mícheál Ó Ruairc.Brian Ó Broin.Philip Cummings.Pádraic Breathnach.Pádraig B. Ó Laighin.Ailbhe Ní Ghearbhuigh.Alan Titley.
Ar an lá seo 29 Lúnasa, 1862, rugadh an Duaiseoir Nobel Maurice Maeterlinck: | |
“Táimid linn féin, linn féin go hiomlán ar an bpláinéad seo, de thaisme: agus i measc na mbeathachruthanna uile inár dtimpeall, níl oiread is ceann amháin acu, seachas an madra, tar éis comhghuaillíocht a dhéanamh linn.”
“Bíonn laigí an duine riachtanach uaireanta le haghaidh cuspóirí na beatha.” “Tá a fhios agam dá ngabhfadh na Gearmánaigh mé go lámhachfaí ar an toirt mé, óir is namhaid na Gearmáine riamh mé mar gheall ar mo dhráma Le Bourgmestre de Stillemonde a bhain le staid na Beilge le linn Fhorghabháil na nGearmánach i 1918.” Quand nous perdons un être aimé, ce qui nous fait pleurer les larmes qui ne soulagent point, c'est le souvenir des moments où nous ne l'avons pas assez aimé. “Nuair a chailltear daoine a raibh grá againn dóibh, is í an chuimhne ar na huaireanta nach raibh grá sách mór againn dóibh a spreagann na deora is goirte.” |
Ar an lá seo 28 Lúnasa, 1749, rugadh Johann Wolfgang von Goethe | |
“Gach aon lá ba chóir dúinn éisteacht le hamhrán beag amháin ar a laghad, dán maith a léamh, breathnú ar phictiúr gleoite amháin agus, más féidir, cúpla focal ciallmhar a rá.”
“Is breá liom na daoine sin a shantaíonn an rud nach féidir.” “An t-anam a fheiceann an áilleacht, ní mór dó siúl leis féin ar uairibh.” “Níl ach dhá thiomnacht bhuana is féidir a fhágáil ag ár bpáistí. Ceann acu sin is ea fréamhacha, an ceann eile, eití.” “Bíonn ceisteanna ag an bhfear aineolach atá freagartha ag saoithe míle bliain ó shin.” “Níl aon rud gan tábhacht sa saol seo. Braitheann sé ar fad ar an dearcadh atá agat.” “Is liath í gach teoiric, a chara dhil, ach is síorghlas é crann órga na beatha.” Ich singe, wie der Vogel singt Der in den Zweigen wohnet. “Canaimse mar a chanann éan A chónaíonn thuas i measc na gcraobh.” Ein echter deutscher Mann mag keinen Franzen leiden, Doch ihre Weine trinkt er gern. “An fíor-Ghearmánach níl sé in ann na Francaigh a sheasamh Ach ólann sé a gcuid fíonta le sásamh.” |
an chéad fhéileacán -
greim beag le hithe ar ball
ag préachán éigin
Ar an lá seo 27 Lúnasa, 1950, chuir an mór-scríbhneoir Cesare Pavese lámh ina bhás féin tar éis don bhanaisteoir Meiriceánach, Constance Dowling, é a obadh. Feictear an bheirt acu sa ghrianghraf seo, grianghraf a tógadh sa Róimh tamall roimh a bhás. Ceann de na dánta a chum sé di is ea an dán álainn seo thíos. Teideal Béarla atá ar an dán. Is féidir an bunleagan Iodáilise a chlos anseo. | |
Tagann tú ar ais i gcónaí ar maidinAnáil lag an mhaidneachainled bhéalsa a análaíonn ag bun na sráideanna folmha. Soilsíonn léithe do shúile, braonta milse bhreacadh an lae ar chnocáin dhorcha. Do choiscéimeanna is d’anáil mar ghaoth na maidine is tithe á bplúchadh acu. Critheann an chathair, ligeann clocha anáil – an bheatha is ea thú, dúiseacht. Réalta a cailleadh i solas na maidine, scol na gaoithe, teas, anáil – tá an oíche thart. Solas is ea thú agus maidin. |
Ar an lá seo 25 Lúnasa, 1900, cailleadh Friedrich Nietzsche. | |
“Bhí ar an duine aonair streachailt i gcónaí chun nach mbeadh sé cloíte ag an treibh. Má bhaineann tú triail as, beidh tú uaigneach go minic, agus uaireanta beidh eagla ort. Seilbh a bheith agat ort féin, áfach, ní féidir luach a chur ar an bpribhléid sin.”
