Sleachta as saothar Ghabriel Rosenstock
Extracts from the works of Gabriel Rosenstock
Pages
▼
2019-02-21
An Chloch Ghorm
Lonraíonn an chloch ghorm ar m’fháinne le tart domhúchta. Is eagal liom gur lá mar seo a bheidh i lá mo bháis. Mar i bhfad ó shin, bhí feallmharfóir agat mar namhaid; maireann tú id’ rós agus dealga thart timpeall ort. Agus mise, im’ litir a chuaigh amú, tagtha go dtí an seoladh mícheart.