Pages
▼
Haiku le Issa ón mbliain 1813
Cad a bhí ag titim amach in Éirinn sa bhliain 1813?
- Troideadh Cath Gharbhachaidh.
Canann Dílseoirí amhrán páistiúil mar gheall air i gcónaí:
- Phéinteáil Joseph Peacock an pictiúr cáiliúil seo: lá pátrúin i nGleann Dá Loch.
- Rugadh Benjamin Lett, buamadóir, crá croí na mBriotanach!
- Rugadh Isaac Butt:
John Butler Yeats a dhein an phortráid seo den Bhuttach.
Idir an dá linn, thall sa tSeapáin, chum Issa an haiku seo a leanas:
m'aird go hiomlán
anois air...
contráth fómhair
.今に成つて念入て見る秋の暮
ima ni natte nen irite miru aki no kure