An té a throideann in aghaidh arrachtaí, féachadh sé nach n-iompódh sé féin ina arracht. Agus nuair a fhéachann tú ar feadh i bhfad san aibhéis, féachann an aibhéis isteach ionatsa freisin! Wer mit Ungeheuern kämpft, mag zusehn, dass er nicht dabei zum Ungeheuer wird. Und wenn du lange in einen Abgrund blickst, blickt der Abgrund auch in dich hinein. “Cén cur amach atá ag an duine air féin? Go deimhin, an bhfuil sé in ann é féin a fheiceáil go hiomlán, faoi mar a bheadh sé leagtha amach i gcás taispeána soilsithe?” "Má chuireann duine rud éigin i bhfolach laistiar de sceach agus má théann sé á lorg ansin san áit chéanna agus má thagann sé air ansin, níl mórán faoin gcuardach is aimsiú sin atá le moladh. Ach is mar sin a sheasann cúrsaí maidir leis an “bhfírinne” a lorg agus a aimsiú i réimse an réasúin. Má chumaimse an sainmhíniú ar mhamach agus ansin, tar éis dom camall a scrúdú, má fhógraímse ‘Féach, mamach’ tá fírinne nochta agam sa tslí sin ceart go leor ach is fírinne nach fiú mórán í.” “Níl éinne in ann an droichead sin a thógáil duit ar a gcaithfidh tú abhainn na beatha a thrasnú, éinne in aon chor ach tú féin amháin.” “Is féidir daoine a chur in dhá ghrúpa inniu, mar riamh: an daor agus an duine saor. An té nach leis dhá thrian den lá dó féin, daor is ea é is cuma cad atá ann: státaire, fear gnó, feidhmeannach nó scoláire.” Wenn man viel hineinzustecken hat, so hat ein Tag hundert Taschen. "Má tá go leor agat le cur isteach ann, beidh céad póca ag an lá." Die erste Meinung, welche uns einfällt, wenn wir plötzlich über eine Sache befragt werden, ist gewöhnlich nicht unsere eigene, sondern nur die landläufige, unserer Kaste, Stellung, Abkunft zugehörige; die eigenen Meinungen schwimmen selten oben auf. “An chéad tuairim a ritheann linn nuair a chuirtear ceist orainn go tobann faoi ábhar éigin, is gnách nach í ár dtuairim féin í ach an ghnáth-thuairim a bhaineann lenár n-aicme, ár n-ionad, ár gcúlra; is annamh a shnámhann ár dtuairimí féin chun an dromchla aníos.” Was mich nicht umbringt, macht mich stärker. “An rud nach maróidh mé, déanfaidh sé níos láidre mé.” “Mhill an Chríostaíocht fómhar iomlán na sibhialtachta ársa orainn, agus níos déanaí mhill sí chomh maith fómhar iomlán na sibhialtachta Machmadaí orainn. Cuireadh faoi chois cultúr iontach na Múrach sa Spáinn, cultúr a bhí níos cóngaraí dúinn go bunúsach agus a mheall ár gcéadfaí níos mó ná cultúr na Róimhe is na Gréige.” "B’ionann ar feadh i bhfad iad an ceannaí agus an foghlaí mara. Sa lá inniu féin, níl sa mhoráltacht mharsantach ach moráltacht phíoráideach tugtha chun míneadais." Gott ist tot! "Tá Dia marbh!" Plato ist langweilig. "Tá Platón leadránach." |
Ar an lá seo 24 Lúnasa, 1899, rugadh Jorge Luis Borges | |
“Bíonn an bunsaothar mídhílis don aistriúchán.”
