Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2018-07-07
Haiku le Issa ón mbliain 1826
Sa bhliain 1826, rugadh an ceimiceoir Francach Marie Pasteur
Rugadh Euseby Digby Cleaver, ministir Gallda, faoina ndúradh,
“D’fhoghlaim sé a phaidreacha a rá i nGaeilge an tráth a bhí sé an-óg agus as sin amach an fhaid a mhair sé, dob é ard-mhian a chroí an Ghaeilge d’athbheoú.”
Rugadh an file Gearmánach Josef Victor von Scheffel
Rugadh an péintéir Francach Gustave Moreau
Rugadh Stephen Foster, “athair an cheoil Mheiriceánaigh”
Rugadh Carlo Collodi, údar Pinocchio
Cailleadh an cumadóir Bascach Arriaga
Cailleadh an file Donncha Woulfe:
“Rachadsa ar luas Go Ceanada suas . . .”
Cailleadh Johann Heinrich Voss, aistritheoir agus file
Cailleadh Joseph Holt, treallchogaí Éireannach
Cailleadh Carl Maria von Weber, cumadóir Gearmánach
Cailleadh Peadar Ó Conaill, foclóirí
Cailleadh an tAthair Uilliam Mac Gearailt, file
Agus sa bhliain 1826, chum Issa an haiku seo:
.じくなんで茨をくぐる蛙哉
jikunande ibara wo kuguru kawazu kana
ag gabháil trí dhriseacha an cholainn á ceansú aige . . . frog