File: Heinrich Hüttenbrenner
Cumadóir: Franz Schubert |
Ein Jüngling auf dem Hügel
Mit seinem Kummer saß, Wohl ward der Augen Spiegel Ihm trüb' und tränennaß. Sah frohe Lämmer spielen Am grünen Felsenhang, Sah frohe Bächlein quillen Das bunte Tal entlang; Die Schmetterlinge sogen Am roten Blütenmund, Wie Morgenträume flogen Die Wolken in dem Rund; Und Alles war so munter, Und Alles schwamm in Glück, Nur in sein Herz hinunter Sah nicht der Freude Blick. Ach, dumpfes Grabgeläute Im Dorfe nun erklang, Schon tönte aus der Weite Ein klagender Gesang; Sah nun die Lichter scheinen, Den schwarzen Leichenzug, Fing bitter an zu weinen, Weil man sein Röschen trug. Jetzt ließ den Sarg man nieder, Der Totengräber kam, Und gab der Erde wieder, Was Gott aus selber nahm. Da schwieg des Jünglings Klage, Und betend ward sein Blick, Sah schon am schönem Tage Des Wiedersehens Glück. Und wie die Sterne kamen, Der Mond heraufgeschifft, Da las er in den Sternen Der Hoffnung hohe Schrift. |
Ógánach ar an gcnocán
Is é ag déanamh bróin; Is tháinig le gach ochlán Na srutháiníní deor. Bhí uainíní ag pramsáil In aice leis an aill, An chaise is í ag damhsa Is deoir amháin níor chaill. Na féileacáin ag síor-ól As dearg-bhéal na mbláth Is néalta mar bhrionglóidí Ag fáiltiú roimh an lá. Is bhí an domhan go haerach Is ar a sháimhín só An t-ógánach mo léan géar – A chroí chomh trom le bró. Uch, clingeann an chreill bháis Sa ghráig ard is glé Is cloistear ins gach aird Macalla toll an léin. Is chonaic sé na tóirsí - An tsochraid ar an ród- Is gearr go mbeadh a Róisín Á hadhlacadh faoin bhfód. Is íslíodh an chónra Is tosnaíodh ar shluaisteáil: An chré ’bhí ann i gcónaí Ag cré arís á fáil. Is stop ansin dá éagaoin Is thosnaigh sé ag guí Go mbeadh siad beirt le chéile Go deo is go síoraí. Féach seo amach na réaltaí, An ré ag gluaiseacht léi Is chonaic sé sna spéartha An dóchas ’bhí le léamh |
Pages
▼