“Is é an t-am an tsubstaint ar díom é. Abhainn is ea an t-am a scuabann ar aghaidh mé, ach is mise an t-am; is tíogar é a mhilleann mé, ach is mise an tíogar.” “Cruthaíonn gach scríbhneoir na réamhtheachtaithe atá aige.” "B’in an chéad uair a úsáideadh an raidhfil Remington san Airgintín agus mealltar mo mhian nuair a smaoiním go bhfuil an t-ainm céanna ar an gcomhlacht a bhearrann gach maidin mé is atá ar an raidhfil a mharaigh mo sheanathair. “Aon uair a scríobhtar rud éigin i mo choinne, ní hamháin go n-aontaím leis ach braithim go bhféadfainn jab níos fearr a dhéanamh mé féin.” “An fhilíocht is fearr caithfear í a léamh os ard. . . Cuimhníonn an fhilíocht gur amhránaíocht a bhí inti an chéad lá.” “Tá daoine ann agus is ar éigean má bhraitheann siad an fhilíocht in aon chor agus is gnách gur á múineadh a bhíonn siad.” “Caithfidh an scríbhneoir – agus, creidimse, daoine i gcoitinne – féachaint ar gach rud a thiteann amach dó nó di mar acmhainn.” “Is é a bhí sna Falklands ná beirt bhlagadán ag troid faoi chíor.” “Samhlaíodh riamh dom gur cineál leabharlainne a bheidh i bParthas.” “Nós Lochlannach is ea gan an Duais Nobel a bhronnadh orm; ó rugadh mé – 24 Lúnasa, 1899 – níor bhronnadar orm í.” “Nílim cinnte an ann dom, dáiríre. Is mé na scríbhneoirí go léir atá léite agam, na daoine go léir ar bhuaileas leo, na mná go léir ar thugas grá dóibh; na cathracha go léir ar thugas cuairt orthu, mo sheacht sinsear romham . . .” |
Ar an lá seo 23 Lúnasa, 1900, rugadh Malvina Reynolds, an té a chum What Have They Done to the Rain agus Little Boxes. | |
Boscaí BeagaBoscaí beaga ’r thaobh an chnocáinBoscaí beaga déanta as ticí teaicí Boscaí beaga ’r thaobh an chnocáin Boscaí beaga, ’s ionann iad. Tá ceann glas ann, tá ceann pinc ann Ceann gorm agus buí ann, Iad go léir déanta as ticí teaicí Iad go léir is ionann iad. Is na daoine ’stigh sna tithe Do chuadar chun na hollscoile Agus cuireadh iad i mboscaí Is amach leo, ’s b’ionann iad, Bhí an dochtúir is an dlíodóir An feidhm-eannach gnó, ar ndóigh, Is gach éinne déanta as ticí teaicí Is gach éinne, ’s ionann iad. Is imríonn siad ar an ngalfchúrs’ Is ólann martini dry Is is gleoite iad na páistí Is na páistí ’dul ar scoil. Téann na páistí ’dtí an Ghaeltacht As sin chun na hollscoile, Agus cuirtear iad i mboscaí Is amach leo, ’s ionann iad. Téann na buachaillí i mbun gnó Bíonn bean acu is páistí I mboscaí déanta as ticí teaicí Iad go léir is ionann iad. Tá ceann glas ann tá ceann pinc ann Ceann gorm agus buí ann, Iad go léir déanta as ticí teaicí Iad go léir is ionann iad. |
Ar lá mo mharaithe
aimseoidh mo mharfóir is é ag ransú mo phócaí
aimseoidh sé ticéid taistil:
ticéad chun na síochána ceann acu
an ticéad eile chun na ngort is na báistí,
is ticéad eile fós chun choinsias an chine dhaonna.
A mharfóir dhil, impím ort:
ná fan, ná cuir amú iad.
tóg iad, bain leas astu.
Achainím ort: bí ag taisteal.
تذاكر سفر
وعندما أٌقتَل في يومٍ من الأيام
سيَعثُر القاتل في جيبي
على تذاكِرِ السفر:
واحدة الى السلام
واحدة الى الحقول والمطر
واحدة
الى ضمائر البشر
ارجوك الّا تُهمِل التذاكر
يا قاتلي العزيز
ارجوك ان تسافر
|
|||
Muraisc agus arís, inniu: lochán carraige |
Murrisk and today, again: a rock pool |
Leagan ard taifid (PDF) |
Ar an lá seo 20 Lúnasa, 1934, rugadh Fredy Perlman. Tá teacht ar go leor dá bhfuil scríofa aige ar líne. | |
Ar an lá seo 18 Lúnasa, 1634, loisceadh an tAthair Urbain Grandier ag an stáca. | |
Ar an lá seo 17 Lúnasa, 1887, rugadh Marcus Garvey | |
“Bígí ag faire amach dom sa ghuairneán gaoithe nó sa stoirm, bígí ag faire amach dom gach áit in bhur dtimpeall mar, le grásta Dé, tiocfaidh mé agus tabharfaidh mé liom na milliúin sclábhaithe gorma gan áireamh a cailleadh i Meiriceá agus sna hIndiacha Thiar agus na milliúin san Afraic chun cabhrú libh sa troid ar son na Saoirse, na Fuascailte agus na Beatha.”
