Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2014-12-08
Bhíos tugtha don léann
le Yoka Genkaku (Yongjia Xuanjue) (665 - 713)
Bhíos tugtha don léann ó bhíos im gharsún, Ní raibh véarsa de na scrioptúir nár scrúdaíos go géar, Téarmaí agus foirmeacha agam á rangú beag beann ar thraochadh. Isteach liom san fharraige chun gráinní gainimhe a chomhaireamh - Saothar in aisce. Ansin thug an Tathagata, an Búda, thug sé amach dom
Go séimh nuair a léas: "Cad is fiú ciste na gcomharsan a chomhaireamh?" Saothar scaipthe gan mhaith ab ea gach rud go dtí sin! Dusta á shéideadh ag an ngaoth a bhí ionam leis na blianta.