|
Ar an lá seo, 16 Lúnasa, 1886, cailleadh Sri Ramakrishna. | |
Duine a scríobh go hómósach faoi bheatha an naoimh mhóir úd ab ea Christopher Isherwood:
Deir Ramakrishna: “Saolaítear in aisce é an té a thagann ar an saol ina dhuine, rud deacair a bhaint amach, gan iarracht a dhéanamh ar léargas a fháil ar Dhia fad agus is beo dó.” “Feiceann tú go leor réaltaí i spéir na hoíche ach ní le héirí gréine. An féidir a rá mar sin nach bhfuil réaltaí san fhirmimint i gcaitheamh an lae? A dhuine nach bhfuil in ann Dia a aimsiú i laethanta d’aineolais, ná habair nach bhfuil Dia ann.” “Ní bheidh fís Dé agat má tá siad seo ag baint leat: náire, fuath agus eagla.” “Cuimhnigh gurb é áras Dé é croí an mhóidín. Cónaíonn Sé gan amhras i ngach neach beo ach foilsíonn Sé é féin go speisialta i gcroí an mhóidín. Parlús Dé é croí an mhóidín.” “Mair sa saol seo mar éan uisce. Cloíonn an t-uisce leis an éan, ach croitheann an t-éan de é. Mair sa saol mar iasc láibe. Cónaíonn an t-iasc sa láib ach bíonn a chraiceann geal lonrach i gcónaí.” “Buail do bhosa agus ainm Dé á rá agat agus eitleoidh i gcéin uait do pheaca-éiníní.” |
Ar an lá seo 15 Lúnasa, 1872, rugadh Sri Aurobindo | |
“Beatha is ea beatha – pé acu i gcat, i madra nó i nduine í.”
“Is í an spioradáltacht ileochair aigne na hIndia. Is é an claonadh ceannasach seo san India a dhathaíonn gach gné dá cultúr.” “Ag éisteacht le daoine cráifeacha áirithe, cheapfá nach ndéanann Dia gáire riamh.” “Cruthúnas ar shochaí éagothrom nach bhfuil eagar ceart uirthi is ea an bhochtaineacht agus níl sna carthanais phoiblí ach coinsias an robálaí á mhúscailt den chéad uair is go mall.” “Tá ceithre mhór-imeacht sa stair, léigear na Traí, beatha agus céasadh Chríost, deoraíocht Krishna in Brindaban agus an t-agallamh ar pháirc Kurukshetra. Léigear na Traí chruthaigh sé Hellas, chruthaigh an deoraíocht in Brindaban an reiligiún deabhóideach (mar roimhe sin ní raibh ann ach machnamh agus adhradh), thug Críost ar an gCros an Eoraip chun na sibhialtachta, agus saorfaidh an t-agallamh in Kurukshetra an cine daonna fós.” “Ní haon fhórsa lasmuigh dínn féin é an namhaid ach ár laige féin, ár meatacht, ár saint, ár bhfimíneacht, ár maoithneachas gearr-radharcach.” “Dogma an chuid sin den reiligiún is lú tábhacht dar leis an aigne Indiach; spiorad an chreidimh an rud is tábhachtaí seachas cré dhiaga. A mhalairt i gcás aigne an Iartharaigh, an rud is tábhachtaí a bhaineann le cultas ná creideamh daingean intleachtach.” “Ní féidir an Fhírinne a dhúnadh isteach in aon leabhar amháin, an Bíobla, an Veda nó an Qúrán, ná in aon chreideamh amháin.” |
Ar an lá seo, 14 Lúnasa, 1945, rugadh Wim Wenders. | |
“Léirmheastóireacht neamhspleách ar scannáin, tá an cultúr sin imithe go huile is go hiomlán agus baineann sé sin le haois na dtomhaltóirí ina mairimid faoi láthair.”
“Cuireann siamsaíocht an lae inniu béim ar an teachtaireacht go bhfuil gach aon ní go hiontach mar atá. Ach tá cineál eile cineama ann a deir gur féidir athruithe a dhéanamh agus go bhfuil athruithe riachtanach agus gur fútsa atá sé.” “Scannán ar bith a thacaíonn leis an smaoineamh gur féidir an domhan a athrú is mór-scannán é dar liomsa.” “Dá mhéad tuairimí atá agat is ea is lú a fheiceann tú.” |
Inniu an 13 Lúnasa, Lá Idirnáisiúnta na gCiotóg. Ciotóg ab ea Carl Phillip Emanuel Bach: |
|
|
Cruthúnas BeoAgus an ghaois á leanúint acuchuir na mistéirí síoraí foirm an daonnaí ar fáil mar chruthúnas beo orthu féin. An fhaid is a bhí an braon gan teacht as an bhfarraige níorbh eol don aigéan an niamhracht atá istigh ina lár | His Living ProofThe eternal mysteries,following wisdom's lead, brought forth the human form as their living proof. As long as the drop hadn't emerged from the sea, the ocean didn't notice the depths of its splendour. |